Bliain Úr fhuar!

An 7ú Feabhra, 2024


Cad é mar atá an aimsir agatsa inniu? An bhfuil sneachta ar bith agaibh? Bhuel, má tá, tá an t-ádh orainn nó don chuid is mó againn, ní chaithfidh muid taisteal rófhada sa drochaimsir. Níl an t-ádh céanna ar mhuintir na Síne, áfach…

Tá aimsir iontach fuar sneachtúil ann i gcuid mhaith áiteanna sa tSín


An Satharn beag seo, beidh ceann de na hócáidí ceiliúrtha is mó ar domhan ag tarlú – beidh Bliain Úr na Síne ann. Is féile ollmhór atá ann, agus maireann sé roinnt laethanta. Tá Bliain Úr na Síne thar a bheith tábhachtach do mhuintir na Síne, sa dóigh chéanna a mbíonn an Nollaig tábhachtach againne. 

Is féile iontach tábhachtach ar fad í Bliain Úr na Síne


Déanann na milliúin duine, fud fad na Síne, iarracht taisteal abhaile leis an bhliain úr a cheiliúradh sa bhaile


Ceann de na nósanna is mó a bhíonn ann ná go dtaistealaíonn daoine abhaile, is cuma cén áit a bhfuil siad, leis an Bhliain Úr a cheiliúradh ina n-áit dhúchais féin, lena muintir féin. Taistealaíonn níos mó daoine le haghaidh Bhliain Úr na Síne, ná mar a thaistealaíonn faoi choinne rud ar bith eile, áit ar bith ar domhan. An tseachtain seo…anois…agus tú ag léamh an ailt seo, tá thart ar DHÁ CHÉAD MILLIÚN duine ag iarraidh a mbealach a dhéanamh abhaile in am don Satharn, agus ceiliúradh na Bliana Úire. 

Mar gheall ar an aimsir, tá sé iontach deacair taisteal sa tSín faoi láthair


Ar an drochuair, áfach, tá aimsir thar a bheith fuar ann sa tSín agus in oirthear na hÁise faoi láthair. Tá stoirmeacha sneachta ann agus tá siocán agus oighear i gcuid mhór áiteanna. Tá sé seo ag cur isteach ar chúrsaí taistil. Cuireadh na céadta eitilt agus turas traenach ar ceal mar gheall ar an aimsir agus tá cuid de na bóithre is mó sa tSín druidte mar gheall ar shneachta. 

Cuireadh cuid mhór eitiltí ar ceal mar gheall ar an sneachta


Mar gheall ar an drochaimsir, ní éireoidh leis na milliúin duine a mbaile dúchais a bhaint amach in am do thús na Féile. An t-aon ábhar dóchais atá ann, ná go bhfuil an aimsir fhuar le himeacht i lár na seachtaine seo chugainn. De ghnáth, maireann ceiliúradh na Bliana Úire níos mó ná coicís, mar sin, b’fhéidir go mbeadh daoine ábalta filleadh abhaile don dara cuid den fhéile. 

Daoine gafa sa stáisiún traenach – cuireadh a lán turas traenach ar ceal


Le plé/le déanamh

🐉 Cad é a bheas ag tarlú sa tSín an Satharn seo agus cad chuige a bhfuil sé tábhachtach?

🐉 Cén fáth a mbeidh cuid mhór daoine sa tSín brónach an deireadh seachtaine seo?

🐉 Cén rud a thabharfaidh ábhar dóchais dóibh ar an tseachtain seo chugainn? Cén fáth?


🐉 Léigh an fillteán fíricí seo faoi Bhliain Úr na Síne.


Creidiúintí

baruil