#Léigh Leabhair Ghaeilge

An 7ú Márta, 2024



Inniu Lá Domhanda na Leabhar, lá speisialta dúinne, na léitheoirí. Fud fad na tíre, tá daltaí scoile agus daoine fásta ag glacadh páirt in imeachtaí le ceiliúradh a dhéanamh ar scéalta scáfara, ar eolas iontach, ar charachtair chraiceáilte agus ar dhomhain dhraíochtúla! Táimid ag ceiliúradh na leabhar agus gach rud suimiúil a bhíonn le fáil taobh istigh iontu.


Is cinnte go bhfuil Lá Domhanda na Leabhar iontach tábhachtach agus is fiú go mór comóradh a dhéanamh air. Ach, an raibh a fhios agat nach mbíonn an deis ag gach páiste ar comhaois leat bheith ag léamh leabhar? Déanta na fírinne, tá an t-ádh dearg ort má bhíonn tú in ann eolas a roinnt le duine eile an tseachtain seo faoi leabhar atá léite agat. B’fhéidir go mbeifeá ag gléasadh mar an carachtar is fearr leat ó leabhar, nó, ag malartú leabhar le cara chun scéal nua a léamh? Ach, más léitheoir thú, baineann tú le grúpa ámharach. Cén fáth? Bhuel, níl ach ? de na páistí ar domhan atá 10 mbliana d’aois nó níos óige ábalta léamh!

(Ní bhíonn an deis ag gach páiste dul ar scoil. I gcuid tíortha eile caithfidh páistí dul amach ag obair. Pic le Mamunur Rashid/Shutterstock.com)


Mar sin de, bain sult as an léitheoireacht agus déan comóradh ar an lá seo go cinnte. Tapaigh an deis seo nach bhfaigheann páistí in achan tír! Ar ndóigh, táimid i lár ‘Sheachtain na Gaeilge’ faoi láthair fosta. Cad chuige, mar sin, nach gcuirfeadh muid an dá imeacht seo le chéile? Bímis ag léamh agus ag ceiliúradh leabhair Ghaeilge ar Lá Domhanda na Leabhar! Má tá tú in ann sin a dhéanamh, baineann tú le grúpa iontach speisialta ar fad - is é sin, páistí atá ábalta léamh i níos mó ná aon teanga amháin!


Le plé nó le déanamh

Seo roinnt smaointe lena dtriail ar Lá Domhanda na Leabhar:


📚  Léigh leabhar Gaeilge leat féin nó le cara / cairde


📚  Déan an scéal a aithris mar dhráma le do rang


📚  Cruthaigh tráth na gceist faoi leabhar Gaeilge a léigh do ghrúpa nó do rang, lena fháil amach cé agaibh is fearr a bhfuil cuimhne aige / aici ar an scéal


📚  Tabhair tuairisc ó bhéal do do rang ar leabhar Gaeilge a léigh tú. Thiocfadh leat póstaer a dhearadh fosta leis an leabhar a mholadh do dhaoine eile.


Agus cúpla smaoineamh do na múinteoirí:

📖 Cum cluiche Biongó le himirt i leabharlann na scoile, nó i leabharlann an ranga. Iarr ar na himreoirí leabhair éagsúla a aimsiú, mar shampla:

- leabhar ina bhfuil ainmhí ceithre-chosach;

- leabhar ina bhfuil cailín ina príomhcharachtar;

- leabhar ina bhfuil breis agus 100 leathanach

- leabhar ina bhfuil draíocht, nó dánta

- leabhar atá greannmhar, nó brónach

- leabhar atá suite i dtír eile

- leabhar faoin spás, srl.

(Thiocfadh leis na daltaí cuidiú leat smaoineamh ar chritéir eile do na leabhair.)


📖 Glac grianghraf de na daltaí ag gabháil do na gníomhaíochtaí seo (ní gá aghaidheanna a thaispeáint) agus postáil ar na Meáin Shóisialta iad (#Nuacht Anois agus #LeighLeabhairGhaeilge). Nó, seol na pictiúir isteach chugainn chuig Nuacht Anois (chomh maith le póstaeir na ndaltaí faoi na leabhair Ghaeilge is fearr leo) agus déanfaidh muid taispeántas díobh.


📖 Tá smaointe agus eolas eile faoi Lá Domhanda na Leabhar Éire ar fáil anseo




baruil