An raibh seans agat Lá Lego a cheiliúradh inné? An raibh a fhios agat go raibh Lá Lego ann, fiú? Creid é nó ná creid, ach bíonn lá idirnáisiúnta ann a thugann ómós don bhréagán bheag seo. Is brící beaga iad brící Lego ach is féidir rudaí móra a thógáil astu!
Tá brící Lego ag dul le 70 bliain, beagnach, agus is beag duine nach raibh seans acu súgradh leo. Bhí na brící a chruthaigh Godtfred Kirk Christiansen, fear as an Danmhairg, iontach speisialta. Den chéad uair, bhí brící plaisteacha ann a cheangail dá chéile go daingean agus bhí daoine ábalta rudaí móra casta a dhéanamh leo.
D’éirigh go geal leis an chomhlacht a dhéanann na brící agus thar na blianta, bhí siad ar fáil ar fud an domhain. Fuair daoine boscaí Lego dá lá breithe agus ba mhinic a fuair páistí bosca beag ina stoca maidin Nollag.
Thar am, d’éirigh na tacair níos gleoite agus rinneadh carachtair agus suíomhanna as scannáin agus scéalta clúiteacha. Ach bhí rud amháin i gcónaí fíor, thiocfadh leis na brící uilig ceangal dá chéile.
Tá go maith ach cad chuige a bhfuil Lá Lego ann? Taobh amuigh den sult a bhaineann daoine as Lego, tá buntáistí le Lego chomh maith.
Sa chéad dul síos, is rud maith é bheith ag déanamh rudaí le do lámha, seachas ag brú cnaipí ar an ríomhaire nó an guthán. Tugann sé scileanna tábhachtacha duit. Más maith leat teach a thógáil, beidh ort plean a bheith agat, i d’intinn, ar a laghad. Beidh an scil seo de dhíth más maith leat tithe a thógáil agus tú fásta aníos, mar thógálaí nó mar ailtire.
Is féidir rudaí casta a dhéanamh le Lego
Cuidíonn Lego le do thaobh cruthaitheach chomh maith. Thig leat do shamhlaíocht a úsáid agus do rogha rud a thógáil. Is féidir leat do stíl féin a chur isteach sa rud a thógfaidh tú agus na dathanna is fearr leat a roghnú.
Dealbh déanta de Lego
Le déanamh:
Déan plean de rud ba mhaith leat a thógáil. Thig leat bheith chomh cruthaitheach agus is maith leat. Ina dhiaidh sin, amharc arís ar do phlean. An síleann tú gur féidir leat é a thógáil le brící Lego? An mbeidh ort athruithe a dhéanamh i do phlean?
Má tá brící Lego ar fáil don rang, thiocfadh le grúpaí beaga rud a chruthú le chéile. Beidh oraibh teacht le chéile le plean a chur ar pháipéar agus ansin comhoibriú lena chéile leis an rud a thógáil. Is féidir cluiche a imirt ar an dóigh seo chomh maith. Beidh ar na grúpaí aontú ar rud clúiteach a thógáil (Túr Eiffel, mar shampla) agus beidh ar na grúpaí eile a thomhas cad é atá ag gach grúpa.
Amharc ar an scannán beag seo (nó anseo) le scéal duine amháin a fheiceáil.
Pictiúir:
Carachtair: igra.design / Shutterstock.com
Litriú Lego: Kostikova Natalia / Shutterstock.com
Beirt ag tógáil: Veja / Shutterstock.com
Bosca: patat / Shutterstock.com
Dealbh: RabbitHolePhoto / Shutterstock.com
Lego System: Lumella / Shutterstock.com