Lá an Chapaill

An 10ú Deireadh Fómhair, 2023

Inniu Lá an Chapaill. Bhí an capall iontach tábhachtach in Éirinn ar feadh na mblianta. D’úsáid daoine capaill le cuidiú leo nuair a bhí orthu achar fada a thaisteal. Bhain feirmeoirí agus daoine eile úsáid as na capaill, chomh maith, le hualaí troma a iompar nó a tharraingt i gcairt.


Sa lá inniu, áfach, ní fheicimid daoine ag obair le capaill, ná ní minic a bhíonn daoine ag taisteal ar chapall ach oiread. Ach tá dlúthbhaint ag an tír seo leis na capaill go fóill. Is minic a bhíonn Rásaí na gCapall ar siúl fud fad na tíre.


Bíonn Seó Mór na gCapall ar siúl gach bliain i mBaile Átha Cliath chomh maith. Tagann cuairteoirí óna lán tíortha le hamharc air sin mar go bhfuil clú agus cáil ar chapaill na tíre seo.

(Comórtas an Seóléimní i Seó na gCapall, BÁC - pic le EML/Shutterstock.com)


Labhair Nuacht Anois le cailín óg atá ag freastal ar Ghaelscoil i nDún Pádraig agus a bhfuil dúil mhór aici sna capaill. Thosaigh Muirenn ag gabháil do cheachtanna marcaíochta chóir a bheith dhá bhliain ó shin. Tá an-dúil aici in ainmhithe, ach is é an capall an t-ainmhí is ansa léi.

(Muirenn ar a capaillín, Belle.)


Bíonn Muirenn ag marcaíocht ar chapaill gach seachtain. Ach ní hamháin sin, caitheann sí na deirí seachtaine agus na saoirí ón scoil ag tabhairt aire do na capaill sna stáblaí. Mar bhall de Chlub na gCapaillíní, cuireann sí cóir ar na capaillíní - is é sin le rá go scuabann sí an fionnadh, an mhoing agus an t-eireaball ar na capaillíní. Caithfidh sí cró na gcapall a ghlanadh amach fosta. Ar ndóigh, déanann sí cinnte de go bhfaigheann na capaillíní go leor le hithe agus le hól. D’inis Muirenn dúinn gur maith leis na capaillíní úlla nó meacain dhearga mar fhéirín. Tá Club na gCapaillíní cosúil leis na Gasóga. Déanann tú scileanna nua a chleachtadh agus a fhoghlaim agus bronntar suaitheantais ort nuair a éiríonn leat na scileanna sin a chur i gcrích.

(Tá go leor suaitheantas bainte amach aici cheana féin.)


Agus muid ag caint le Muirenn, d’fhoghlaim Nuacht Anois go bhfuil sé iontach tábhachtach go bhfaigheann na capaillíní aclaíocht go rialta. Rud eile a d’fhoghlaim muid ná go mbíonn ar na capaillíní ‘crúite’ úra a fháil go minic. Fásann crúba an chapaill le linn an ama, cosúil le cos agus ingne duine. Mar sin, beidh crú úr, nó bearradh beag de dhíth ar an chapall gach cúpla mí, nó éireoidh na cosa nimhneach agus mí-chompordach.

(Cuireann an gabha cóir ar chosa an chapaill go measartha minic, nó déanann sé bróga úra dó.)


Is maith le Muirenn páirt a ghlacadh i gcomórtais éagsúla lena capaillíní fosta. D’inis sí dúinn go bhfuil pearsantachtaí éagsúla ag na capaillíní difriúla. Mar sin, bíonn siad maith ag comórtais éagsúla. Mar shampla, ní maith le gach capaillín bheith ag léim. Is fearr le cuid acu bheith ag gearrshodar nó ag rith ar cosa in airde. Bíonn na capaillíní sin maith do rásaíocht na mbairillí (rás ina ritheann an capaillín isteach, amach agus thart ar chonstaicí atá déanta de bhairillí).

(Seo í Muirenn ag glacadh páirt i gcomórtas seoléimní ar a capaillín, Holly.)


Is fearr le capaillíní eile dreasáiste. Is comórtas é sin nuair a bhíonn an capall ag gluaiseacht le ceol, rud beag cosúil le bheith ag damhsa. Glacann sé tamall maith chun na cleasa agus na gluaiseachtaí a theagasc do chapaillín. Is é sin an comórtas is fearr le Muirenn, cé go mbíonn sé deacair!

(Tar éis an bua a fháil i gcomórtas dreasáiste.)


Le plé nó le déanamh

An maith leat féin na capaill? Ar mhaith leat marcaíocht a dhéanamh ar chapall? Nó an ndearna tú riamh marcaíocht ar chapall? Ar thaitin sé leat?


An bhfuil caitheamh aimsire agat féin? Cad é atá ann agus cá mhéad ama a chaitheann tú ag gabháil dó gach seachtain?


An síleann tú go mbeadh níos mó, nó níos lú aire de dhíth ar chapaillín ná mar a bheadh de dhíth ar pheataí eile? (Mínigh do fhreagra.)


Cuir ceist ar do sheantuismitheoirí an cuimhin leo capaill a fheiceáil ag obair ar na feirmeacha nuair a bhí siad óg. (Nó b’fhéidir daltaí ag teacht ar scoil ar chapaillín fiú?)


Tarraing pictiúr de chapall agus lipéadaigh é leis na focail seo:

eireaball, moing, crú(ite) capaill, crúb(a)

A mhúinteoirí, tá cluiche le híoslódail, a spreagfaidh comhrá faoi na capaill, ar fáil ó COGG ag an nasc seo.


baruil