Ní raibh an ceol sa DNA ag Beethoven…

An 9ú Aibreán, 2024


Tá eolaithe i ndiaidh scrúdú a dhéanamh ar DNA ón chumadóir ceoil iontach clúiteach, Ludwig van Beethoven. Tá na torthaí a fuair siad óna gcuid oibre thar a bheith suimiúil – dar leo nach bhfuair sé bua an cheoil óna thuismitheoirí!

Ludwig Van Beethoven, cumadóir ceoil a mhair ó 1770 – 1827


Bhí na heolaithe, a bhí ag obair i Meiriceá, sa Ghearmáin agus san Ísiltír, ábalta sampla de DNA Beethoven a fháil ó ribe dá chuid gruaige. 

Nuair a fuair Beethoven bás in 1827, ghearr ceoltóir óg, 15 bliana d’aois, píosa dá chuid gruaige agus choinnigh é i loicéad airgid. Tá an ghruaig go fóill ann inniu.

 

Bhí na heolaithe ábalta scrúdú a dhéanamh ar an DNA sa ghruaig


Cad is DNA ann?

Tá an DNA mar a bheadh leabhar cócaireachta ann agus é líon lán oideas le gach uile chuid den chorp a dhéanamh

Tá DNA sórt cosúil le cód nó plean do do chorp. Thiocfadh leat a rá go bhfuil sé cosúil le leabhar cócaireachta, agus cuid mhór oideas difriúil ann a bhaineann le gach uile chuid de do chorp. Tá oideas ann don dath gruaige a bheas ort, mar shampla, agus oideas do dhath na súl. Bheadh oideas eile ann a bhaineann le cé chomh hard is a bheas tú. 

Faigheann tú géinte ó do thuismitheoirí agus is iad na géinte a dhéanann an DNA


Tá do chuid DNA déanta de ghéinte. Faigheann tú leathchuid de do ghéinte ó do mhamaí agus an leathchuid eile ó do dhaidí agus tagann na géinte seo le chéile le do chuid DNA féin a dhéanamh. Mar sin, sin an fáth a bhfuil codanna de do chorp cosúil le do mhamaí, agus codanna eile cosúil le do dhaidí.


Rinne na heolaithe scrúdú ar phíosa amháin de DNA Beethoven a bhaineann leis an chumas an buille ceart a choinneáil sa cheol. Dar leo go mbaineann an DNA seo le bua na ceolmhaireachta.  Chuir siad DNA Beethoven i gcomparáid le samplaí de DNA a bhí bailithe ó na mílte mílte ceoltóir eile atá beo sa lá atá inniu ann. Bhí scór ard ag DNA na gceoltóirí seo maidir leis na géinte a bhaineann leis an cheolmhaireacht (tugann na heolaithe scór polaigéineach air seo).

Bhí na heolaithe ábalta staidéar a dhéanamh ar phíosa amháin den DNA. (Ní fíorphictiúr é seo – bheadh micreascóp de dhíth ort le hamharc ar DNA.)


Cuireadh iontas an domhain ar na heolaithe nuair a chonaic siad nach raibh scór ard polaigéineach don cheolmhaireacht in DNA Beethoven. Ciallaíonn sé seo nach raibh na géinte ceolmhaireachta seo ag a thuismitheoirí. 

Tuismitheoirí Ludwig – Johann agus Maria. Ní raibh na géinte ceolmhaireachta acusan ach an oiread


Mar sin, cé go bhfuil a fhios againn go raibh bua an cheoil ag Beethoven – bhí sé ar dhuine de na ceoltóirí ba chlúití riamh – ní raibh sé sin le feiceáil óna chuid DNA. Caithfidh sé gur thóg agus gur fhorbair Ludwig van Beethoven a chuid scileanna ceoil féin uilig agus é ag fás aníos.

Chruthaigh Beethoven don saol mhór go raibh bua an cheoil aige – is cuma faoina chuid DNA


Deir na heolaithe go bhfuil sé seo tábhachtach, nó léiríonn sé dúinn nach dtig linn tuartha a dhéanamh faoi na buanna a bheas ag páistí, bunaithe ar a gcuid DNA. Faigheann páistí a lán tréithe agus buanna óna dtuismitheoirí, ach thig leo go leor buanna agus scileanna dá gcuid féin a thógáil agus a fhorbairt fosta.

Tá go leor daoine ann go ndéanann cleachtadh máistreacht – is cuma faoin DNA!


Le plé agus le déanamh


🎶 Amharc ar na trí sheanfhocal seo…


Is treise an dúchas ná an oiliúint…

Briseann an dúchas trí shúile an chait…

Mar a bhíonn an cú mór, bíonn an coileán…


  1. Mar rang, nó le cara, déan plé orthu agus déan iarracht a fháil amach cad é a chiallaíonn siad.
  2. I ndiaidh duit an t-alt seo a léamh, cad é do bharúil ar na seanfhocail seo anois?


🎶 An bhfuil aon scil ann ba bhreá leatsa a thógáil agus a fhorbairt – an ceol, mar shampla? Cad é a thiocfadh leat a dhéanamh le cuidiú leat é seo a bhaint amach?


🎶 Is ceist mhór í an cheist ‘dúchas nó oiliúint’ – cad é an rud is tábhachtaí a imríonn tionchar ar an chineál duine a bheas ionat agus tú i do dhuine fásta – do dhúchas (na tréithe a fuair tú ó do thuismitheoirí agus ó do sheantuismitheoirí srl.) nó an oiliúint a fhaigheann tú (tionchar ón dóigh ar tógadh tú, ó na cairde a bhíonn agat agus ó na rudaí a fheiceann tú agus a fhoghlaimíonn tú sa saol). Cad é do bharúil féin ar an cheist seo?


🎶 ANOIS…má deir muid leat gur amhránaí, ceoltóir agus múinteoir ceoil é Johann van Beethoven (athair Ludwig) agus gur amhránaí agus stiúrthóir ceoil é seanathair Ludwig, Lodewijk van Beethoven – an athraíonn sin d’intinn arís faoin díospóireacht sin?


Pictiúir
Beethoven ar leaba a bháis – léaráid le Josef Danhauser trí Wikimedia Commons, san fhearann phoiblí.
Tuismitheoirí Beethoven le ​​Benedikt Beckenkamp trí Wikimedia Commons, san fhearann phoiblí

baruil