Bliain Bhisigh

An 29ú Feabhra, 2024


Ar chuala tú an téarma “bliain bhisigh” riamh roimhe? Bhuel, is bliain bhisigh í seo, 2024. An chiall atá leis sin ná go mbíonn lá amháin sa bhreis againn i mbliain bhisigh, i gcomparáid le gnáthbhliain. Cuirtear an lá breise sin ag deireadh mhí Feabhra (an mhí is giorra). Mar sin, is é an lá inniu, an 29ú lá Feabhra, an lá breise i mbliana.


Ach, cad chuige a dtarlaíonn lá amháin sa bhreis gach ceithre bliana? Bhuel, baineann sin leis an fhéilire s’againn agus fad ceart na bliana. Le fírinne, tá fad ceart na séasúr agus na bliana ag cruthú trioblóidí do na saineolaithe leis na céadta bliain. Ba cheart don fhéilire bheith ag teacht le cuairt an Domhain thart timpeall na Gréine gach bliain. Mura mbíonn an féilire ceart, titfidh muid as sinc leis na séasúir de réir a chéile. Agus sin go díreach an rud a tharla sa stair!

(Tá an féilire ag brath ar an fhad a ghlacann sé ar an Domhan taisteal thart timpeall na Gréine.)


Ba é Julius Caesar a chuir tús le córas na mblianta bisigh. Thiar sa bhliain 45 RCR, d’ordaigh Caesar go mbeadh 365 lá sa bhliain agus lá sa bhreis air sin gach ceithre bliana. Ach, níor réitigh seo an fhadhb go hiomlán. I ndiaidh na gcéadta bliain, d’aithin saineolaithe go raibh na séasúir ag imeacht as sinc leis an fhéilire arís! An iarraidh seo, bhí sé ag tarlú mar go raibh barraíocht blianta bisigh ann.

(dealbh de Julius Caesar)


Sa deireadh thiar thall, in 1582, d’ordaigh an Pápa Gréagóir go mbeadh ar dhaoine léim chun cinn thar 10 lá leis an fhéilire a chur sa tsinc cheart arís leis na séasúir. Chuir sé riail eile i bhfeidhm leis an fhéilire a choinneáil i gceart ina dhiaidh sin. As sin amach, tharla an bhliain bhisigh gach ceithre bliana, ach amháin nuair a bheadh céad i gceist (mar shampla, na blianta 1900 nó 2000). Sa chás sin, ní bheadh bliain bhisigh ann, ach amháin go mbeadh an céad bliain inroinnte ar 400.

(dealbh den Phápa Gréagóir)

Cá fhad a ghlacann sé ar an Domhan taisteal thart timpeall na Gréine?

Go bunúsach, glacann sé níos mó ná 365 lá ar an Domhan cuairt iomlán thart ar an Ghrian a dhéanamh. Tugtar ‘bliain’ ar an chuairt sin. I ndáiríre, glacann sé 365 lá, 5 uair an chloig, 48 bomaite agus 46 soicind! Má dhéanann tú an mhata, bheadh chóir a bheith lá iomlán sa bhreis gach ceathrú bliain – ach ní go cruinn. Is é sin an fáth go raibh barraíocht blianta bisigh ag tarlú nuair a lean daoine féilire Julius Caesar.



Le plé nó le déanamh

📅 Scríobh achoimre ar an alt, nó tabhair achoimre ó bhéal do do rang nó do mhúinteoir, ag míniú cad is bliain bhisigh ann agus an fáth a dtarlaíonn sí.


📅 Sular chuir Julius Caesar tús lena fhéilire nua, bhí gach bliain 10 lá níos giorra ag na Rómhánaigh. Cá mhéad lá a bhí sa bhliain ag na Rómhánaigh roimhe sin?


📅 Oibrigh amach cé acu de na blianta céad ón bhliain 1600 go dtí 3000 a bhí nó a bheidh ina mblianta bisigh.


📅 An bhfuil an chiall eile den fhocal ‘cuairt’ ar eolas agat? An féidir leat an dá chiall le cuairt a mhíniú trí abairtí difriúla a scríobh leis an fhocal?


📅 Tá rann beag coitianta ann a chuidíonn linn cuimhne a dhéanamh ar an mhéid laethanta a bhíonn sna míonna:


Tá 30 lá i mí Mheán Fómhair

In Aibreán, Meitheamh agus Samhain, a stóir.

Sna míonna eile, tá tríocha is a haon

Seachas Feabhra atá léi féin.

I mí Feabhra, tá ocht lá is fich’

Ach gach ceithre bliana bíonn 29!


📅 Tarraing póstaer leis an rann beag a léiriú.


📅 An dtig leat rann beag eile a chumadh leis an riail faoin bhliain bhisigh agus na blianta céad a mhíniú?



baruil