Saoire, Pancóga, Grá agus Carghas!

An 12ú Feabhra, 2024


Tá go leor rudaí ag tarlú an tseachtain seo. Ar an chéad dul síos, tá an sos leath-théarma ann. Tá cuid mhór scoileanna saor an tseachtain ar fad, nó beidh siad saor Déardaoin agus Dé hAoine, ar a laghad. Beidh NuachtAnois dúnta an tseachtain ar fad, ach ní raibh muid ag iarraidh sibh a fhágáil gan leid faoi na rudaí tábhachtacha a bheidh ag titim amach an tseachtain seo!


Ar an chéad dul síos, beidh Lá Fhéile Valaintín ann Dé Céadaoin, an 14ú Feabhra – b’fhéidir go mbeadh cuid agaibh ag fanacht le cártaí agus seacláidí. Ach tá fadhb amháin ann, má fhaigheann tú seacláidí, seans nach mbeidh tú ábalta iad a ithe.

Cad é a dhéanann tú má fhaigheann tú seacláid ar an chéad lá den charghas?


Cén fáth? Bhuel, beidh ‘Céadaoin an Luaithrigh’ ann an lá sin fosta – an chéad lá den Charghas. Má tá tú ag déanamh an Charghais ar na milseáin – ní bheidh tú ábalta do chuid seacláidí a ithe!

Tosóidh an Carghas an tseachtain seo


Ach tá lá eile ann an tseachtain seo, roimh Lá Fhéile Vailintín agus roimh an Charghas, ar féidir linn go léir bheith ag dúil leis. Beidh Máirt na hInide ann an lá roimh thús an Charghais, nó, mar is fearr aithne uirthi – Máirt na bPancóg!

Mar sin de, tá oideas speisialta ag NuachtAnois daoibh, le cuidiú libh na pancóga blasta a dhéanamh!

An t-aon rud, déan cinnte de go bhfuil duine fásta ann le bheith ag cuidiú leat (agus nach bhfuil ailléirge ar bith ort féin nó ar dhuine ar bith eile sa seomra le ceann ar bith de na comhábhair)!

 

Na comhábhair a bheas de dhíth ort:

140g de phlúr pléineáilte

200ml de bhainne

4 ubh (thart ar 200ml d’uibheacha, nuair a bheas siad measctha)

50g d’im leáite

Rud beag ola phlandúil le cur ar an fhriochtán (nó thig leat meascán d’ola phlandúil agus d’im a úsáid)

 

Beidh na rudaí seo de dhíth freisin:


Na céimeanna leis na Pancóga a dhéanamh:

🥞 Cuir an plúr isteach i mbabhla.


🥞 Bris gach ubh isteach sa bhabhla, ceann i ndiaidh an chinn eile, agus measc an t-iomlán. (Seans go mbeadh sé níos fusa na huibheacha a bhriseadh isteach i gcrúiscín agus iad a mheascadh leo féin ar dtús agus ansin iad a dhoirteadh isteach sa bhabhla.)


🥞 Cuir isteach an bainne go deas réidh mall, ag greadadh go fóill, go dtí go mbeidh an meascán deas mín (go dtí nach mbeidh cnapáin ar bith ann).

Cuir isteach an t-im leáite agus lean ort ag greadadh.


🥞 Cuir rud beag ola phlandúil ar phíosa de pháipéar cistine agus cuimil thart ar an fhriochtán é (ba cheart an friochtán a bheith fuar ag an phointe seo!)


🥞 Úsáid ladar nó crúiscín le cuid den mheascán pancóg a dhoirteadh isteach sa fhriochtán, bog an friochtán leis an mheascán a spré amach go cothrom. Níl de dhíth ort ach go leor den mheascán leis an fhriochtán a chlúdach. Má bhíonn barraíocht ann, beidh sé deacair an phancóg a chócaráil sa lár.

Fág an phancóg ar an fhriochtán idir 30 soicind agus 1 bhomaite, go dtí go mbeidh sí deas donn ar an chéad taobh. Tiontaigh an phancóg agus cócaráil an taobh eile ar feadh an mhéid chéanna ama.


Bain sult as do phancóg!

🥞 Ag brath ar mhéid an fhriochtáin atá agat, ba cheart go ndéanfadh an t-oideas seo 10 bpancóg!


Bon appéitit!


baruil