Stailc mhór

An 8ú Eanáir, 2024


Má tá tú i do chónaí ó thuaidh, beidh lá saoire breise agat an tseachtain seo chugainn. Ach ní gnáthlá a bheidh ann nó beidh na múinteoirí, mar aon lena lán oibrithe eile, ar stailc. Téann oibrithe ar stailc nuair a bhíonn siad míshásta faoi rudaí, an dóigh a ndéanann siad an obair nó íseal, mar shampla.

Déardaoin an 18ú Eanáir an dáta a mbeidh an stailc ar siúl agus stopfaidh na mílte oibrí de bheith ag obair ar an lá. Ar na hoibrithe a bheidh ar stailc, beidh múinteoirí agus oibrithe oideachais, oibrithe sláinte sna hotharlanna agus daoine a oibríonn don rialtas in oifigí. Deir na hoibrithe seo go bhfuil a bpá ró-íseal agus nach féidir leo íoc as na bunrudaí anois.

Otharlann na Cathrach, Béal Feirste

Is ceart é atá ag oibrithe go dtig leo dul ar stailc. Má bhíonn daoine ag obair san áit chéanna nó ag déanamh na hoibre céanna, is minic a thagann siad le chéile i gceardchumann. Is cineál de chlub é ceardchumann a sheasann do na hoibrithe. Déanann an ceardchumann idirbheartaíocht leis na fostóirí.

De ghnáth, is í an stailc an chéim dheireanach atá ag oibrithe. Caithfidh an ceardchumann a fháil amach an bhfuil na hoibrithe sásta dul ar stailc agus bíonn vóta acu. Má bhíonn tú ar stailc ní fhaigheann tú pá don am sin ach is féidir leis an cheardchumann pá stailce a íoc. Ní bhíonn an oiread céanna airgid i gceist le pá stailce, áfach.

Ní gá do gach duine sa cheardchumann dul ar stailc ach bíonn drogall ar dhaoine dul ag obair agus a gcuid cairde ar stailc. Cuireann an ceardchumann ‘picéad’ ag bealach isteach na hoibre agus labhraíonn na daoine ar an phicéad le duine ar bith a bheadh ag smaoineamh ar an stailc a bhriseadh.

Stailceoirí ar phicéad

Má théann a lán daoine ar stailc ag an am céanna, tugtar ‘ollstailc’ air sin. Bhí ollstailc i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1913 agus dhún na fostóirí na hoibrithe amach.

Dealbh Jim Larkin, ceannaire Stailc 1913, i mBaile Átha Cliath


Le plé:

Ní aontaíonn gach duine gur ceart é dul ar stailc. An gcreideann tusa sin? Nó an síleann tú gur cosc ar do chearta daonna é mura ligtear duit dul amach ar stailc? An síleann tú go bhfuil poist ann nár chóir ligean do na hoibrithe dul ar stailc? Tabhair samplaí má aontaíonn tú leis sin.


Pictiúir

SIPTU: Damien Storan / Shutterstock.com

Múinteoirí ar stailc: Sheila Fitzgerald / Shutterstock.com

Otharlann na Cathrach BF: James Kennedy NI / Shutterstock.com

Jim Larkin: noel bennett / Shutterstock.com


baruil