Pirimidí

An 20ú Nollaig, 2023


Bunaithe ar alt a scríobh Hanna Nic Eoin

Sa sean-am, thóg daoine struchtúir mhóra a dhírigh ar an spéir. Ar fud an domhain, feictear go raibh an smaoineamh céanna ag a lán cultúr – an phirimid. Is struchtúr speisialta í an phirimid. De ghnáth, tógtar í ar chearnóg nó dronuilleog, nó, in amanna, ar thriantán, agus buaileann na sleasa le chéile ag pointe ag an bharr. Bíonn gach slios ina thriantán.

Den chuid is mó, tógadh na sean-phirimidí ar chearnóga. Sin an bonn is fearr leis an phirimid is airde a thógáil. Ar feadh na mílte bliain, ba iad na pirimidí an struchtúr ba mhó a thóg daoine.


Cad é a úsáideadh le pirimidí a thógáil?

An chéad rud a bhí de dhíth ná talamh slán láidir nach n-imeodh ó mhaith go furasta. I gcás cuid mhaith de na pirimidí, baineadh úsáid as clocha oll-mhóra. Bhí cloch cosúil le haolchloch [pic] úsáideach san Éigipt nó bhí sí ar fáil sa cheantar agus láidir. Chomh maith leis sin, bhí sé furasta aolchloch a ghearradh ina bloic le cuidiú leis an tógáil. Taobh amuigh de na samplaí is fearr, rinneadh pirimidí beaga le cloch agus cré in áiteanna, chomh maith.

Is cloch láidir í aolchloch

In amanna, cuireadh clocha beaga clúdaigh ar bharr na mbloc le cuma dheas a chur ar an phirimid.


Cad é mar a tógadh iad?

Níl muid iomlán cinnte cén dóigh a ndearnadh cuid de na pirimidí is fearr ar fud an domhain agus bheadh sé doiligh orainn iad a thógáil fiú sa lá inniu. Síleann eolaithe go nglacfadh sé na mílte oibrí leis na pirimidí is mó a thógáil agus go nglacfadh sé blianta fada.

Seans maith gur úsáideadh sclábhaithe le cuid mhaith acu a thógáil, ach síleann eolaithe anois go raibh dream ceardaithe a raibh meas mór orthu ag obair ar phirimidí na hÉigipte.


Cad é an úsáid a bhí leis na pirimidí?

Bhí go leor úsáidí leis na pirimidí ar fud an domhain. Cuid acu, úsáideadh iad mar thuamaí do cheannairí móra a fuair bás. Cuid eile acu, bhí siad in úsáid mar theampaill nó mar dhóigh chun cumhacht an rí a thaispeáint. Fuair eolaithe amach go bhfuil roinnt pirimidí dírithe ar réalta agus síleann siad go bhfuil baint acu leis an réalteolaíocht.

Tá cuid de na pirimidí leagtha amach de réir réaltaí áirithe.


Pirimidí ar fud an Domhain:


Mór-phirimid Giza san Éigipt

Dream iontach tábhachtach a bhí sna Sean-Éigiptigh agus bhí sibhialtacht iontach ársa acu thart ar Abhainn na Níle. Tógadh tuama don Rí Khufu thart ar an bhliain 2550 RC. Tá sé ar an phirimid is mó de thrí phirimid atá ar an láthair in Giza. Ghlac sé 20 bliain ar 100,000 oibrí lena tógáil, dar leis na heolaithe.

Mór-phirimid Giza (chun tosaigh)

San iomlán, tá 2.3 milliún bloc cloiche ann agus tá sí 143 méadar ar airde. Gach bloc, tá sé thart ar 2.5 tonna an ceann. Sa sean-am, bhí cuma lonrach bhán taobh amuigh. Tá Pirimidí Giza ar an cheann ba shine de Sheacht nIontas an Domhain Ársa.

Úsáideadh bloic mhóra leis an phirimid a thógáil


Pirimid Djoser, an Éigipt

Tá níos mó ná 100 pirimid san Éigipt san iomlán ach is cosúil gurbh é seo an chéad cheann. Ba é Imhotep, an chéad tógálaí pirimidí san Éigipt, a thóg é. Duine fíor a bhí ann a bhí ina ard-sagart ach níl an carachtar atá aige sa scannán The Mummy go hiomlán ceart.

Imeotap


Is pirimid chéimneach í agus níl sí cosúil le Pirimid Giza. Bíonn pirimidí céimneacha níos ísle, de ghnáth, agus téann siad in airde ina gcéimeanna. De ghnáth, bíonn an barr cothrom seachas bheith ina pointe.


Chichen Itza, Meicsiceo

Tá a lán struchtúr stairiúil ag Chichen Itza ach is é Teampall Kukulcan an ceann is clúití. Níl na seandálaithe iomlán cinnte faoi cá huair a tógadh é ach bhí sé in ard a réime thart ar an bhliain 900 AD le linn ré na Máigheach. Bhí Chichen Itza mar phríomhchathair ag na Máighigh.

Tá an phirimid 24 méadar ar airde agus ag an am, bhíodh sé péinteáilte le dathanna gleoite, dearg, buí agus corcra. Ba dhia iontach tábhachtach é Kukulcan a chiallaíonn ‘péist le cleití’.

Kukulcan, an phéist le cleití


Prang ag Koh Ker, an Chambóid

Bhí Koh Ker ina chathair thábhachtach san Impireacht Chiméarach, san áit a bhfuil an Chambóid sa lá inniu. Pirimid chéimneach eile atá ann a tógadh i 921 AD mar theampall an Rí, Jayavarman IV.

Tá an phirimid 36m ar airde agus tá staighre ar thaobh amháin le cuidiú le daoine dreapadh chuig an bharr.


Meroë, an tSúdáin

Níos faide suas an Níl ón Éigipt, tá an tSúdáin. Sin an áit a raibh ríochtaí Cúiseacha. Thar na blianta, tógadh na céadta pirimid mar áiteanna adhlactha na ríthe agus na banríonacha. Tá na pirimidí idir 6 agus 30 méadar ar airde agus cuid acu iontach crochta.


Le déanamh:

Luaigh muid roinnt úsáidí a bhí le pirimidí ar fud an Domhain. An dtig leatsa smaoineamh ar úsáid eile leo. Ná déan dearmad gur féidir leat seomraí a thógáil taobh istigh den phirimid nó go dtiocfadh leat pirimid chéimneach a thógáil le hardán ag an bharr.


Úsáid atlas agus aimsigh na tíortha atá luaite sa téacs. Cad é príomhchathair gach tíre?


Tarraing amlíne agus cuir isteach na pirimidí thuasluaite san ord inar tógadh iad.


Cuir na pirimidí san alt in ord ardaitheach ó thaobh a méid de.


Pictiúir:
Imhotep: WH_Pics / Shutterstock.com

baruil