Seachtain na Scéalaíochta

An 29ú Eanáir, 2024


An maith leat scéalta? Nach deas bheith ag léamh, nó ag éisteacht, le scéal agus ligean do do shamhlaíocht pictiúir a tharraingt i d’intinn de gach rud atá ag tarlú? Fiú agus muid ag éisteacht leis an scéal céanna, tá gach seans go mbeidh cuma dhifriúil ar na carachtair agus ar na háiteanna i d’intinn i gcomparáid leis an chuma a bheidh orthu i m’intinn féin. Is é sin an rud atá speisialta faoin scéalaíocht - bíonn dearcadh difriúil ag gach duine ar scéal.


Seo í Seachtain na Scéalaíochta, am le scéalta a léamh, a scríobh agus a roinnt. Ach, ní rud nua í an scéalaíocht! Tá daoine ag insint scéalta leis na mílte bliain! Fadó fadó, sula raibh daoine ábalta scríobh, shuigh siad thart lena chéile ag insint scéalta. Tugadh ómós do na daoine ab fhearr ag insint scéalta, go háirithe iad siúd a bhí ábalta cuimhneamh ar scéalta fada. Mar shampla, thiocfadh le scéalaí tosú a insint scéil oíche amháin cois tine, agus leanfadh sé / sí leis an scéal céanna ar feadh dhá nó trí oíche, go dtí go mbeadh sé críochnaithe. (Tá sin cosúil le leabhar iomlán a athinsint ó do chuimhne!)

Bhí an scéalaíocht iontach tábhachtach, mar sin. D’fhoghlaim ár sinsir cuid mhór ó bheith ag éisteacht le scéalta. D’fhoghlaim siad faoina stair féin - cad é a tharla sa cheantar s’acu sna blianta roimhe sin. An raibh cath ann? Cé a bhain, nó a chaill? D’fhoghlaim siad faoi dhaoine chomh maith agus an cineál carachtair a bhí acu. Cuirim i gcás - daoine a rinne éacht cróga, nó bómánta, nó cladhartha. D’fhoghlaim ár sinsir faoi áiteanna eile tríd an scéalaíocht chomh maith. Nuair a tháinig taistealaí ar ais go dtí a cheantar féin, bhíodh muintir na háite ag iarraidh scéalta a chloisteáil faoi na háiteanna ina raibh sé nó sí.


Bhí an scéalaíocht thar a bheith tábhachtach in Éirinn. Tugadh dhá ainm speisialta ar an nós sin i nGaeilge - seanchas agus béaloideas. Mar is léir ón dá ainm sin, bhain siad le seanrudaí (an stair), agus le bheith ag foghlaim ó bhéal duine eile. B’ionann oide agus múinteoir. (Smaoinigh ar an phríomhoide i do scoil.)


Is ó thraidisiún na scéalaíochta, an seanchas agus an béaloideas, a fuair muid na scéalta ar fad faoi Chú Chulainn, Méabha, Fionn Mac Chumhail, srl. Bhí bród ar ár sinsir faoi na scéalta sin, a tháinig anuas chugainn tríd na mílte bliain. Mhair traidisiún na scéalaíochta níos faide in Éirinn ná áit ar bith eile san Eoraip.


Is léir, mar sin, gur maith linn scéalta! Is scéalaithe muid go nádúrtha sa tír seo. Tapaigh an deis, mar sin, an tseachtain seo, le scéal a roinnt - bíodh sin, scéal a chum tú féin, nó scéal ó leabhar, nó scéal ón seanchas, b’fhéidir. Bain sult as na scéalta - is dual dúinn an scéalaíocht!


Le plé nó le déanamh
Cad é an scéal is fearr leat féin? An dtig leat an scéal sin a athinsint do do rang? Cén duine sa rang atá ábalta an scéal is faide (agus is suimiúla) a athinsint?

Éist le scéal (ón seanchas, b’fhéidir) á léamh ag do mhúinteoir. Thiocfadh leat greannán a tharraingt le himeachtaí an scéil a athinsint in ord.

Cad iad na tréithe a bhíonn ag scéal suimiúil, dar leat? Mar rang, bailígí bhur smaointe agus déanaigí liosta díobh. Cuirigí in ord tábhachta iad, na príomhrudaí ar dtús. Ansin, i ngrúpaí, cumaigí scéalta lena n-insint don rang. Smaoinígí faoin liosta atá agaibh de na tréithe a bhíonn ag scéal suimiúil. Déanaigí cinnte na tréithe sin a úsáid in bhur scéalta.

Cum “scéal ar shealanna” mar rang. (Cuireann duine amháin - an múinteoir nó dalta - tús le scéal. Cumann an duine sin an chéad abairt. Ansin, téann an scéal thart ar an rang agus bíonn seal ag gach dalta abairt eile a chur leis an scéal. Cén sórt scéil a chumfaidh sibh le chéile mar rang? An mbeidh sé maith / greannmhar / aisteach / brónach?)


baruil