Bua san uisce

An 26ú Feabhra, 2024


Den chéad uair riamh, tá curadh domhanda sa snámh againn in Éirinn. Ach níor leor bonn óir amháin ag Daniel Wiffen nó bhain sé dhá cheann ag na Craobhchomórtais in Doha ar na mallaibh. Rugadh Daniel i Sasana ach bhog a theaghlach go Contae an Dúin nuair a bhí Daniel 2 bhliain d’aois.

Machaire Lainne, an áit arb as do Daniel Wiffen.

Thosaigh Daniel ag snámh nuair a bhí sé iontach óg – 3 mhí d’aois! Chláraigh seisean agus a leathchúpla, Nathan, sa chlub snámha áitiúil agus bhí siad ag snámh i gcomórtais go luath ina dhiaidh. Faoi aois 13 bliana, bhí Daniel i scuad na hÉireann agus tháinig forbairt mhór air ó shin.

Thig leat snámh agus tú óg

Ba iad na buanna a bhain Daniel in Doha ná saorstíl 800m agus saorstíl 1,500m. Ciallaíonn ‘saorstíl’ gur féidir leis an snámhaí a rogha stíl snámha a úsáid. De ghnáth, na laethanta seo, úsáideann snámhaithe an ‘crágshnámh’ mar shaorstíl. Ar bharr na mbonn, tá curiarracht na hÉireann ag Daniel sa dá fhad sin chomh maith.

Crágshnámh

B’fhéidir nár chuala tú mórán faoi Daniel go dtí seo nó is duine óg é go fóill. Ach tá seans maith go gcluinfidh tú faoi amach anseo nó tá súil aige go ndéanfaidh sé an rud céanna sna Cluichí Oilimpeacha i mbliana i bPáras agus dhá bhonn óir a thabhairt ar ais.

Beidh tionchar ag snámh Daniel ar dhaoine óga eile, tá súil ag daoine a bhíonn ag obair le snámhaithe. Má chluineann daoine óga faoi éacht Daniel agus má éiríonn leis sna Cluichí Oilimpeacha, beidh eiseamláir acu a bheidh mar inspioráid dóibh féin an obair chrua a dhéanamh sa linn snámha. Bíonn a lán traenála de dhíth le bheith i do shnámhaí maith ach má tá a fhios againn go ndearna duine as Éirinn é, tuigfimid go bhfuil sé indéanta.

Daniel Wiffen

Cé go gcaitheann Daniel cuid mhaith dá shaol san uisce, tá bua eile aige, mar atá, an aisteoireacht. Bhí sé ina lán drámaí nuair a bhí sé óg agus bhí páirt bheag aige sa tsraith Game of Thrones.

Tá súil ag traenálaithe go spreagfaidh Daniel glúin óg snámhaithe


Le déanamh:

Ar thug duine ar bith inspioráid duit triail a bhaint as rud ar bith? Inis do do rang faoin duine sin agus an dóigh ar spreag sé/sí thú.


Tagann Leabhar Guinness na gCuriarrachtaí amach gach bliain agus bíonn liosta de na curiarrachtaí is déanaí ann. Dá mbeadh rogha agat, cad é an churiarracht ba mhaith leat féin a thriail? Seiceáil sa leabhar nó ar líne cad é an churiarracht reatha. Nó cum curiarracht nua ba mhaith leat a thriail. Déan rud beag taighde mar rang agus bailigh liosta de na curiarrachtaí is fearr/is iontaí, nó is craiceáilte, dar libh.


Pictiúir:

Páras: Romain P19 / Shutterstock.com

Daniel Wiffen:

Patrick B. Kraemer - https://swimswam.com/daniel-wiffen-after-breaking-oldest-world-record-grant-hackett-is-my-idol-swimmer/ https://creativecommons.org/licenses/by-sa/4.0/


baruil