Seachtain na Réalteolaíochta 2024

An 8ú Márta, 2024



Táimid ag taisteal ag 30km sa soicind thart ar an ghrian. B’fhéidir nach mothaíonn tú é ach tá an Domhan ag bogadh thart sa spás cosúil le gach rud eile. Tugtar ‘réalteolaíocht’ ar an staidéar a dhéanann eolaithe ar na rudaí atá ag bogadh sa spéir. Agus tá seachtain speisialta againn anseo in Éirinn leis an réalteolaíocht a cheiliúradh.

Tá stair fhada ag an réalteolaíocht in Éirinn. Má fheiceann tú ciorcal liag, seans maith go mbaineann sé le turas na gealaí nó réaltaí sa spéir. Agus gach bliain, ar an lá is giorra, lonraíonn an ghrian balla i lár Bhrú na Bóinne, rud a léirigh gur thuig na daoine cúrsa na gréine na mílte bliain ó shin.

Ciorcal liag

Sa lá inniu, le cuidiú teileascóp, thig linn réaltaí atá i bhfad i bhfad ar shiúl a fheiceáil. Ní hamháin sin, ach thig linn réaltraí taobh amuigh dár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, a fheiceáil. Tá réaltra cosúil le baile mór ina bhfuil na céadta billiún de réaltaí. Creid é nó ná creid ach tá na céadta billiún réaltra ann fosta!

Bealach na Bó Finne

Tá rud amháin spéisiúil faoi bheith ag amharc ar rudaí i bhfad ar shiúl. De thairbhe go nglacann sé am ar an solas teacht chomh fada linn, feicimid rudaí a tharla blianta fada ó shin. Má fheicimid réalta atá 100 solasbhliain ar shiúl, ghlac sé 100 bliain ar an solas teacht an bealach uilig chugainn. Mar sin, an pictiúr a fheicimid féin den réalta, sin pictiúr ó 100 bliain ó shin!

Ní bhuaileann solas na gréine an balla seo i mBrú na Bóinne ach uair amháin sa bhliain

Bíonn teileascóp úsáideach le hamharc ar na réaltaí agus ar an ghealach ach thig leat a lán rudaí a fheiceáil le déshúiligh chomh maith. Nó, thig leat go leor de na pláinéid a fheiceáil le do shúil féin. Mar shampla, beidh Mearcair le feiceáil go soiléir an mhí seo i ndiaidh don Ghrian dul faoi.

Déshúiligh


Le déanamh:

Foghlaim tuilleadh faoin spás anseo.


Sa seanam, ní raibh teileascóip ag daoine. Ach chonaic siad patrúin sna réaltaí agus thug siad ainmneacha orthu. Tugtar ‘réalt-bhuíon’ ar phatrún de réáltaí mar seo. An féidir leat na réaltbhuíonta seo a leanas a fheiceáil sa spéir?

  An Leon                                                                                     Peigeasas


 Oiríon                                                                                            An Céachta


baruil