CES 24

An 16ú Eanáir, 2024


Tugann na mílte duine cuairt ar an seó mór teicneolaíochta seo gach bliain

Pictiúir le CES


Gach bliain, in Las Vegas Mheiriceá, bíonn seó ollmhór teicneolaíochta ann – an Consumer Electrics Show, nó CES. Tagann cuid mhór comhlachtaí, idir mhór agus bheag, chuig an seó leis an teicneolaíocht is úire dá gcuid a chur ar taispeáint don saol mór. Tugann an seó leid dúinn faoi na cineálacha rudaí a bheas ar díol sna siopaí i gceann cúpla bliain, nó go fiú cúpla mí. 

Fear ón chomhlacht Samsung ag caint faoin Intleacht Shaorga ag CES 24

Pic le CES

I mbliana, bhí an intleacht shaorga go mór chun cinn i gcuid mhaith de na táirgí a cuireadh ar an ardán. Baineann an intleacht shaorga le ríomhairí nó rudaí atá ábalta smaoineamh dóibh féin, ar bhealach. Mar sin, má thaitníonn Alexa nó Siri leat, beidh tú sásta a chluinstin go mbeidh cuid mhór rudaí eile ar díol a mbeidh muid ábalta idirghníomhú leo amach anseo!

Cuireadh lear mór rudaí suimiúla, go leor rudaí spreagúla agus roinnt rudaí saoithiúla ar taispeáint ag CES 24 – seo thíos cur síos ar chuid de na táirgí todhchaí a sheas amach dúinne…


Suimiúil…


Pána gloine, nó teilifíseán?

Thaispeáin Samsung an chéad teilifíseán micri-LED riamh don domhan. Is teilifíseán é ach tá cuma pána gloine air agus bíonn sé iomlán trédhearcach agus é múchta. 

Tá an scáileán nua de chuid Samsung trédhearcach

Pic le Samsung


Carranna cliste

Seo smaoineamh a chuir an comhlacht Hyundai ar taispeáint. Cuid mhór leoraithe féin-tiomána a úsáideann an gás hidrigin mar bhreosla. Thig linn hidrigin a fháil ó uisce.

Físeán le Hyundai


I mbliana, bhí carranna féin-tiomána ar taispeáint agus bhí go fiú carranna cearnógacha ann, cosúil le rud a d’fheicfeá i scannán ficsean eolaíochta. Ach bhí carranna níos réadúla ann fosta, a bheas ag teacht amach ar an mhargadh go luath.

Beidh an Intleacht Shaorga in úsáid ag an chomhlacht Volkswagen ina gcuid carranna nua 

Pic le Volkswagen

D’fhógair cúpla comhlacht go mbeidh ChatGPT in úsáid sna carranna nua s’acu leis an saol a dhéanamh níos fusa don tiománaí. Beidh tú ábalta go leor rudaí a iarraidh orthu:

🚗 Cad é an bealach is gasta go Baile Átha Cliath?

🚗 Cá bhfuil an pointe luchtaithe is cóngaraí? (Mar gur carranna leictreacha iad!); nó…

🚗 Cad é mar a osclaím an búit sa rud seo?!? 

Beidh tú ábalta ‘labhairt’ leis an charr le heolas a fháil

Pic le Volkswagen


Spreagúil…


Cúntóirí róbatacha tí

Thaispeáin Samsung Ballie dúinn – róbat beag ar chruth liathróide a choinníonn súil ar an teach duit agus a labhraíonn le rudaí cliste eile sa teach le jabanna a dhéanamh duit. Úsáideann Ballie intleacht shaorga le do chuid nósanna a fhoghlaim.

Ballie – ‘labhraíonn’ sé le rudaí cliste eile sa teach agus thig leis pictiúir a theilgean ar an bhalla

Físeán le Samsung


Thaispeáin an comhlacht LG an róbat s’acu féin dúinn. Bogann sé thart ar dhá roth agus bíonn sé i gcónaí ag iarraidh spion maith a chur ort. Cuirfidh sé scairt ar an otharcharr, go fiú, má shíleann sé go bhfuil tú tinn!

An cúntóir róbatach de chuid an chomhlachta LG

Pic le LG


Dé-shúiligh éanbhreathnaithe

An maith leat bheith ag éanbhreathnú? Bhuel, má tá $4,799 ina luí thart agat, b’fhiú go mór duit na déshúiligh seo a cheannach. Úsáideann siad an intleacht shaorga le cuidiú leat níos mó ná 9,000 speiceas difriúil d’éin, agus d’ainmhithe eile a shainaithint!

Físeán le Swarovski


Saoithiúil…


Scáthán cliste

‘A scátháin, a scátháin, ar an bhalla…cén sórt spion atá orm inniu?’ – ach amháin, ní gá duit an cheist a chur go fiú! Úsáideann an scáthán seo an intleacht shaorga le do ghnúis agus do ghlór a thomhas lena dhéanamh amach cén sórt spion atá ort. Má bhíonn drochspion ort, labhraíonn sé leat le hardú meanman a thabhairt duit!

Scáthán cliste – cuir ceist air an tusa an duine is áille sa tír!

Pic le Baracoda


Suíochán leithris a labhraíonn tú leis

‘Alexa, sruthlaigh!’. Ní thig linn mórán eile a rá faoin cheann seo!

Cibé comhrá a bhíonn agat leis an leithreas cliste seo, coinnigh agat féin é!

Pic le Kohler


Le plé / le déanamh

🤖 Cé acu de na smaointe thuas is fearr leat agus cén fáth?

🤖 Tugaimid aireagóir ar dhuine a thagann anuas le smaoineamh nó táirge úrnua. (Agus tugaimid aireagán ar an rud a chruthaíonn an t-aireagóir). Samhlaigh gur aireagóir thusa agus go bhfuil aireagán úrnua cruthaithe agat. Cad é atá ann, cad é a dhéanann sé agus cad chuige a bhfuil sé de dhíth ar dhaoine?


baruil