Piongainí ag plódú!

An 19ú Eanáir, 2024

Is ainmhithe thar a bheith spéisiúil iad na piongainí. I dtús báire, is éin iad, ach ní fiú duit amharc sa spéir dóibh! Rud eile atá suimiúil fúthu, ná go mbíonn siad ina gcónaí i gcuid de na háiteanna is fuaire ar domhan, de ghnáth. Tá an chuid is mó acu ina gcónaí in Antartaice, nó ar na hoileáin atá thart uirthi. Samhlaigh do shaol a chaitheamh ar na tailte sioctha sin a bhíonn clúdaithe le hoighear agus le sneachta le linn an ama!

(An Phol Theas agus Antartaice)


Ní nach ionadh, mar sin, go gcaitheann na piongainí cuid mhaith ama san uisce. Tá cúpla cúis leis sin. I dtús báire, níl bia ar bith le fáil acu ar an talamh agus ní féidir leo eitilt. Le fírinne, bíonn siad ciotach ag siúl ar an talamh, chomh maith. In amanna, sleamhnaíonn siad thart ar an oighear ar a mbolg mar go mbíonn sé níos gasta dóibh ná bheith ag siúl ar an talamh.

(Piongain sa sneachta, ag sleamhnú ar a bolg)


Ach, bíonn na piongainí fíorábalta san uisce! Is féidir leo gearradh tríd an uisce chóir a bheith ceithre huaire níos gasta ná snámhaí ar bith sna Cluichí Oilimpeacha! Ní hamháin go mbíonn na piongainí iontach maith agus gasta ag snámh san fharraige, ach thig leo tumadh go domhain fosta ar lorg éisc bhlasta le hithe.

(Piongain Impireach ag tumadh faoin uisce)


Ach cén dóigh nach mbíonn siad préachta sna tailte fuara sin? Bhuel, cuidíonn na cleití leo aer te a cheapadh thart ar a gcorp agus iad ar talamh. Tá ciseal speisialta sáille, blonag, thíos faoina gcraiceann, chomh maith. Cosnaíonn an bhlonag ar an fhuacht iad nuair a bhíonn siad san uisce.

(Tá blonag thíos faoi chraiceann na míolta móra fosta, le hiad a chosaint ar an uisce fuar.)


(an bhlonag faoi chraiceann an bhéir bháin)

Tá a lán cineálacha éagsúla piongainí ann. Ach, tá a lán cosúlachtaí idir eatarthu uilig. Mar shampla, tá a gcuid cleití dubh agus bán agus uiscedhíonach. Tá cosa scamallacha orthu chomh maith le cuidiú leo snámh go gasta.

(Bíonn craiceann idir na ladhracha ar chosa scamallacha na bpiongainí)


Is maith le piongainí comhluadar agus cónaíonn siad i ngrúpa mór lena chéile, darb ainm coilíneacht. Bíonn na mílte (nó, in amanna, na milliúin) acu ina gcónaí le chéile i gcoilíneacht! Cruthaíonn siad neadacha do na huibheacha s’acu as na clocha a bhíonn le fáil ar an trá in Antartaice. Glacann na tuismitheoirí sealanna le haire a thabhairt do na huibheacha, go dtí go dtagann ha piongainí óga amach astu.

(Coilíneacht de phiongainí impireacha, idir óg agus aosta)


Bíonn an saol crua in Antartaice mar gheall ar an fhuacht fheanntach. Ach thar bhlianta fada, d’fhorbair na piongainí le bheith in ann maireachtáil san áit iargúlta sin.


Le plé nó le déanamh

An bhfaca tú piongain riamh? Cén áit? Cad é a shíleann tú den ainmhí seo?


An dtiocfadh leat na focail atá clóbhuailte go trom a mhíniú le focail agus / nó le pictiúir le do chairde/ do rang?


Ar fhoghlaim tú rud ar bith úr faoi na piongainí ón alt seo? Scríobh do thuairisc féin faoi na piongainí anois, nó, faoi chineál amháin piongaine. (Thiocfadh leat an tasc seo a dhéanamh i ngrúpa fosta.) Smaoinigh faoi na teidil seo a leanas: an chuma atá orthu, gnáthóg, bia, saolré, creachadóirí agus fíricí ar bith eile atá suimiúil?


Bíonn roinnt piongainí le fáil in áiteanna atá measartha te. Déan taighde le heolas a bhailiú ar na piongainí sin agus ar an ghnáthóg s’acu.

Tá níos mó eolais san fhillteán fíricí seo a chuideoidh leat.



baruil