Lá Fhéile Bríde

An 1ú Feabhra, 2024

Naomh Bríd


Bíonn Lá Fhéile Bríde ann ar an chéad lá de mhí Feabhra. Is é seo an chéad lá den bhliain, agus den earrach, san fhéilire Cheilteach.

Imbolc ainm eile ar an lá seo. Tugadh Imbolc ar thús an earraigh sular tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn. Is focal sean-Ghaeilge é seo a chiallaíonn ‘i mbolg’. Baineann sé sin leis na hainmhithe agus óga sa bholg acu an t-am seo den bhliain.

Baineann imbolc le beatha nua – fásann a lán rudaí san earrach


Sular tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn, bandia na tine a bhí i mBríd. Bíonn tine shíoraí lasta san áit a bhfuair sí bás, i gCo. Chill Dara. Seasann Bríd don solas agus an chuid sin den bhliain a mbíonn solas ann.

I gcuid mhaith pictiúr de Bhríd, bíonn tine ina lámh ag Bríd


Rugadh Bríd sa bhliain 451 AD i nDún Dealgan. Taoiseach a bhí ina hathair ach sclábhaí a bhí ina máthair. Tá cuid mhór scéalta ann faoi Bhríd óg agus í ábalta daoine tinne a leigheas agus í ag cuidiú le daoine bochta. Bhí a hathair saibhir agus ba ghnách le Bríd a chuid saibhris a thabhairt do dhaoine bochta. Bhí a hathair chomh feargach sin léi gur thug sé í chuig an rí agus é ag iarraidh í a dhíol leis. Agus iad ann, thug Bríd claíomh a hathar, a bhí clúdaithe le seodra, do dhuine bocht le bia a cheannach dó. D’aithin an rí go raibh Bríd speisialta agus dúirt lena hathair meas a bheith aige uirthi.

Bríd ag cuidiú le duine bocht


Tamall ina dhiaidh, chuaigh Bríd ar ais chuig an rí agus d’iarr sí píosa talaimh air. Rinne an rí gáire ar dtús. Ansin d’iarr Bríd píosa talaimh chomh mór lena clóca. Shíl an rí gur ag magadh a bhí sí agus d’aontaigh sé. Ach nuair a spréigh Bríd a clóca amach, spréigh sé agus spréigh sé agus chlúdaigh sé cúpla acra. Thug an rí an talamh di agus chuidigh sé léi lena cuid oibre. Bhunaigh Bríd mainistreach i gCill Dara agus rinne sí cuid mhór oibre ansin le cuidiú le daoine. Ba í Bríd an chéad bhean rialta in Éirinn.

Ceann de na scéalta is clúití faoi Bhríd ná scéal an chlóca


Nuair a fuair Bríd bás sa bhliain 521, deirtear gur las na mná rialta eile tine agus gur mhair an tine seo na céadta bliain. Deirtear go bhfuil Bríd curtha i gCill Dara agus téann daoine ar cuairt ar a huaigh ar an 1ú Feabhra. Tugtar Muire na nGael uirthi.

Ard-Eaglais Chill Dara – deirtear gur tógadh an Ard-Eaglais san áit ar bhunaigh Naomh Bríd mainistir


Mar a tharlaíonn le cuid mhaith féilte, tosaíonn an ceiliúradh an oíche roimh ré. Deirtear go mbíonn Bríd ag siúl thart ar an tír oíche na Féile Bríde. Fágann daoine éadach taobh amuigh den teach le go dtig le Bríd é a bheannú. Tugtar na héadaí seo isteach maidin na Féile Bríde agus deirtear gur éadaí beannaithe iad. Creideann daoine go mbíonn Bríd á gcosaint tríd an bhliain. Déantar crosóga fosta le crochadh sa teach leis an teach a chosaint. Arís, déantar na crosóga an oíche roimhe, ar an 31 Eanáir.

Déantar crosóga Bhríde le luachra. Bíonn siad glas ar dtús agus ansin triomaíonn siad go dath buí


As seo amach, beidh síneadh sa lá agus beidh na bachlóga le feiceáil. Coinnigh súil amach!

Mar a dúirt an file, Antaine Ó Raiftéirí

Anois teacht an Earraigh,
Tá an lá ag dul chun síneadh,
Is tar éis na Féile Bríde,
Ardóidh mé mo sheol.

Tosaíonn na bláthanna de bheith ag teacht amach san earrach – seo plúiríní sneachta


Le déanamh

An ndearna sibhse crosóg Bhríde? An ndearna sibh í cosúil leis an cheann atá le feiceáil thuas? Más mian leat crosóg a dhéanamh ar stíl eile, d’fhéadfá na treoracha seo a leanúint:

Féach ar na pictiúir thíos agus lean na treoracha agus beidh tú ábalta crosóg Bhríde mar a seo a dhéanamh!


1. Is fiú stiallacha páipéir a leagan amach ar an tábla ar dtús, mar seo thíos.


2. Scar na luachra amach ina ndornáin agus cuir dornán luachra síos ar bharr gach stiall pháipéir. Thiocfadh leat iad a cheangal ag an dá thaobh. Má tá luachra maithe agat, ba leor b'fhéidir 6 cinn a bheith i ngach dornán.

3. Ansin, brúigh agus tarraing le chéile iad agus gearr iad le go mbeidh gach géag ar cóimhéid.

NuachtAnois iontach buíoch d’Éamon Ó Dochartaigh as na pictiúir agus na treoracha.


Creidiúintí

baruil