Lá MLK

An 12ú Eanáir, 2024


Cad chuige a mbíonn laethanta speisialta ann do dhaoine áirithe? An mbíonn coiste ann a shocraíonn cén duine atá tábhachtach go leor lena cheiliúradh? Nó an bhfeiceann gach duine go bhfuil tábhacht leis an duine agus bíonn an ceiliúradh mar rud nádúrtha? Is dócha go bhfuil an dá rud fíor ach tá an scéal faoi Lá Martin Luther King iontach spéisiúil ar fad.

Dealbh MLK

Gach bliain, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, druideann cuid mhór d’oifigí rialtais agus scoileanna le ceiliúradh a dhéanamh ar Martin Luther King. Is lá saoire é chomh maith ag a lán comhlachtaí agus eagraíochtaí eile.

Rugadh Martin Luther King, nó MLK ar an 15ú Eanáir 1929 agus chaith sé a shaol ag troid ar son cothromais, go háirithe idir daoine geala agus daoine gorma. Nuair a bhí MLK ag fás aníos, ní raibh cead ag daoine gorma dul isteach in áiteanna a bhí ar fáil do na daoine geala amháin. San áireamh, bhí scoileanna, ionaid oibre, suíocháin ar an bhus agus fiú leithris.

Bhí sé mar cheannaire ar an ghluaiseacht cearta daonna agus chuir sé béim ar mhórshiúlta le náire a chur ar na húdaráis le cothromas a thabhairt isteach. Ar an drochuair, ar an 4ú Aibreán, 1968, maraíodh MLK.

King ag mórshiúl mór i 1963 in Washington, D.C.

Thosaigh an feachtas le Lá MLK a fháil go díreach i ndiaidh a bháis. Go dtí sin, ní raibh lá saoire náisiúnta ach ag George Washington agus Críostóir Colambas. Faoin bhliain 1980, thiontaigh lucht an fheachtais ar phobal mór Mheiriceá agus chuidigh daoine cáiliúla leis. Scríobh Stevie Wonder an t-amhrán ‘Happy Birthday’ (Ní ‘Lá Breithe Sona Duit’ ach amhrán iomlán eile) le haird a dhíriú ar an chás. Má éisteann tú go cúramach leis na focail, cluinfidh tú é ag rá gur chóir go mbeadh lá speisialta ann do MLK. Chomh maith leis sin, shínigh 6 mhilliún duine achainí ar a shon.

Stevie Wonder

Sa deireadh, sa bhliain 1983, tháinig Lá MLK isteach go hoifigiúil. Déantar Lá MLK a cheiliúradh ar an tríú Luan de mhí Eanáir, agus, ar ndóigh, ní bhíonn an dáta céanna ann gach bliain. Inniu, an 15ú Eanáir, Lá MLK i mbliana, ach an 20ú Eanáir a bheas ann in 2025.


Le déanamh:

Mar rang nó mar ghrúpa, cuirigí liosta le chéile de dhaoine, dar libh, ar chóir lá speisialta a dhéanamh dóibh (daoine ar ndóigh, nach bhfuil lá speisialta acu cheana féin!). Nuair a bheas an liosta agaibh, roghnaígí duine le labhairt ar son gach duine agus duine le labhairt ina n-éadan. Ag an deireadh, vótálaigí ar son duine amháin. Cén dóigh a ndéanfaidh sibh an lá a cheiliúradh?


An dtig leat smaoineamh ar rudaí nach bhfuil cothrom sa lá inniu? In bhur ngrúpaí, déan liosta amach de thrí rud nach bhfuil cothrom go fóill sa lá inniu.


Pictiúir:

Póstaer: Tada Images / Shutterstock.com

Dealbh: Orhan Cam / Shutterstock.com

Stampa: MM_photos / Shutterstock.com

Stevie Wonder: Grindstone Media Group / Shutterstock.com

MLK ag caint le slua: Creative Commons


baruil