An Coilíniú

An 25ú Eanáir, 2024

Bhí daoine ina gcónaí san Astráil le 40,000 bliain sular bhain daoine ón Eoraip an áit amach. Bhí a dteangacha féin, a gcultúr féin agus a stíl bheatha féin acu. Nuair a rinne na hEorpaigh an Astráil a choilíniú, is tubaiste a bhí ann do na daoine bundúchasacha sin.


Ar an 26ú Eanáir, san Astráil, bíonn lá saor ag na scoileanna uilig, ach ní bhíonn gach duine sásta faoi sin. Bíonn lá saor acu mar gur ‘Lá na hAstráile’ a bhíonn ann. Seo an dáta, sa bhliain 1788, nuair a bhain Cabhlach Ríoga Shasana an tír sin amach. Déanann roinnt daoine san Astráil ceiliúradh ar an dáta seo, nó ba é seo an tús leis an Astráil nua-aimseartha. Tá daoine eile ann, áfach, a deir gur lá thar a bheith brónach é seo do bhundúchasaigh na hAstráile, nó seo an lá a thosaigh an cultúr agus an saol s’acu de bheith ag titim as a chéile. Seo an lá a chaill siad a saoirse.


Rinne Sasana an tír a choilíniú

Is é atá i gceist leis an choilíniú ná nuair a ghlacann tír amháin seilbh ar thír eile. Tugann siad ainm difriúil ar an tír. Deir siad gur leo féin amháin í agus gur leo féin amháin gach rud atá sa tír. Cuireann siad rudaí luachmhara ón tír, ór nó airgead nó adhmad, mar shampla, ar ais chuig a dtír féin.

Nuair a thosaigh na hEorpaigh de bheith ag taiscéaladh áiteanna difriúla ar domhan, chonaic siad go raibh go leor saibhris sna háiteanna eile sin. Bhí na hEorpaigh ag iarraidh an saibhreas a choinneáil dóibh féin


Tógann siad coilíneachtaí – seo tithe agus bailte – ar an talamh is fearr. Tugann siad daoine as a dtír féin isteach le cónaí a dhéanamh sna coilíneachtaí seo. 

Póstaer a rinne na Beilgigh le daoine a mhealladh chuig an choilíneacht s’acu sa Bheilg: ‘Gabh ansin! Déan mar a rinne siadsan!’ – má théann tú ann, beidh saol breá agat agus beidh na bundúchasaigh ag obair duit!


Tugaimid na bundúchasaigh ar na daoine a bhí ina gcónaí sa tír cheana. Bíonn ar na bundúchasaigh bogadh ar shiúl ón talamh maith. Úsáideann an tír láidir saighdiúirí leis na bundúchasaigh a stopadh de bheith ag troid ar ais. 

Cuid mhaith den am, bhí arm láidir agus gunnaí ag na saighdiúirí seo, bhí sé furasta acu na bundúchasaigh a mharú

Deir an tír láidir nach bhfuil teanga ná cultúr na mbundúchasach tábhachtach. Caithfidh na bundúchasaigh teanga na tíre láidre a fhoghlaim agus a úsáid. In amanna, tógann an tír láidir scoileanna do na bundúchasaigh. Agus iad ar scoil, foghlaimíonn na páistí bundúchasacha teanga na tíre láidre agus foghlaimíonn siad faoi stair agus cultúr na tíre láidre – ní fhoghlaimíonn siad faoina stair ná a gcultúr féin.

Ba mhaith leis an tír láidir na bundúchasaigh ‘a dhéanamh sibhialta’ nó, dar leo, ní raibh siad sibhialta roimhe sin. 

Scoil a bhí ag an Bheilg san Afraic. Ní hamháin go raibh siad ag iarraidh ar na páistí a dteanga agus a gcultúr féin a ligean i ndearmad, bhí siad ag iarraidh orthu a gcreideamh féin a ligean i ndearmad fosta


Nuair a thógann na coilínigh bailte nua sa tír, tugann siad a n-ainm féin, ina dteanga féin, orthu. Nó má tá bailte ann cheana, athraíonn siad ainm na n-áiteanna sin.

Pictiúr de choilíneacht a thóg an Bhreatain in Iamáice – amharc ar ainm na sráide


An chuid is mó den am, ní bhíonn na cearta céanna ag na bundúchasaigh is a bhíonn ag na coilínigh. Is leis na coilínigh an talamh uilig. Mar sin, bíonn sé níos fusa acu monarchana a thógáil agus feirmeoireacht a dhéanamh. Seo an dóigh a saothraíonn siad airgead. Oibríonn na bundúchasaigh ar na feirmeacha agus sna monarchana, ar bheagán airgid. Cuid mhaith den am, bíonn na coilínigh saibhir agus bíonn na bundúchasaigh bocht.

Daoine bundúchasacha ag obair ar fheirm siúcra


Is iad na coilínigh a rialaíonn an rialtas sa tír. Déanann siadsan na rialacha uilig agus is iadsan a bhíonn i gceannas ar na péas agus ar an arm. Ar an dóigh seo, bíonn siad ábalta na bundúchasaigh a choinneáil faoi smacht.

Príosúnaigh san Afraic i gcoilíneacht de chuid na Gearmáine. D’úsáid na hEorpaigh an lámh láidir leis na daoine bundúchasacha a choinneáil faoi smacht


Ní hiad bundúchasaigh na hAstráile amháin a bhí thíos le coilíniú den chineál seo.

Léarscáil den Afraic – amharc ar chuid de na hainmneacha a thug na hEorpaigh ar dheisceart na hAfraice. Cén fáth ar roghnaigh siad na hainmneacha sin, dar leat?


Rinne na Francaigh coilíniú ar chuid mhór áiteanna fud fad an Domhain, san Afraic, go háirithe. Rinne an Spáinn agus an Phortaingéil coilíniú ar Mheiriceá Theas agus ar roinnt tíortha san Afraic. 

Rinne na Sasanaigh coilíniú ar chuid mhaith áiteanna, fud fad an domhain. Ba iadsan a chuir tús leis an choilíniú a rinneadh ar Mheiriceá Thuaidh.

Agus, ar ndóigh, bhí muid féin thíos go mór leis an choilíniú. Ba in Éirinn a bhí a gcéad choilíneacht riamh roimhe ag na Sasanaigh agus tá an rian a d’fhág siad ar theanga, ar chultúr, ar stair agus ar mhuintir na tíre iontach soiléir. 

Thug Pádraig Mac Piarais ‘The murder-machine’ ar na scoileanna náisiúnta a d’oscail na Sasanaigh in Éirinn. Chuaigh páistí beaga Éireannacha ann le Béarla a fhoghlaim agus le bheith ag foghlaim faoi Impireacht na Breataine. Dar leis an Phiarsach gur iaracht a bhí anseo le teanga agus cultúr na hÉireann a mharú.


Creidiúintí

baruil