Féasta do 2,000??!

An 7ú Nollaig, 2023


Chruthaigh eolaithe an ‘Néandartálach’ seo, bunaithe ar chnámha a d’aimsigh siad


Tá eolaithe i ndiaidh teacht ar leid a chuidigh leo tuiscint níos fearr a fháil ar ghaolta a bhí againn i bhfad siar sa stair. Tugtar Néandartálaigh ar na daoine seo agus is í an tréimhse staire atá i gceist ná 125,000 bliain ó shin. Ag an am seo, ba iad na Néandartálaigh an speiceas daoine is láidre a bhí ann san Eoraip.  

Síleann eolaithe gur seo an sórt cuma a bhíodh ar Néandartálach (ó Iarsmalann na Néandartálach sa Ghearmáin)



Tugtar Homo Sapiens orainne – na daoine nua-aimseartha. Tá muid gaolta leis na Néandartálaigh ach ní hiad na Néandartálaigh ár sinsir, tá siad níos cosúla le col ceathracha níos sine. Ach bhí na sin-sin-sin-sin-sin-seantuismitheoirí céanna againn – thart ar 500,000 bliain ó shin! Tá sé cosúil leis an dóigh a bhfuil simpeansaithe agus goraillí gaolta lena chéile – ach ní hiad an speiceas céanna iad.


Bhí corp níos láidre ag na Néandartálaigh ach bhí Homo Sapiens níos cliste. Nuair a bhog na Homo Sapiens go dtí an Eoraip, 40,000 bliain ó shin, ghlac muid áit na Néandartálach mar an speiceas daoine is láidre, nó bhí muidne níos cliste agus bhí muid ábalta déileáil le hathruithe sa saol agus san aeráid, níos fearr ná na Néandartálaigh.

An chuma, dar le heolaithe, a bhíodh ar sheanfhear Néandartálach agus páiste Néandartálach



Bhí go leor eolais againn ar Néandartálaigh cheana, nó d’aimsigh muid go leor cnámharlach. D’fhoghlaim muid cuid mhór ó chruth na gcnámh s’acu agus ón DNA s’acu. Bhí a fhios againn go raibh siad láidir – níos láidre ná muidne. Bhí barúil mhaith againn freisin nach raibh siad chomh cliste céanna linne, ní raibh a n-inchinn chomh mór céanna lenár n-inchinn féin.

D’fhoghlaim muid ó chnámha Néandartálach a d’aimsigh muid go raibh corp láidir acu




Ba le speicis dhifriúla daoine, síos tríd an stair, na blaoscanna seo. Tá a fhios againn, ó chruth a gcloiginn, nach raibh inchinn na Néandartálach chomh mór céanna lenár n-inchinn féin.


Ach baineann an leid seo a d’aimsigh eolaithe leis an dóigh a mbíodh na Néandartálaigh ag comhoibriú lena chéile. Tháinig na heolaithe ar chuid mhór cnámha eilifinte sa cheantar chéanna sa Ghearmáin. Tá marcanna ar na cnámha a thugann le fios do na heolaithe gur mharaigh na Néandartálaigh iad lena n-ithe.

Bhí na heolaithe ábalta a chruthú go ndearna na Néandartálaigh seilg ar eilifintí


An rud is suimiúla faoi seo ar fad – ná méid na n-eilifintí! Bhí siad dhá oiread chomh mór leis an ainmhí talaimh is mó ar domhan sa lá atá inniu ann, an eilifint Afracach. Ní bheadh sé furasta eilifint mar seo a mharú – bheadh grúpa daoine de dhíth agus bheadh orthu bheith ag obair le chéile. 

Bheadh ar na Néandartálaigh bheith ag obair le chéile leis an eilifint a mharú


Rud eile, ba le heilifintí fireanna an chuid is mó de na cnámha seo. Tá na fireannaigh i bhfad níos mó ná na baineannaigh ach an rud is fearr fúthu (má tá tú ag iarraidh iad a mharú) ná go bhfanann siad ina n-aonar. Tá sé níos fusa ainmhí aonair a ionsaí ná grúpa ainmhithe.

Bíonn scileanna maithe cumarsáide de dhíth agus tú ag obair mar chuid de ghrúpa


Tá seo thar a bheith tábhachtach, mar níl na heolaithe róchinnte cé chomh maith is a bhíodh na Néandartálaigh ag an chaint. Síleann siad go mbíodh Néandartálaigh ábalta focail a rá, seachas fuaimeanna a dhéanamh, ach níl siad róchinnte an raibh siad ábalta abairtí a chur le chéile. Ach léiríonn na cnámha eilifinte seo go raibh na Néandartálaigh ábalta oibriú le chéile – ní hamháin leis an eilifint a mharú, ach lena hithe chomh maith. 

Néandartálach agus mamat – ach bhí na heilifintí seo níos mó ná na mamait


Síleann na heolaithe go raibh go leor feola sna hainmhithe seo le 2,000 duine a bheathú!

Síleann na heolaithe go raibh go leor feola sna heilifintí seo le 2000 duine a bheathú! Anois, NÍ SHÍLEANN na heolaithe gur tháinig 2000 Néandartálach le chéile le heilifint amháin a ithe ach tá siad measartha cinnte gur tháinig grúpaí difriúla agus teaghlaigh dhifriúla le chéile don fhéasta. Síleann na heolaithe fosta go raibh bealach ag na Néandartálaigh leis an fheoil nár ith siad a stóráil, le go mbeadh sí acu lá eile. Léiríonn sé seo, ní hamháin scileanna sóisialta ach leibhéal clisteachta fosta! 


Le plé nó le déanamh

🐘 Ag obair i ngrúpaí – samhlaigh gur Néandartálaigh sibh agus go bhfuil sibh ag iarraidh eilifint a mharú ach níl ach 5 fhocal agaibh! Cad iad na 5 fhocal atá agaibh agus cén plean atá agaibh? Cad é mar a thagann sibh aníos le plean le chéile?

Cén grúpa Néandartálach sa rang a mbeidh féasta acu do 2000 anocht?


🐘 Tá roinnt mhaith uimhreacha móra luaite san alt seo. An féidir leat iad a scríobh síos in ord ardaitheach? Cad é an t-iomlán a fhaigheann tú má shuimíonn tú na huimhreacha uilig le chéile?


🐘 Déan rud beag taighde agus faigh amach cé chomh hard agus cé chomh trom is a bhíonn an ghnátheilifint Afracach. Oibrigh amach cé chomh hard agus chomh trom agus a bhíodh na heilifintí in aimsir na Néandartálach? 


Creidiúintí

baruil