Stair Naomh Pádraig I

An 11ú Márta, 2024


Beidh Lá Fhéile Pádraig ag titim amach an tseachtain seo, ach cá mhéad atá ar eolas agaibh faoi Naomh Pádraig féin? Bhuel, i dtús báire, is é naomhphátrún na hÉireann é. Ach, an raibh a fhios agaibh nárbh as an tír seo dó?

De réir an tseanchais, nó na seanscéalta, tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn ar dtús mar sclábhaí. Bhí sé de nós ag na Ceiltigh, san am sin, ionsaí a dhéanamh ar threibheanna (nó grúpaí daoine) eile agus sclábhaithe a ghlacadh agus a thabhairt abhaile leo. Bheadh ar na sclábhaithe obair a dhéanamh, gan phá, dá máistrí Ceilteacha.


Bhí Pádraig thart ar 16 bliana d’aois nuair a tharla seo dó. Tháinig grúpa Ceilteach anonn go dtí an sráidbhaile s’aige sa Bhreatain Bheag, agus rinne siad ionsaí ar an áit. Ghoid siad ór, nó airgead, nó saibhreas ar bith a bhí le fáil. Ghlac siad daoine ar ais leo mar sclábhaithe, chomh maith.

 

Cuireadh Pádraig ag obair mar aoire, ag tabhairt aire do na caoirigh ar Shliabh Mis, i gContae Aontroma. Ní raibh aige mar chosaint in éadan na haimsire, ach scioból beag a thóg sé dó féin. Chaith sé 6 bliana ag tabhairt aire do na caoirigh ar Shliabh Mis. Scríobh sé níos moille gur ghuigh sé chuig Dia gach oíche chun é a thabhairt slán abhaile ón áit sin.

 

 Cuireadh Pádraig ag obair mar aoire.

 

Sa deireadh thiar thall, bhí brionglóid aige a thug le fios dó go raibh sé in am dó éalú. Dúradh leis sa bhrionglóid siúl síos tríd an tír go dtí an cósta agus go mbeadh bád ag fanacht ansin chun é a thabhairt abhaile. D’imigh Pádraig leis, de shiúl na gcos, an bealach iomlán ó Shliabh Mis i gContae Aontroma, síos go dtí cósta Loch Garman. Siúlóid de bhreis agus 200 míle a bhí ann agus ghlac sé roinnt seachtainí ar Phádraig ceann scríbe a bhaint amach.

 Bealach Phádraig ó Shliabh Mis go Loch Garman.

 

Mar a dúradh leis sa bhrionglóid, bhí bád ag fanacht leis ansin. Ach, ní raibh an captaen sásta Pádraig a ligean ar bord. Shíl sé go mbeadh mí-ádh ag baint leis. Shiúil Pádraig ar shiúl go brónach tuirseach. Thosaigh sé ag guí arís. Ní raibh a fhios aige cad é ba cheart dó a dhéanamh. I ndiaidh tamaill, áfach, tháinig athrú intinne ar an chaptaen agus lig sé do Phádraig teacht ar bord.

 Bhí brionglóid ag Pádraig.

 

Ar lean . . .

 

Le déanamh

Lig ort gur tusa Pádraig ar Shliabh Mis ag tabhairt aire do na caoirigh. Déan dialann den am a bhí agat. Tabhair san áireamh na séasúir agus na rudaí a bhí ag tarlú sna séasúir sin, mar shampla, breith na n-uan. Cad é mar a chuir tú do scioból le chéile?

 

Amharc

Amharc ar an fhíseán seo. Tá léargas pictiúrtha ann ar scéal agus stair Phádraig.





baruil