Cook gan Chloigeann!

An 25ú Eanáir, 2024


💡 Nod: Sula léann tú an t-alt seo, léigh an fillteán fíricí seo le míniú a fháil ar ‘Coilíniú’!


Tá na péas san Astráil ag fiosrú dhá eachtra loitiméireachta a tharla i lár na hoíche, i gcathair Melbourne, inné.

Sa chéad eachtra, leag daoine dealbh den Chaptaen James Cook agus bhain siad an cloigeann de. Bhí an dealbh níos mó ná céad bliain d’aois. Sa dara heachtra, caitheadh péint dhearg ar dhealbh den bhanríon Shasanach, Victoria. Síleann na péas gurb iad na loitiméirí céanna a bhí taobh thiar den dá eachtra.


Síleann na péas gur ionsaigh na loitiméirí dealbh Cook ar dtús agus ansin gur thaistil siad chuig dealbh Victoria. (Fuair muid na pictiúir seo ó fhíseán a chuir na loitiméirí ar líne)



Tá baint ag an dá dhealbh seo leis an choilíniú a rinne an Bhreatain ar an Astráil. Seo nuair a ghlac na Sasanaigh seilbh ar an tír agus chaith go holc leis na daoine a bhí ann cheana. 

Ba é James Cook an captaen Sasanach a bhí i gceannas ar na báid a thug na chéad Sasanaigh go dtí an Astráil

Mar bhanríon Shasana, bhí Victoria i gceannas ar an Astráil fosta. Tá cathair ‘Melbourne’ suite i stát ‘Victoria’, san Astráil. Ainmníodh an stát in ómós don bhanríon. Naarm an t-ainm a bhí ar Melbourne sular tháinig na Sasanaigh.


Ní comhtharlú ar bith é gur tharla an loitiméireacht seo ag an am seo nó is é an lá inniu ‘Lá na hAstráile’. Bhí nós ann san Astráil, le fada an lá, ceiliúradh a dhéanamh ar choilíniú na tíre ar an dáta seo. Ach, murar leor an dá leid sin le cuidiú leis na péas an fáth a ndearnadh an loitiméireacht a oibriú amach, d’fhág na loitiméirí leid iontach mór eile dóibh. Scríobh siad ‘THE COLONY WILL FALL’ i litreacha móra dearga! 

Radharc eile ón fhíseán. Tá na loitiméirí ag péinteáil teachtaireachta ar dhealbh an Chaptaein Cook.


Mar sin, thig linn bheith measartha cinnte go ndearna na loitiméirí seo damáiste don dá dhealbh seo mar gur cuimhneachán iad na dealbha ar phíosaí den stair nach dtaitníonn leo. Síleann siad go raibh an coilíniú a rinne an Bhreatain ar an Astráil mícheart agus síleann siad nach ceart dealbha de na daoine a rinne an coilíniú a chur ar taispeáint in áiteanna poiblí.

Nuair a rinne na Sasanaigh coilíniú ar an Astráil, chaith siad go han-olc leis na bundúchasaigh. In 1788, bhí chóir a bheith milliún bundúchasach san Astráil. Céad bliain níos moille, ní raibh ach 100,000 fágtha. Inniu, is bundúchasaigh iad 3.2% de phobal na hAstráile


Ar ndóigh, tá sé in éadan an dlí damáiste mar seo a dhéanamh. Ní hamháin sin, bíonn ar na húdaráis airgead poiblí a úsáid leis an damáiste a dhéantar a dheisiú agus le glanadh suas ina dhiaidh. Dúirt Méara an cheantair, Heather Cunsolo, go dtuigeann sí go bhfuil a lán tuairimí láidre agus a lán tuairimí difriúla ann faoi Lá na hAstráile agus faoi chuimhneacháin stairiúla ach nach raibh áit ar bith ag an loitiméireacht san Astráil nua-aimseartha. 

Léiríonn pobalbhreith san Astráil go bhfuil thart ar 60% de na daoine breá sásta Lá na hAstráile a cheiliúradh. Tá a lán daoine ar buile faoin damáiste a rinneadh do dhealbh an Chaptaein Cook.

Inniu Lá na hAstráile. Roimhe seo, ba rud é Lá na hAstráile a bhain leis na daoine geala amháin, ach tá daoine ag iarraidh go mbeidh lá ann a dtig le ach duine é a cheiliúradh


Le plé

𓊝 Baineann an scéal seo le ceist iontach casta – cad é mar a chuimhnímid ar an stair? 

𓊝 Ar cheart pictiúir, dealbha nó ainmneacha daoine a raibh baint acu leis an stair a cheilt [a chur i bhfolach], a scriosadh nó a athrú? Mar shampla, san Afraic Theas, nuair a cuireadh deireadh leis an chinedheighilt, fuair daoine réitithe de chuid mhór siombailí a bhain leis an choilíniú a rinneadh ar an chuid sin den Afraic – arbh é seo an rud ceart?

𓊝 Síleann daoine eile gur cheart siombailí mar seo a choinneáil agus an stair a bhaineann leo a dhéanamh soiléir, le go mbeidh cuimhne ag daoine ar na rudaí a tharla, idir olc agus mhaith. Cad é do bharúil féin?


Seo dealbh d’fhear darbh ainm Edward Colston. Ba Shasanach é ach ba ghnách leis sclábhaithe a choinneáil i Meiriceá. Ba ghnách an dealbh seo a bheith le feiceáil i lár chathair Bhriostó i Sasana. Ach sa bhliain 2020, chlúdaigh daoine le péint é, bhain siad anuas é agus chaith siad isteach san abhainn é. Bhí siad ag agóidíocht in éadan an chiníochais.


Tá clú ar Chríostóir Colambas gurbh eisean an chéad Eorpach le Meiriceá ‘a aimsiú’. Rinne na hEorpaigh slad ar bhundúchasaigh Mheiriceá nuair a rinne siad coilíniú ansin. Bhain daoine an cloigeann den dealbh in 2020, agus iad míshásta faoin chiníochas agus faoin choilíniú


Creidiúintí

baruil