An Hamstar

An 12ú Aibreán, 2024


Táimid ag tarraingt ar lár mhí Aibreáin anois agus is í mí Aibreáin ‘Mí na bPeataí’. Ag an am seo bliana, tugtar aird ar na peataí agus ar an chúram cheart a thabhairt dóibh. Inniu, tá lá speisialta ann do chineál peata amháin - an Hamstar.


Tá an hamstar ar an liosta de na 10 bpeata is coitianta a bhíonn ag daoine’ (i Meiriceá agus san Eoraip) le thart faoi 50 bliain anuas. Agus tá sé furasta a thuiscint cad chuige a mbeadh dúil ag a lán daoine sa pheata seo.


🐹 Tá siad beag. Ní ghlacann siad mórán spáis sa teach agus ní itheann siad cuid mhór bia.


🐹 Tá sé furasta go leor aire a thabhairt dóibh. Níl uathu ach bia, uisce agus cás glan le cónaí a dhéanamh ann.


🐹 Is maith leo comhluadar agus a bheith ag súgradh. Mar sin, thig leat craic mhaith a bheith agat le do hamstar.


🐹 Bíonn fionnadh bog, clúmhach orthu - foirfe don pheataireacht!


🐹 Is léir gur peata é seo a choinníonn a lán daoine nuair atá emoji ann dó go fiú!


Tá 18 gcineál hamstar ann, ach is é an Hamstar Órga an cineál is mó a choinnítear mar pheata. Tháinig an cineál sin ón tSiria i dtús báire, tír sa Mheán-Oirthear atá measartha cóngarach d’Iosrael agus don Phalaistín.

(léarscáil de na tíortha atá sa Mheán-Oirthear)


De ghnáth, ní bhíonn na hamstair fhiáine le feiceáil sa lá, ar eagla go bhfaigheadh ainmhithe móra greim orthu. Is fearr leo teacht amach sa chlapsholas nó ag breacadh an lae.

(Bíonn roinnt solais le feiceáil ag breacadh an lae agus ag an chlapsholas, ach ní bhíonn sé geal.)

 

Úsáideann na hamstair a leicne mar chineál pócaí. Thig leo na leicne a shíneadh le cuid mhaith a chur isteach iontu. Mar shampla, thig leo bia, ábhar leapa agus fiú a gcuid babaithe a iompar sna ‘pócaí’ seo.

(Tá an hamstar seo ag stóráil bia ina leicne. Is é sin an fáth a bhfuil cuma mhór orthu.)


Is maith le hamstair bheith ag rith thart agus ag fiosrú an cheantair ina mbíonn siad. Nuair a bhíonn siad beo san fhiántas, thig leo rith suas le 5-7 míle gach oíche! Is é sin an fáth ar cruthaíodh an ‘roth hamstair’ le deis a thabhairt do na peataí seo aclaíocht a fháil agus iad i spás atá i bhfad níos lú ná mar a bheadh acu san fhiántas.


Le ple nó le déanamh

An bhfuil hamstar agat? Cad é do bharúil air mar pheata?


An bhfuil peata de chineál éigin eile agat? Cad é atá ann? Smaoinigh ar an aire a thugann tú do do pheata. Do bharúil, an bhfuil sé níos fusa nó níos deacra aire a thabhairt do do pheata i gcomparáid le hamstar?


Fiosraigh fíricí faoin hamstar agus scríobh tuairisc faoi.


Aimsigh an tSiria ar léarscáil an Domhain.


Déan díospoireacht ranga: Ar cheart do dhaoine an hamstar a choinneáil mar pheata?


Déan plé ranga - cad iad na peataí eile atá ar an liosta de na ‘10 bpeata is coitianta a bhíonn ag daoine’. Mar ghrúpaí, cuir iad in ord ón chineál peata is coitianta ag uimhir 1 go dtí an cineál peata is neamhchoitianta a bhíonn ag daoine ag uimhir 10. An aontaíonn gach grúpa ar an ord céanna?



baruil