Lá na Lampaí

An 22ú Feabhra, 2024

Amárach, titfidh féile mhór thábhachtach amach dóibh siúd a leanann Féilire na Síne. Tá Féilire na Síne bunaithe ar an ghealach. Mar gheall air sin, ní bhíonn na himeachtaí móra ag tarlú ar an dáta céanna gach bliain, mar a tharlaíonn le cuid mhaith de na himeachtaí ar an fhéilire s’againn - mar shampla, Lá na Nollag, Lá Fhéile Bríde, srl.

(Leanann féilire na Síne an ghealach, ach ...

... leanann an fhéilire s'againn an ghrian.)

Níl sé rófhada ó d’inis muid daoibh faoi Bhliain Úr na Síne agus an ceiliúradh ar fad a bheadh ag tarlú mar gheall air sin. Ach, dá mba rud é gur léigh sibh an t-alt sin, bheadh a fhios agaibh go maireann Bliain Úr na Síne i bhfad níos faide ná an t-aon lá amháin, mar is nós linne! Bíonn ceiliúradh coicíse ag muintir na Síne! Mar sin de, amárach tiocfaidh ceiliúradh na Bliana Úire chun deiridh, le Féile na Lampaí.

Tosaíonn an Bhliain Úr sa gheimhreadh nuair a bhíonn an aimsir fuar agus dorcha. Mar sin de, is nós leis na Sínigh lampaí a lasadh leis an ruaig a chur ar an dorchadas agus lena thaispeáint go bhfuil an t-earrach ag teacht agus go mbeidh níos mó solais arís sa domhan. Tarlaíonn mórshiúlta agus tinte ealaíne fosta.
(Mórshiúl Síneach ag ceiliúradh Lá na Lampaí i bPáras na Fraince. Pic le VitaminCo/Shutterstock.com)

Tagann teaghlaigh le chéile chun bia deas a ithe agus le cluichí a imirt lena chéile. Tá an-dúil ag na Sínigh i dtomhais mar chluiche. Cuireann siad tomhais mar seo ar a chéile:

Cad é a bhíonn i gcónaí ag méadú is nach n-íslíonn a choíche? Freagra

Abair m’ainm agus cuirfidh tú deireadh liom - cad é atá ionam? Freagra

Scríobhann daoine tomhais ar na lampaí, agus déanann na daoine eile sa teaghlach iarracht freagra a thabhairt orthu. Craic mhaith! An mbíonn tú féin maith ag oibriú amach na dtomhas?


Le plé nó le déanamh
Bíonn ceiliúradh coicíse ann don Bhliain Úr sa tSín. Ar mhaith libh go mairfeadh an Bhliain Úr chomh fada céanna againne? Mínigh do fhreagra.

An mbíonn Féile na Lampaí cosúil le féile ar bith eile a bhíonn againne? Cén fhéile atá i gceist agus cén dóigh a bhfuil siad cosúil lena chéile?

An dtig leat smaoineamh ar fhéile ar bith ar an fhéilire s’againne nach mbíonn ar an dáta céanna gach bliain?

Déan iarracht smaoineamh ar thomhais eile agus cuir ar do chairde sa rang iad.



baruil