FÍRICÍ CÁSCA…AGUS SEACLÁIDE

An 28ú Márta, 2024


Cá mhéad eolais atá agat féin ar an Cháisc, agus ar an bhia mhilis a ithimid ag an tráth seo bliana – fiosraigh na ceisteanna seo thíos…

 

 


1

Fíor nó bréagach – Is í an Cháisc an dara féile Chríostaí is tábhachtaí sa bhliain? 

 


Bréagach – is í an Cháisc an fhéile is tábhachtaí ag na Críostaithe.

Creideann Críostaithe go bhfuil an Cháisc níos tábhachtaí ná an Nollaig

 

Fuair Íosa bás ag an Cháisc ach ansin, d’éirigh sé ó na mairbh. Léiríonn sé seo do Chríostaithe go bhfuil Íosa agus Dia níos láidre ná an bás agus go dtig le gach duine bheith beo go deo ar Neamh.

D’éirigh Íosa ó na mairbh ag an Cháisc

 

Tá na heaglaisí Críostaí rud beag buartha faoin mhéid daoine nach ndéanann ceiliúradh ar an taobh reiligiúnach den Cháisc na laethanta seo agus ar an mhéid daoine nach bhfuil eolach ar scéal Críostaí na Cásca. Mar shampla, nuair a cuireadh ceist ar pháistí i Sasana faoin Cháisc – shíl 28% de pháistí go raibh ról ag an ghiorria agus an toirtís i scéal na Cásca! 

Chreid a lán páistí i Sasana go raibh ról ag an Ghiorria agus an Toirtís, ón fhabhalscéal clúiteach, i scéal na Cásca

 


 2

Bíonn uibheacha Cásca againn ag an Cháisc mar…

Fuair Íosa ubh dá bhricfeasta nuair a d’éirigh sé ó na mairbh maidin Dhomhnach Cásca

Ní raibh milseáin ann nuair a bhí Íosa beo, fuair páistí uibheacha nuair a bhí siad maith

Is siombail í an ubh de bheatha nua

 

 


C – Is siombail í an ubh de bheatha nua


Is siombail í an ubh de bheatha nua, sin an fáth a bhfuil ceangal aici leis an Cháisc

 

Sa seanam, d’úsáid daoine uibheacha gé, lachan agus circe

Phéinteáil daoine na fíor-uibheacha seo

 

Is siombail í an ubh de bheatha nua agus tá baint aici leis an Cháisc le fada an lá. Sna meánaoiseanna i Sasana, phéinteáil daoine uibheacha circe, lachan nó gé. Sa bhliain 1290, chaith an rí Éadbhard I 1800 pingin ar 450 ubh! Cuireadh péint óir orthu agus tugadh amach mar bhronntanais iad.

 

Ba é an comhlacht seacláide Fry a rinne an chéad ubh sheacláide in 1873. Is ubh sheacláide sholadach a bhí ann agus bhí sí déanta de sheacláid dhorcha (ní raibh seacláid bhainne ann go dtí an bhliain 1875!).

Ba é an comhlacht Fry's a rinne an chéad ubh Chásca sheacláide riamh in 1873 (baineann an fógra seo le 1934


3

Cá mhéad ubh Chásca a itheann Éireannaigh gach bliain? 

1 mhilliún

8 milliún

20 milliún

 

 

 

C – Itheann Éireannaigh chóir a bheith 20 milliún ubh gach bliain!

Itheann Éireannaigh thart ar 20 milliún ubh Chásca gach bliain!


Itheann Éireannaigh thart ar 20 milliún ubh Chásca gach bliain! Nuair a cuireadh ceist ar dhaoine anuraidh, dúirt 30% de dhaoine go gceannaíonn siad 8 n-ubh seacláide, nó níos mó, gach bliain. Dúirt duine amháin as gach deichniúr daoine go gcaitheann siad níos mó ná €50 ar uibheacha ag an Cháisc. Dea-scéal do na comhlachtaí uibheacha, ar ndóigh, ach níl a fhios againn cén bharúil atá ag dochtúirí nó fiaclóirí na tíre ar an scéal!

Tá na comhlachtaí seacláide sásta faoi seo ach cad é faoi na fiaclóirí?

 

Dream eile nach bhfuil sásta faoi seo ná lucht na timpeallachta. Téann an méid uibheacha a ithimid suas gach bliain agus, mar sin, téann an méid pacáistithe a bhíonn ann suas fosta. Dúirt chóir a bheith ⅔ d’Éireannaigh nach smaoiníonn siad ar an phacáistiú nuair a cheannaíonn siad ubh, bíonn siad níos buartha faoin chineál seacláide atá ann!

Tagann gach aon ubh i bpacáiste dá chuid féin

Creid é nó ná creid, tá Éire sa tríú háit ar domhan ar liosta na dtíortha ite seacláide is mó! Itheann an gnáth-Éireannach 7.4kg de sheacláid gach bliain (tá an Ghearmáin sa 2ú háit le 7.9kg agus an Eilvéis sa 1ú áit le 9kg!) 


4

Osclaíodh an chéad mhonarcha seacláide in Éirinn sa bhliain 1657 – fíor nó bréagach?

 

Bréagach – osclaíodh an chéad mhonarcha seacláide i Sasana in 1657. Ní raibh monarcha sheacláide in Éirinn go dtí 1919 agus osclaíodh í ar an Urnaí i gContae Thír Eoghain.

‘Urney Chocolates’ as Contae Thír Eoghain a d’oscail an chéad mhonarcha seacláide in Éirinn

 

Bean darbh ainm Eileen Gallagher a thosaigh an comhlacht ‘Urney Chocolates’ le poist a chruthú do mhuintir na háite le nach n-imeodh siad thar sáile go Meiriceá.

Cuid den tseacláid a rinne Urney Chocolates

Roimh i bhfad, bhí orthu monarcha nua a oscailt i mBaile Átha Cliath

(Pictiúir de Urney Chocolates le Leabharlanna Chontae Átha Cliath Theas trí Cheadúnas Sannta Neamhthráchtála CC 1.0)

 

Téann stair na seacláide in Éirinn níos faide siar, áfach. 

Nuair a smaoinímid ar sheacláid anois – is rud soladach a bhíonn ar intinn againn ach níor éirigh an tseacláid sholadach coitianta go dtí an bhliain 1847 nuair a rinne an comhlacht J.S. Fry and Sons an chéad bharra seacláide riamh.

Rinne Fry's an chéad bharra seacláide riamh…

 

Roimhe sin, is deoch a bhí sa tseacláid níos minice ná rud ar bith eile agus deirtear gur Éireannach darbh ainm Hans Sloane as contae an Dúin a chruthaigh an tseacláid óil

Hans Sloane as Contae an Dúin

 

Ba luibheolaí é Hans (saineolaí plandaí) agus deirtear gur úsáid an comhlacht Cadbury oideas Hans sa chéad seacláid óil s’acu féin!

Seacláid the – is seacláid óil í seo mar go n-ólann tú í!


Creidiúintí

baruil