Táimid ag dul sa treo ceart!

An 10ú Aibreán, 2024

An tseachtain seo, tháinig tuairisc amach a léiríonn go bhfuil an Eoraip ag déanamh dul chun cinn maith i dtreo na spriocanna atá acu maidir le ‘fuinneamh glan’. 

Tá an Eoraip ag úsáid níos mó ‘fuinneamh glan’ lena cuid leictreachais a ghiniúint


D’fhoilsigh grúpa darb ainm ‘Ember’ an tuairisc ar an ghiniúint leictreachais san Eoraip i mí Eanáir agus i mí Feabhra. Fuair siad amach, den chéad uair riamh, gur tháinig 60% den leictreachas uilig a gineadh san Eoraip ó fhoinsí ‘glana’ fuinnimh.

Stáisiún cumhachta guail a chuireann dé-ocsaíd charbóin isteach san atmaisféar


Go traidisiúnta, dhóigh daoine gual nó gás le leictreachas a dhéanamh. Ach tá a fhios againn anois nach bhfuil sé seo maith, ar go leor bealaí. Ar an chéad dul síos – níl an gual ná an gás in-athnuaite – rithfidh muid amach astu, lá éigin. Ach rud is measa ná sin, ná go dtéann a lán truaillithe isteach san atmaisféar nuair a dhóimid gual nó gás, dé-ocsaíd charbóin go háirithe. Cuireann an dé-ocsaíd charbóin seo leis an athrú aeráide. Sin an fáth a ndeir muid nach ‘fuinneamh glan’ é gual agus gás. 

Is ‘gás ceaptha teasa’ í dé-ocsaíd charbóin – ní ligeann sí don teas éalú as an atmaisféar agus cuireann sé seo leis an téamh domhanda agus leis an athrú aeráide


Mar sin, mura bhfuil gual agus gás glan, cad is fuinneamh glan ann? Bhuel, ar an drochuair, ní aontaíonn gach duine faoi sin. Tá go leor grúpaí timpeallachta ag gearán faoi na cineálacha fuinnimh a chuireann Ember (agus na rialtais san Eoraip) san áireamh sa chatagóir fuinneamh glan.


Is fuinneamh in-athnuaite atá sa bhithmhais agus cuireann an próiseas seo níos lú gáis amach ná mar a ghlacann sé isteach, mar sin de, deir muid gur fuinneamh glan atá ann. Cuidíonn na ba linn a chinntiú gur fuinneamh in-athnuaite atá ann!


Monarcha fuinnimh uisce sa Ghearmáin – fuinneamh glan agus fuinneamh in-athnuaite


Tá an fuinneamh in-athnuaite ann go cinnte. Sin rudaí nach rithfidh muid amach astu choíche go deo agus a dtig linn iad a úsáid le leictreachas agus teas a ghiniúint. An ghrian, tonnta na farraige, cumhacht an uisce in aibhneacha agus go fiú an fuinneamh a thig linn a fháil ó chac ainmhithe feirme. Fuair Éire agus an Phortaingéil moladh mór sa tuairisc mar gheall ar an ghaoth (muidne) agus ar chumhacht na dtonnta (an Phortaingéil) a d’úsáid siad le leictreachas a ghiniúint.

Ach cuireann go leor rialtas san Eoraip an fuinneamh núicléach san áireamh sa chatagóir ‘fuinneamh glan’. Agus sa chéad dá mhí den bhliain, is ón fhuinneamh núicléach a tháinig an chuid is mó den ‘leictreachas glan’ a ghin an Eoraip.


Deir daoine go bhfuil an fuinneamh núicléach ‘glan’ mar nach gcuireann sé dé-ocsaíd charbóin amach san atmaisféar. Mar sin, ní chuireann sé leis an athrú aeráide. Tá sprioc ag an Eoraip an méid dé-ocsaíde carbóin a chuireann siad amach a laghdú go mór faoin bhliain 2030. Faoi láthair, níl go leor tuirbíní gaoithe ná tuirbíní farraige ná monarchana bithmhaise lenár gcuid leictreachais ar fad a fháil as fuinneamh in-athnuaite. Mar sin de, níl an dara rogha againn, dar leis na rialtais, ach an fuinneamh núicléach a úsáid.



Cruthaíonn an fuinneamh núicléach a lán teasa!


San fhuinneamh núicléach, déantar adaimh úráiniam a scoilt. Nuair a tharlaíonn sé seo, gintear cuid mhór teasa agus thig linn an teas seo a úsáid le leictreachas a dhéanamh. Bíonn fíorbheagán úráiniam de dhíth le cuid mhór leictreachais agus fuinnimh a ghiniúint. Rud eile, deir roinnt eolaithe go bhfuil go leor úráiniam ann ar domhan le leictreachas a dhéanamh don domhan ar fad go ceann na mílte bliain.

An dtig linn a rá gur fuinneamh glan atá ann má chruthaíonn an próiseas seo dramhaíl radaighníomhach?


Ach an buaireamh is mó a bhíonn ar dhaoine faoin chumhacht núicléach ná an dramhaíl radaighníomhach a thagann amach as an phróiseas. Tá sé seo thar a bheith contúirteach, agus déanann sí dochar mór do shláinte daoine agus ainmhithe, mura stórálaimid mar is ceart í.


Le plé, le déanamh

⚡ Cén fáth a bhfuil an ‘fuinneamh glan’ tábhachtach, i do bharúil?

⚡ ‘Scriosann tuirbíní gaoithe an chuma a bhíonn ar chnoic agus sléibhte na hÉireann.’ Cad é do bharúil ar an ráiteas sin?

⚡ Má ghearraimid síos ar an mhéid leictreachais a úsáidimid, beidh sé níos fusa ag an rialtas a gcuid spriocanna maidir leis an athrú aeráide a bhaint amach. Mar rang, déanaigí liosta de bhealaí ina dtiocfadh linn an méid leictreachais a úsáidimid a laghdú.

⚡ Fuinneamh núicléach – glan nó salach? Cad é do bharúil?


baruil