Contúirtí na Cluichíochta

An 24ú Eanáir, 2024


An gcaitheann tusa barraíocht ama i mbun cluichíochta?


An mbíonn tusa ag imirt cluichí ar líne? An síleann tú go bhfuil seans ann go gcaitheann tú barraíocht ama os comhair an scáileáin? An mbíonn do thuismitheoirí ag tabhairt amach duit ó am go chéile faoin mhéid ama a chaitheann tú ar líne? 

Bhuel, más bíonn, síleann agus bíonn na freagraí a thug tú ar na 3 cheist sin – b’fhéidir NÁR cheart duit ligean do do thuismitheoirí an chuid eile den alt seo a léamh!

Deir na dochtúirí nach rud maith é barraíocht ama a chaitheamh os comhair scáileáin


Tá dochtúirí ag rá le fada an lá nach rud maith é barraíocht ama a chaitheamh ag cluichíocht ar líne. Bhí siad ábalta a chruthú, roimhe seo, go mbaineann roinnt contúirtí le tréimhsí fada a chaitheamh os comhair an scáileáin. 

Ar na contúirtí seo, tá:

🎮 baol go n-éireoidh tú míshláintiúil mar go bhfuil tú i do shuí ar chathaoir seachas a bheith amuigh ag déanamh aclaíocht de chineál éigin;

Níl sé maith duit suí os comhair an scáileáin rófhada, gan aclaíocht a dhéanamh!


🎮 baol go dtarlódh gortú athstraidhneála duit. Seo gortú a tharlaíonn má bhogann tú an ball coirp céanna arís agus arís eile. Mar shampla, d’ordóg nó caol do láimhe, agus tú i mbun cluichíochta;

Gortú athstraidhneála – gortú a tharlaíonn nuair a straidhneálann tú ball coirp trína a bhogadh an bealach céanna arís agus arís eile gan stad


🎮 baol nach mbeidh tú ábalta codladh i gceart;

Má bhíonn tú ar an scáileán roimh am luí, bíonn sé deacair d’intinn a shocrú le dul a chodladh


🎮 baol nach mbeidh tú ábalta d’aird a dhíriú ar d’obair scoile i gceart nó ar rudaí eile;

Arís, ní chuidíonn sé leat aird a dhíriú sa rang má bhíonn tú iontach tuirseach mar gur chaith tú barraíocht ama i mbun cluichíochta


🎮 baol go n-éireoidh tú tugtha don ríomhaire.

Má éiríonn tú tugtha don chluichíocht ar líne – ní bheidh tú ag iarraidh rud ar bith eile a dhéanamh, agus NÍ BHEADH SÉ SIN MAITH DUIT!



Agus anois, deir na dochtúirí go bhfuil siad i ndiaidh teacht ar bhaol eile a thagann le barraíocht ama a chaitheamh i mbun cluichíochta. Tá siad i ndiaidh amharc ar 14 staidéar dhifriúla, ó áiteanna difriúla ar domhan, a dhírigh isteach ar leibhéal fuaime na gcluichí ríomhaire. Chonaic siad go mbíonn nós ag daoine óga an leibhéal fuaime a bheith ard, nó ró-ard, acu agus iad ag imirt. Deir na dochtúirí go bhfuil sé seo contúirteach agus go méadaíonn sé an baol go mbeidh fadhbanna éisteachta acu lá níos faide anonn sa saol.

Ná bíodh an fhuaim ró-ard agat agus tú ag imirt!


Mar sin – an gciallaíonn sé seo uilig gur cheart do dhaoine óga éirí as an chluichíocht? Ní chiallaíonn ar chor ar bith! Níl ann ach gur cheart GAN barraíocht ama a chaitheamh os comhair an scáileáin – agus GAN an fhuaim a bheith ró-ard! Má bhíonn cothromaíocht ann idir gníomhaíochtaí sláintiúla eile agus am cluichíochta, tá fianaise ann go gcuidíonn an chluichíocht leat do scíste a dhéanamh agus fáil réitithe de strus – fad is nach dtéann tú thar fóir!

Tá spraoi le baint as an chluichíocht – fad is nach dtéann tú thar fóir!


Le plé agus le déanamh


🕹️ An mbíonn tusa ag cluichíocht? Cá mhéad ama a chaitheann tú os comhair an scáileáin gach lá? An síleann tú gur barraíocht ama é sin? Mínigh do fhreagra.

🕹️ Cén fáth, i do bharúil, a bhfuil sé tábhachtach cothromaíocht a bheith ann idir cluichíocht agus gníomhaíochtaí eile?

🕹️ An dtig leat smaoineamh ar ghníomhaíochtaí sláintiúla a thiocfadh linn a dhéanamh nuair a bhíonn drochaimsir ann taobh amuigh?

🕹️ An bhfuil leideanna ar bith agat a chuideodh le daoine eile cothromaíocht a fháil idir am ar an ríomhaire agus am ag gabháil do ghníomhaíochtaí eile. Mar rang, thiocfadh libh teacht aníos le liosta leideanna.


baruil