Boscaí gutháin

An 28ú Feabhra, 2024


Bhí am ann nuair a bhí bosca gutháin beagnach gach áit. Ag bun na sráide, i lár an bhaile agus go fiú amuigh faoin tuath. Tá sé doiligh a chreidbheáil anois ach bhí am ann nach raibh guthán póca ag daoine. Ní raibh guthán fiú i ngach teach. Dá mbeadh scairt ghutháin le déanamh agat, bheadh ort siúl go dtí an bosca gutháin is cóngaraí agus boinn airgid a chur sa pholl le híoc as. Nó dá mbeifeá ag fanacht le scairt ó dhuine éigin, bheifeá ag brath ar chomharsa le guthán leis an scairt a ghlacadh agus duine a chur chuig do theach.

Bhí áit speisialta ag na boscaí seo i saol na ndaoine ach, de réir a chéile, thit siad as úsáid nuair a d’éirigh an guthán sa teach níos saoire agus, le fiche bliain anuas, nuair a d’éirigh an guthán póca iontach coitianta. Sa deireadh, ní raibh feidhm ag mórán daoine leis na boscaí gutháin agus druideadh cuid mhór acu. In amanna, bhí úsáid nua le cuid acu, boscaí idirlín, boscaí turasóireachta, boscaí dífhibrileoirí agus fiú boscaí leabharlainne!

Anois, tá na húdaráis ó dheas ag rá go ndruidfidh siad an 105 bosca atá fágtha. Beidh úsáid eile le cuid acu ach, an chuid eile, gheobhaidh siad réidh leo.

Beidh díomá ar roinnt daoine nó tá na boscaí le feiceáil le beagnach 100 bliain in Éirinn. Ag an phointe is airde, bhí thart ar 3,300 bosca gutháin ó dheas. Tá polasaí difriúil ag dul a bheith ann ó thuaidh, áfach. Coinneofar ar a laghad 90 den 157 bosca dearg atá fágtha mar bhoscaí gutháin. Deir na húdaráis go bhfuil áiteanna nach féidir comhartha a fháil don ghuthán póca agus go mbeidh gá leis na boscaí. Beidh fáthanna eile ann lena gcoinneáil, chomh maith, más áit é a mbíonn taismí go rialta ann nó má úsáideann go leor daoine iad le scairteanna gutháin a dhéanamh go fóill.


Le déanamh/le plé:

Abair gur thug na húdaráis ceann de na boscaí seo duit. Cad é a dhéanfá leis?


Bíonn an saol ag athrú, in amanna go mall, in amanna eile go gasta. Ar thug tú faoi deara rud ar bith a d’athraigh ó bhí tú óg? An rud maith é go mbíonn rudaí ag athrú go gasta, dar leat?


Cuir ceist ar na daoine níos sine sa bhaile, do thuismitheoirí nó go fiú do sheantuismitheoirí, faoi rudaí a bhí iontach coitianta nuair a bhí siadsan óg ach nach n-úsáideann daoine níos mó. Cad é an rud is mó a chuir iontas ort nó an rud is suimiúla a luaigh siad?


Pictiúir:

Cathair na Mart: Wozzie / Shutterstock.com

Bosca nua-aimseartha: Lithuaniakid / Shutterstock.com

Taobh istigh de bhosca: Michael J P / Shutterstock.com

Leabharlann: Kinek00 / Shutterstock.com


baruil