Lá an Aonbheannaigh

An 8ú Aibreán, 2024


Táimid measartha cinnte nach bhfaca tú aonbheannach riamh. Measartha cinnte nó deirtear nach ann do ‘na hainmhithe’ seo. Cé gur ainmhí na fantaisíochta é an t-aonbheannach, tá greim mór aige ar ár samhlaíocht. Agus tá lá speisialta ag an aonbheannach, an lá inniu, an 9ú Aibreán.

Na Sean-Ghréagaigh

Ní inniu ná inné a thosaigh daoine ag caint ar an aonbheannach. Téann scéalta faoi aonbheannaigh siar na mílte bliain, chomh fada siar leis na Sean-Ghréagaigh. Ag an am sin, chreid na Sean-Ghréagaigh gur chónaigh na haonbheannaigh i bhfad ar shiúl i dtír an iontais. Níor chreid siad gur ainmhí deas a bhí ann a raibh tuar ceatha ar a mhuineál ach gur ainmhí fíochmhar contúirteach a bhí ann.

An Mheánaois

Sa Mheánaois, tháinig athrú ar an dearcadh sin. Shíl na daoine ag an am gur ainmhí iontach deas a bhí ann a bhí láidir agus a chuidigh le daoine. Siombail den ghrá a bhí ann. Tá rud ar leith ag an aonbheannach – is é sin go bhfuil aon bheann, nó adharc, aige ag fás as a cheann! San am roimh an cheamara, b’fhéidir gur chuala daoine scéalta faoin srónbheannach agus ainmhithe eile agus gur mheasc siad iad uilig le chéile.

Srónbheannach

Sa lá inniu, tá an t-aonbheannach le feiceáil i scannáin agus i leabhair, i scéal Eilís le Lewis Carroll agus, ar ndóigh, i scéal Harry Potter. Fiú bréagáin ‘My Little Pony’, tá siad bunaithe ar aonbheannaigh.

I rith an ama, bíonn draíocht ag baint leis an aonbheannach agus tá an lá speisialta ann dó le giota beag den draíocht sin a spré thart. Is rud maith é, in amanna, bheith ábalta díriú ar rud draíochta mar an t-aonbheannach le cuidiú linn nuair a bhíonn rudaí ag éirí deacair.


Le déanamh:

In bhur ngrúpaí, déanaigí liosta de gach rud a luaitear aonbheannach iontu. Scéal, scannán, amhrán, cartún nó a leithéid. Cén grúpa a fuair an liosta is mó?


Cum ainmhí nua duit féin agus déan pictiúr de. Is féidir leat píosaí d’ainmhithe éagsúla a chur le chéile nó is féidir leat rudaí nua a chumadh. Nó cad é faoi chibearg a chumadh – sin rud beo atá leath ina ainmhí agus leath ina róbat. Má chumann tú rud maith, iarr ar do mhúinteoir é a chur chugainn ag seomranuachta@aisaonad.org agus cuirfidh muid na cinn is fearr ar an Seomra Nuachta.


Tá suíomh ann (ach i mBéarla amháin) ar féidir é a úsáid le baill ainmhithe éagsúla a chur le chéile mar chréatúr nua (https://switchzoo.com/newzoo/zoo.htm ).



baruil