Máthairtheangacha

An 20ú Feabhra, 2024


Inniu Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha. Ar an lá seo, iarrann Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe, nó UNESCO mar is fearr aithne uirthi, ar thíortha an domhain ceiliúradh a dhéanamh ar ár Máthairtheangacha.



Ach, cén fáth a bhfuil sé tábhachtach na máthairtheangacha a cheiliúradh? Bhuel, mar is eol dúinn in Éirinn - Tír gan teanga, Tír gan anam! Is tríd an teanga a mhaireann cultúr na ndaoine. Coinníonn an teanga eolas traidisiúnta na ndaoine beo. Is féidir cuid mhór a fhoghlaim faoi phobal, agus faoin áit ina bhfuil cónaí orthu, tríd staidéar a dhéanamh ar an teanga s’acu.
(eolas ó logainm.ie ar an chiall atá le cuid de na focail inár logainmneacha)


Insíonn an stair dúinn go ndearna an coilíneachas i gcónaí iarracht teangacha dúchais na ndaoine a chur chun báis, nuair a glacadh seilbh ar thíortha eile. (Thig libh níos mó a fhoghlaim faoin choilíneachas anseo.) D’aithin na coilínithe go raibh an teanga dhúchais mar chuisle an phobail, agus dá gcuirfeadh siad an teanga faoi chois go bhfaigheadh spiorad an phobail sin bás. Ach, mar chuid den troid ar ais, rinne na pobail a bhí faoi chois an-iarrachtaí a gcuid máthairtheangacha a choinneáil beo. Thuig siad go dtugann teanga dhúchais féiniúlacht agus bród don phobal.
(Is píosa tábhachtach dár bhféiniúlacht í ár dteanga dhúchais.)


Tá 7,000 teanga ar domhan, ach, sa lá atá inniu ann, tá thart ar an leathchuid acu i mbaol! Tá ár dteanga féin, an Ghaeilge, ina measc siúd 😱. Aithníonn UNESCO, agus na saineolaithe ar fud an domhain, go bhfuil tábhacht mhór le máthairtheangacha a aithint agus a thabhairt chun cinn. Tá luach leis an éagsúlacht. Caithfidh muid meas a léiriú ar chultúr agus ar theanga daoine eile. Níor cheart, sa lá inniu, go mbeadh daoine ag magadh faoi theanga daoine eile agus ag déanamh a bheag di mar nach bhfuil siad féin ábalta an teanga sin a labhairt. (Ar an drochuair tarlaíonn seo go fóill, fiú inár dtír féin. 😞)

(Cá mhéad de na teangacha seo a aithníonn tú?)


I mbliana agus anuraidh, tá UNESCO ag cur béim ar an oideachas ilteangach mar bhealach tábhachtach chun a n-áit cheart a thabhairt do na máthairtheangacha, nó teangacha dúchais. Bíonn sibhse, mar scoláirí Gaelscoile, ag déanamh obair thábhachtach gach lá ar scoil nuair a bhíonn sibh ag labhairt in bhur dteanga dhúchais. Ar fud an domhain, tá na céadta míle duine ag déanamh amhlaidh agus iad ag iarraidh a dteanga féin agus a bhféiniúlacht féin a choinneáil beo.
Coinnígí croí na Gaeilge ag preabadh ionaibh, a chairde!



Le plé nó le déanamh
An síleann tú féin go bhfuil sé tábhachtach na máthairtheangacha a chaomhnú? Cad chuige a bhfuil an bharúil sin agat?

Cad is ciall leis an mhana “Tír gan teanga, tír gan anam” duitse? An dtig leat é a mhíniú?

Amharc ar an ainm Gaeilge d’UNESCO thuas - an dtig leat oibriú amach cad dó a seasann na litreacha i mBéarla?

Cad a dhéanfá dá mbeadh duine ag déanamh iarrachta a bheag a dhéanamh de do theanga dhúchais? An bhfaca tú sin ag tarlú riamh do dhuine eile? Cad é mar a mhothaigh tú?

Cá mhéad focal i dteangacha eile atá ar eolas agat? Mar rang, bailigh focail agus frásaí as an méid teangacha atá ar eolas agaibh. Cá mhéad dóigh dhifriúil ina dtig libh cur síos a dhéanamh ar an rud nó ar an choincheap chéanna? (Mar shampla, uimhreacha nó dathanna, nó frásaí atá comhionann le “Dia duit” nó “Slán”.)

Mar ghrúpaí nó mar rang, smaoinígí ar argóintí ar son agus in éadan an Ghaeilge a fhoghlaim. Scríobhaigí síos in dhá liosta iad. An dtig libh smaoineamh ar rud ar bith a dhéanfadh foghlaim agus labhairt na Gaeilge níos fusa, daoibh féin, nó go ginearálta sa tír? Cad é a bheadh ann?

Fiosraigh cad iad na tíortha ina labhraítear cuid de na teangacha san fhíseán. Aimsigh na tíortha sin ar léarscáil an domhain. 

baruil