Cérbh iad na Ceiltigh?

An 5ú Nollaig, 2023


Eimear Enright

Cérbh iad na Ceiltigh?

Thosaigh na Ceiltigh mar ghrúpa treibheanna a mhair san Eoraip breis agus 2000 bliain ó shin. Tháinig na Ceiltigh go hÉirinn thart ar 2,600 bliain ó shin.

Cárbh as na Ceiltigh?

De réir an eolais atá againn, bhí na Ceiltigh ina gcónaí i lár na hEorpa ar dtús. Sin an áit a bhfuil tíortha cosúil leis an Fhrainc agus an Ghearmáin anois. As sin, scaip siad ar fud na hEorpa.

Thug na Ceiltigh a lán nósanna agus scileanna nua go hÉirinn. Mar shampla, is iad na Ceiltigh a thug an Ghaeilge dúinn.

Bealach na gCeilteach


An Iarannaois

Bhí buntáiste mór ag na Ceiltigh. Bhí siad ábalta rudaí a dhéanamh as iarann. In áiteanna eile san Eoraip, ní raibh a fhios ag na daoine an dóigh chun iarann a úsáid. Bhí cré-umha go fóill in úsáid acu. Agus tá an t-iarann i bhfad níos láidre ná an cré-umha!

Claíomh iarainn

Tugaimid an Iarannaois ar an tréimhse staire sin inar scaip úsáid an iarainn ar fud na hEorpa.


Cén dóigh a bhfaighimid eolas ar shaol na gCeilteach fadó?

Dóigh amháin le heolas a fháil ar na Ceiltigh ná amharc ar na rudaí a d’fhág siad ina ndiaidh. Déanann seandálaithe tochailt sa talamh chun teacht ar na rudaí sin. Déanann siad staidéar orthu agus deir siad linn cad é an úsáid a bhí ag na Ceiltigh leo.

Seandálaithe ag obair


Cad é a insíonn siad dúinn faoi shaol na gCeilteach?

B’fheirmeoirí iad na Ceiltigh. D’fhás siad barra, mar shampla, coirce agus cruithneacht. D’úsáid siad clocha chun an bia seo a bhriseadh síos le plúr agus min a dhéanamh. Nuair a bhí seo déanta acu, bhí siad ábalta arán a dhéanamh leis an phlúr agus brachán a dhéanamh leis an mhin.

Déantar min nuair a bhrúitear grán idir dhá chloch

Coirceog


Bia na gCeilteach

Choinnigh siad beacha i gcoirceoga le mil a fháil agus bhailigh siad caora agus cnónna.

Is cineál de chaor í an sméar dhubh

Rinne siad ainmhithe a sheilg. Choinnigh na Ceiltigh muca, ba, gabhair agus caoirigh. Fuair siad feoil, cáis agus bainne uathu. Bhí na ba, go háirithe, iontach tábhachtach. Má bhí go leor bó ag duine, bhí sé an-saibhir ar fad. Bhí a lán scéalta acu faoi na ba. Tá scéal iontach clúiteach suite in Éirinn, Táin Bó Cuailgne.

Chuaigh siad ag iascaireacht agus d’ith siad na héisc. Bhí iasc amháin iontach tábhachtach acu – an bradán.


Éadaí na gCeilteach

Ní raibh cnaipí ná zipeanna ar éadaí na gCeilteach. D’úsáid siad bróistí chun a gcuid éadaigh a cheangal.

Bhí éadaí simplí, geala ag na Ceiltigh. Chaith na fir léine fhada thar bhríste fada. Chaith na mná gúnaí fada. Bhí crios ag na fir agus na mná agus chaith siad brat thar na guaillí. Cheangal siad na brait le bróiste. Bhí na bróga s’acu déanta as leathar.

Bróiste

Is fáinne muiníl é an torc. Thaitin seodra leis na Ceiltigh agus chaith na fir agus na mná bráisléid, fáinní agus toirc. Mhaisigh na Ceiltigh a gcuid seodra le patrúin a bhí bunaithe ar chiorcail. Chomh maith leis sin, d’úsáid siad an tsnaidhm Cheilteach le rudaí a mhaisiú. Is ó na Ceiltigh a fuair muid cuid de na patrúin a bhíonn ar ár gcuid seodra sa lá atá inniu ann.

Torc


Cad é a tharla do na Ceiltigh?

Chaith na Ceiltigh cuid mhaith ama ag troid leis na Rómhánaigh. Thar am, fuair na Rómhánaigh an bua orthu san Eoraip. D’fhán cuid acu faoi na Rómhánaigh agus d’imigh cuid acu chomh maith. Níor mhair teanga na gCeilteach ach amháin sna hoileáin seo agus giota beag den Fhrainc. Má labhraíonn tú Gaeilge in Éirinn, in Albain nó ar Oileán Mhanann tá teanga Cheilteach agat. Tá cineál eile teanga Cheilteach á labhairt sa Bhreatain Bheag, i gCorn na Breataine agus sa Bhriotáin (sa Fhrainc).

Trí fhocal atá cosúil lena chéile sna teangacha Ceilteacha.


Tá ceol na gCeilteach beo sna hoileáin seo agus tá tionchar mór aige sa Spáinn agus sa Fhrainc.


Le déanamh:

Amharc thart ar do theach nó ar scoil. An bhfeiceann tú patrún Ceilteach áit ar bith? Glac pictiúr de gach ceann nó déan pictiúr de. Taispeáin iad do chara. Cé chomh difriúil is atá na patrúin?

Amharc ar na cineálacha bia a bhí ar fáil do na Ceiltigh. Déan amach biachlár don lá. Cad é a bheadh agat don bhricfeasta, don lón, don dinnéar agus don suipéar?


Tuilleadh áiseanna don mhúinteoir

Tá níos mó eolais ar sheanscéalaíocht na nGael (agus Táin Bó Cuailgne san áireamh) ar fáil anseo.

Bileog oibre ar na Ceiltigh

An bradán feasa: físeán.



baruil