Martin Luther King Jr.



An 15ú Eanáir, 2024


Martin Luther King Jr. – an fear a bhain cearta sibhialta amach do phobal gorm Mheiriceá

Bíonn Lá Martin Luther King ar siúl gach bliain i mí Eanáir. Is lá é seo nuair a chuimhnímid ar fhear a rinne cuid mhór le go mbeadh cearta cothroma ag gach duine sna Stáit Aontaithe, beag beann ar dhath an chraicinn s’aige nó s’aici. Bhí an teachtaireacht a bhí ag Martin Luther King chomh láidir sin gur spreag sé daoine fud fad an Domhain – go fiú anseo in Éirinn.

Rugadh Martin ar an 15 Eanáir, 1929, i gcathair Atlanta i Stát Georgia, i ndeisceart na Stát Aontaithe. Is ceantar é seo ina raibh an ciníochas iontach láidir. Níor cuireadh deireadh leis an sclábhaíocht sa chuid seo de Mheiriceá go dtí an bhliain 1865 – níos lú ná 70 bliain roimh bhreith Martin.

Sclábhaithe i Meiriceá sna blianta 1800. Bhí an sclábhaíocht go fóill ceadaithe go dtí an bhliain 1865

Daoine gorma ‘ar díol’ ag margadh sclábhaíochta

Fuair Martin a chéad bhlaiseadh den chiníochas nuair nach raibh sé ach 6 bliana d’aois. Bhí cara aige a raibh craiceann geal aige ach stop daidí a charad é de bheith ag súgradh le Martin mar gur gasúr beag gorm é.

Bhí ar pháistí gorma dul ar scoil leo féin, ní raibh cead acu meascadh le páistí geala

Bhí an saol iontach míchothrom do na daoine gorma. Cé nach raibh an sclábhaíocht ann níos mó, bhí dlíthe ann go fóill a rinne an saol iontach deacair dóibh. Na ‘Dlíthe Jim Crow’ an t-ainm a bhí ar na dlíthe seo. Bhí siad ann leis na daoine gorma a choinneáil scartha ó dhaoine geala agus a choinneáil thíos.

Bhí sé níos deacra ag daoine gorma tithe a fháil

Caifé i Stát Missouri sna 1950idí

Ní raibh cead acu dul chuig an scoil chéanna le daoine geala, ní raibh cead acu dul chuig na pictiúrlanna céanna. Ní raibh cead acu fiú ól as an uisce céanna nó suí san áit chéanna ar an bhus.

Ní raibh cead ag daoine gorma suí leis na daoine geala san amharclann ná sa phictiúrlann

Cé go raibh na dlíthe ina thír féin ina éadan, d’éirigh go maith le Martin. Bhí sé thar a bheith cliste agus chríochnaigh sé an bhunscoil dhá bhliain luath. Chuaigh sé chuig an mheánscoil agus ansin, chuaigh sé ar aghaidh chuig an ollscoil. Bhain sé céim dhochtúireachta amach, an chéim is airde a thig leat a fháil.

Dealbh den Dochtúir Martin Luther King Jr. taobh amuigh d'Ollscoil Newcastle i Sasana

I rith a shaoil, áfach, bhí Martin Luther King i gcónaí ag smaoineamh ar dhaoine eile. Bhí sé ag iarraidh go mbeadh seans cothrom sa saol ag achan duine.

Tharla rud sa bhliain 1955 a chuir cor i gcinniúint Martin. Sa bhliain sin, bhí seanbhean ina suí ar bhus. Tháinig fear isteach agus dúirt sé léi éirí – bhí seisean ag iarraidh suí san áit sin. Dhiúltaigh an bhean, bhí sise ann ar dtús. Ní raibh sé cothrom.

Na péas ag glacadh méarlorg Rosa Parks i ndiaidh di an dlí a bhriseadh

 Rosa Parks an t-ainm a bhí ar an bhean, bhí sí gorm. Bhí an fear geal. Tharraing na péas Rosa amach as an bhus agus ghabh siad í. Bhí uirthi an oíche a chaitheamh sa phríosún. Thosaigh Martin Luther King agóid le seasamh suas do Rosa, agus don phobal ghorm ar fad. Spreag Martin an pobal le baghcat a dhéanamh ar na busanna ar fad sa chontae. 

D’eagraigh Martin Luther King a lán agóidí le cearta sibhialta a fháil don phobal ghorm

Ina dhiaidh sin, d’eagraigh sé agóid eile, agus agóid eile – diaidh ar ndiaidh, chuir sé in éadan na ndlíthe agus na rialacha míchothroma uilig a bhí ann i Meiriceá. Bhí gach agóid dá chuid síochánta.

Sa bhliain 1963, lean slua mór de 250,000 duine é nuair a mháirseáil siad tríd chathair Washington, ag iarraidh cearta sibhialta agus deireadh leis na dlíthe míchothroma. In 1964, thug sé an óráid chlúiteach s’aige – ‘Tá aisling agam… I have a dream…’ Seo an bhliain, faoi dheireadh, nuair a ghéill rialtas Mheiriceá. Rith siad Dlí na gCeart Sibhialta agus chuir siad deireadh leis na dlíthe míchothroma uilig in éadan an phobail ghoirm.

Ar an drochuair, níor chuir sé sin deireadh leis an fhuath, agus leis an chiníochas, a bhí go fóill i gcroí go leor daoine. Ar an 4ú Aibreán, 1968, agus é ina sheasamh ar bhalcóin taobh amuigh de sheomra óstáin, scaoileadh Martin Luther King agus fuair sé bás.

Tá an ciníochas go fóill ann inniu, i Meiriceá, agus i dtíortha eile, Éire san áireamh. Bíonn fuath ag daoine ar dhaoine eile mar go bhfuil siad difriúil ar dhóigh éigin. Ar an dea-uair, tá cuimhne go fóill ag go leor daoine ar obair agus ar aisling Martin Luther King, le go mbeadh seans cothrom ag gach duine. Thig linn uilig ár gcuid féin a dhéanamh le deireadh a chur leis an chiníochas. 

Thig linn uilig rudaí a fhoghlaim ó shaol agus ó shampla Martin Luther King


Pictiúir:

Líníocht MLK: 360b / Shutterstock.com

Múrphictiúr: Forty3Zero / Shutterstock.com


baruil