An Carghas

An 19ú Feabhra, 2024


Thosaigh an Carghas ar Chéadaoin an Luaithrigh


Fud fad an Domhain, tá na milliúin Críostaí ag déanamh rud éigin don Charghas. Is tréimhse iontach tábhachtach é an Carghas do Chríostaithe nó seo an t-am nuair a bhíonn siad ag ullmhú don fhéile Chríostaí is tábhachtaí sa bhliain, an Cháisc.

Tá an gasúr seo ag déanamh carghais ar rudaí milse


Tagann an focal Carghas ó sheanfhocal Laidine a chiallaíonn ‘40 lá’ – seo an méid ama a chaith Íosa amuigh san fhásach, ag ullmhú don Cháisc. Rinne Íosa troscadh ar feadh 40 lá agus 40 oíche agus é san fhásach. Ciallaíonn troscadh gan rud ar bith a ithe. I rith an ama sin, bhí an diabhal ag cur cathú ar Íosa – ag iarraidh air rudaí a ithe.

Nuair a bhí Íosa san fhásach, chuir an diabhal cathú air chun an troscadh s’aige a bhriseadh


Bhí an troscadh tábhachtach riamh anall i gcuid mhór creideamh difriúil. Mar shampla, i gceann cúpla seachtain, beidh Moslamaigh an Domhain ag cur tús le Ramadan – seo an naoú mí den bhliain ag na Moslamaigh. Déanann siad troscadh gach uile lá – ní itheann siad rud ar bith ó éirí go luí na Gréine.

Le linn Ramadan, déanann Moslamaigh troscadh i rith an lae, bíonn béile acu i ndiaidh dhul faoi na Gréine (ní chaithfidh páistí óga troscadh a dhéanamh)


Bhí an troscadh tábhachtach ag na Sean-Ghaeil fosta – tá sé sin le feiceáil ó laethanta na seachtaine.

Ciallaíonn an focal aoine ‘troscadh a dhéanamh’ agus rinne na Gaeil é dhá uair sa tseachtain – ar an Chéadaoin (an chéad aoine) agus ar an Aoine (lá an troscaidh). Sin an fáth a bhfuil sé de nós ag roinnt mhaith Críostaithe gan feoil ar bith a ithe ar an Aoine!

(Más rud é go bhfuil tú fiosrach, ciallaíonn Déardaoindia idir an dá aoine’ – is seanfhocal ar lá é ‘dia’ (smaoinigh ar dhialann!).

Caithfidh sé go raibh na sean-Ghaeil iontach tugtha don troscadh


Sa seanam, rinne daoine an-iarracht gearradh siar ar rudaí le linn an Charghais – sin an fáth a mbíonn ‘Máirt na bPancóg’ ann, nó fuair siad réitithe de na rudaí deasa milse uilig a bhí sa teach, sular thosaigh an Carghas. Le linn an Charghais, rinne siad troscadh gach lá – níor ith siad bricfeasta ná lón, mar shampla, agus níor ith siad im ar chor ar bith ar feadh an Charghais!

D’úsáid daoine na rudaí milse uilig sular thosaigh an Carghas le nach mbeadh cathú ar bith orthu le linn an Charghais


Sa lá atá inniu ann, ní bhíonn Críostaithe chomh dian céanna orthu féin. Cuid mhaith den am, roghnaíonn daoine rud amháin le carghas a dhéanamh air. Mar shampla, déanann siad carghas ar an tseacláid nó ar dheochanna súilíneacha nó ar am scáileáin ar a nguthán go fiú! 

Tá daoine eile ann agus in áit rud éigin a íobairt le linn an Charghais, roghnaíonn siadsan rudaí breise a dhéanamh, le cuidiú le daoine eile. Níos mó oibre sa teach, mar shampla, nó airgead a chur ar leataobh lena thabhairt do charthanas éigin.

Tá na páistí seo ag iarraidh bheith níos cuidiúla sa teach le linn an Charghais


Mar sin, má tá tusa ag déanamh carghais ar rud éigin, ádh mór ort agus coinnigh ort! Tiocfaidh deireadh leis an Charghas ag deireadh mhí an Mhárta, nó beidh Domhnach na Cásca ann ar an 31ú Márta i mbliana.


Le plé / le déanamh

✝️ Cén fáth, i do bharúil, nach mbíonn daoine chomh dian céanna orthu féin sa lá atá inniu ann is a bhíodh daoine fadó?

✝️ Caithfidh daoine Carghas a dhéanamh ar rudaí a bhfuil an-dúil acu ann, rud nach mbeadh furasta a thabhairt suas. Mar rang, déanaigí liosta de na rudaí is mó a mbeadh sé deacair Carghas a dhéanamh orthu. 



baruil