Lá Pi – 𝝅𝝅𝝅

An 12ú Márta, 2024


Seo Lá Pi ach níl baint ar bith ag an lá seo le pióg!


An raibh a fhios agat go dtugann daoine ‘Lá Pi’ ar an lá inniu? Is nós Meiriceánach atá ann ach ní bhaineann sé le pióga, ar chor ar bith! Is lá é seo a bhaineann le huimhir thar a bheith speisialta sa mhata. Tugaimid Pi ar an uimhir seo. Úsáideann matamaiticeoirí Pi le himlíne ciorcail a oibriú amach.

Is uimhir speisialta í 𝝅 (nó Pi) sa mhata nó cuidíonn sí linn agus muid ag obair le ciorcail


Go dtí dhá ionad de dheachúlacha, tá Pi cothrom le 3.14. Nuair a bhíonn siad ag scríobh síos dátaí, scríobhann na Meiriceánaigh an mhí ar dtús. Mar sin, 3/14, sin an 14ú lá Márta. Mar sin, ós rud é gurb é 3.14 Pi, ceiliúrann na Meiriceánaigh Lá Pi ar an 14ú lá Márta.

Má iolraíonn tú trastomhas ciorcail faoi 3.14 (Pi), gheobhaidh tú an imlíne!





Chuidigh an cleas rotha seo le matamaiticeoirí a oibriú amach go raibh an uimhir 3.14 tábhachtach 


Deir muid Pi, ach scríobhaimid π nó is litir é Pi, an tríú litir i sean-aibítir na Gréigise. Sa bhliain 1706, shocraigh matamaiticeoir as an Bhreatain Bheag gurbh fhusa i bhfad pi (π) a thabhairt ar an uimhir speisialta seo ná ‘an uimhir faoina n-iolraímid trastomhas an chiorcail leis an imlíne a fháil’ a rá – nó sin an nós a bhí ag matamaiticeoirí roimhe sin!

Is matamaiticeoir darbh ainm William Jones a tháinig aníos leis an smaoineamh gur cheart π a thabhairt ar an uimhir speisialta seo


Thig linn 3.14 a úsáid mar Pi sna gnáthshuimeanna mata ach le fírinne, is uimhir gan teorainn í Pi. Go fiú na ríomhairí is cumhachtaí ar domhan, níor oibrigh siad amach ina iomláine í riamh nó ní stadann sí!

 Is uimhir gan teorainn í π


Má scríobhaimid Pi go dtí 100 ionad de dheachúlacha, faighimid: 3.1415926535 8979323846 2643383279 5028841971 6939937510 5820974944 5923078164 0628620899 8628034825 3421170679.

Ní féidir Pi a scríobh mar chodán agus níl aon phatrúin le sonrú ann – go fiú i ndiaidh na milliún d’ionaid de dheachúlacha! In 2017, d’úsáid eolaí as an tSualainn sár-ríomhaire le Pi a oibriú amach go dtí 22 TRILLIÚN ionad de dheachúlacha. Thóg sé 10 lá ar an ríomhaire an t-áireamh seo a dhéanamh!


Chaith William Shanks blianta ag iarraidh Pi a oibriú amach go dtí a oiread digití agus is féidir ach rinne sé meancóg!


Sa 19ú haois, chaith matamaiticeoir as Sasana blianta fada ag iarraidh Pi a oibriú amach. Ní raibh sár-ríomhairí ar bith ann sna laethanta sin. Faoin bhliain 1873, bhí Pi oibrithe amach aige go dtí 707 ionad de dheachúlacha. An t-aon fhadhb a bhí ann ná go ndearna sé botún leis an 527ú digit agus d’fhág sé sin go raibh gach digit ina dhiaidh sin mícheart!

Ós rud é nach dtig linn luach cruinn a oibriú amach do Pi – tá sé dodhéanta imlíne bheacht chruinn ná go fiú achar beacht cruinn ciorcail a oibriú amach! Ach ná bí buartha, má úsáideann tú 3.14, ní bheidh tú rófhada ar shiúl ón fhreagra cheart!



Sa chuid is mó de na gnáthshuimeanna sa mhata, is leor 3.14 a úsáid


I gcuid mhaith scoileanna i Meiriceá, déanann siad rudaí difriúla le Lá Pi a chomóradh. Caitheann siad éadaí ar a bhfuil pictiúir de chiorcail agus bíonn mórshiúlta acu. In amanna, bácálann na múinteoirí pióga ciorclacha agus roinneann ar an rang iad.



Le plé agus le déanamh


🥧 Déanann roinnt daoine iarracht a oiread digití de Pi agus is féidir a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Tá an churiarracht dhomhanda ag fear as an India darb ainm Rajveer Meena. Bhí seisean ábalta Pi a rá go dtí 70,000 ionad de dheachúlacha in 2015. Thóg sé 10 n-uair a chloig air! Amharcaigí ar Pi go dtí 100 ionad de dheachúlacha thuas (tá dath dearg air) – cá mhéad digit a thig leatsa a chur de ghlanmheabhair? Bíodh comórtas ranga agaibh!


🥧 Aimsígí rudaí ciorclacha sa rang nó tugaigí rudaí ciorclacha isteach ón teach. Úsáid rialóir leis an trastomhas a fháil agus ansin iolraigh an trastomhas faoi 3.14 leis an imlíne a oibriú amach. Thiocfadh leat píosa sreinge a úsáid le do fhreagra a sheiceáil.



🥧Más mian libh, thiocfadh libh achar gach ciorcail a oibriú amach.

Faigh ga an chiorcail – sin an leathchuid den trastomhas. Cearnaigh an ga agus iolraigh faoi 3.14 é – sin an dóigh a bhfaigheann tú achar an chiorcail!




Pictiúr den chleas rotha le John Reid, arna leasú ag Delanoche2386, trí Wikimedia Commons CC 3.0

baruil