Tuar na hAimsire

An 25ú Eanáir, 2024



An mbíonn tú ag amharc ar an aimsir go minic? Is dócha go ndéanann tú é gan smaoineamh faoi, de ghnáth. Ar maidin, amharcfaidh tú amach an fhuinneog lena fheiceáil má bhíonn sé ag cur. Agus, má tá, déarfaidh do thuismitheoirí, nó do chaomhnóirí, leat cóta a chur ort agus tú ag dul ar scoil.


An tseachtain seo, bhí daoine ag amharc go géar ar an aimsir mar gheall ar stoirm Isha agus stoirm Jocelyn. Bhí an ghaoth iontach láidir le linn na stoirmeacha sin. Shéid sí boscaí bruscair thart, thóg sí trampailíní ó ghairdíní agus rinne sí níos mó damáiste ná sin i gcuid áiteanna.

(Séideadh an trampailín seo bunoscionn agus chóir a bheith thar an chlaí sa stoirm!)


Sa lá inniu, thig linn amharc ar an teilifís, nó ar an ghuthán, le réamhaisnéis, nó tuar na haimsire a fháil. Is é sin nuair a insíonn saineolaithe dúinn cad é mar a bheas an aimsir go ceann cúpla lá, nó go ceann seachtaine.

(réamhaisnéis nó tuar na haimsire ó TG4, ag tabhairt rabhaidh faoi stoirm Jocelyn)


Bíonn seo níos fusa anois mar go bhfuil eolas ar fáil againn go gasta ó na satailítí sa spás. Thig leis na satailítí amharc anuas ón spás agus feiceann siad na scamaill agus na stoirmeacha móra ag bailiú san fharraige agus ag bogadh i dtreo tíre.

(satailítí sa spás agus hairicín mór san fharraige le feiceáil thíos fúthu)


Tugann na satailítí an t-eolas seo ar ais do na saineolaithe ar domhan, agus bíonn siadsan ábalta a rá go mbeidh fearthainn, nó stoirm, srl. ag tarlú amárach, nó i gceann trí lá, mar shampla.


Fadó, fadó, áfach, ní raibh sé chomh furasta sin an aimsir a thuar. Ní raibh an teicneolaíocht ag daoine. Ach, bhí sé go fóill tábhachtach fios a bheith agat cad é mar a bheadh an aimsir. Ba mhaith leis na feirmeoirí fios a bheith acu nuair a bheadh sé tirim go leor leis an fhéar a bhaint sa samhradh.

(Bhain na feirmeoirí an féar le speal fadó agus ghlac sé tamall fada leis an jab sin a dhéanamh.)


Agus, sa gheimhreadh, ba mhaith leo fios a bheith acu dá mbeadh stoirm sneachta ag teacht le go gcuirfeadh siad na beithígh uilig isteach sa scioból. Bhíodh na mairnéalaigh ag amharc go cúramach ar an aimsir chomh maith, agus go leor leor daoine le jabanna eile nach iad. Bhí tionchar mór ag an aimsir ar obair na ndaoine fadó.

(mairnéalaigh ag dul chun farraige)


Ach, cad é a rinne daoine san am sin gan an teicneolaíocht le hinsint dóibh faoin aimsir? Bhuel, d’amharc siad go cúramach ar an nádúr thart orthu. D’éirigh siad iontach maith ag aithint na gcomharthaí beaga a tharla roimh an doineann, nó an drochaimsir. Mar shampla, bhí siad ábalta an aimsir a thuar ó chruth agus ó dhath na scamall. Thug siad faoi deara cá as a dtáinig an ghaoth.


Seo sean-dán a chuir síos ar na gaoithe éagsúla ó na ceithre hairde:


Na gaotha

An ghaoth aduaidh bíonn sí crua

Is cuireann sí gruaim ar dhaoine


An ghaoth aneas bíonn sí tais

Is cuireann sí rath ar shíolta


An ghaoth anoir bíonn sí tirim

Is cuireann sí sioc istoíche 


An ghaoth aniar bíonn sí fial

Is cuireann sí iasc i líonta.



Tugann an ghaoth aduaidh aimsir fhuar, shneachtúil léi, ach tugann an ghaoth aneas aimsir shéimh, níos teo léi. D’amharc na daoine fadó go géar ar dhath na gréine agus í ag dul faoi. Agus dá bhfeicfeadh siad fáinne solais thart ar an ghealach, ghlac siad leis sin mar thuar stoirme.


Is iontach go raibh ár sinsir ceart go mion minic leis na comharthaí a d’úsáid siad leis an aimsir a thuar. Deir na saineolaithe anois go dtarlaíonn fáinne solais thart ar an ghealach nuair a bhíonn an solas ag soilsiú tríd chriostail oighir thuas go hard san atmaisféar. De ghnáth, thit na criostail oighir sin mar chlocha sneachta, nó flichshneachta, nó mar fhearthainn throm, an lá dar gcionn nuair a shoilsigh an ghrian orthu.

(criostail oighir ag titim mar chalóga sneachta)


Le plé nó le déanamh

🌤️ An dtugann tú an aimsir faoi deara go minic? Cén sórt aimsire is fearr leat, nó is measa leat? Cad chuige?


⛈️ An síleann tú go dtugann daoine níos mó, nó, níos lú airde ar an aimsir sa lá atá inniu ann? Cad chuige sin, dar leat?


🌫️ Cén fáth a mbeadh na mairnéalaigh ag amharc go cúramach ar an aimsir fadó, i do bharúil? An dtig leat smaoineamh ar jabanna ar bith eile a bhíodh ag brath go mór ar an aimsir? 


❄️ Cuir ceist ar do thuismitheoirí, nó ar do sheantuismitheoirí, an bhfuil comharthaí aimsire ar bith ar eolas acu a chuidigh le daoine an aimsir a thuar.


🌨️ Cá mhéad focal a bhaineann leis an aimsir atá ar eolas agat? Bailigh liosta mar rang agus scar iad in dhá ghrúpa - Dea-aimsir agus Droch-aimsir. Tarraing pictiúir leis na focail / frásaí aimsire éagsúla a léiriú agus cuir in airde iad sa seomra ranga mar thaispeántas.


🗺️ Amharc ar léarscáil an domhain. Cén fáth, i do bharúil, a mbíonn dea-aimsir ag teacht leis an ghaoth aneas agus droch-aimsir leis an ghaoth aduaidh? Fiosraigh cá as don ghaoth anoir agus an ghaoth aniar (amharc ar an chompás). 



baruil