Glantachán Geamaireachta?

An 5ú Nollaig, 2023


Is breá le daoine freastal ar gheamaireacht um Nollaig

Pic le AudaCity3371/Wikimedia CC BY-SA 3.0 DEED


Is breá le cuid mhór daoine freastal ar gheamaireachtaí aimsir na Nollag. Is cineál de dhráma í an gheamaireacht. Bíonn cultacha geala ann agus amhráin bhríomhara mar chuid di. Thar rud ar bith eile, bíonn greann ann agus, murab ionann agus gnáth-dhráma, bíonn ról ag an lucht féachana sa dráma. Is minic a labhraíonn na carachtair leis an lucht féachana – mar shampla, lena fhiafraí díobh cá bhfuil an drochdhuine i bhfolach? ‘Taobh thiar díot!’ an freagra a bhíonn ag an lucht féachana.

“Cá bhfuil sé?”…“Tá sé taobh thiar díot!”

Pic le Igor Bulgarin / Shutterstock.com


Ach, tá aisteoir geamaireachta i Sasana i ndiaidh díospóireacht mhór a thosú ag tús na seachtaine seo nuair a labhair seisean leis an lucht féachana faoi cheist eile – agus NÍ RAIBH sé ag iarraidh a bheith greannmhar. Tá an fear grinn, Jason Manford, ag aisteoireacht i ngeamaireacht i Manchain Shasana faoi láthair. Nuair a bhí seó an Domhnaigh thart san amharclann i Manchain, phostáil Jason físeán ar na meáin shóisialta. San fhíseán, bhí sé ag tabhairt amach faoin mhéid bruscair a d’fhág an lucht féachana ina ndiaidh tar éis an tseó.

Ní raibh Jason sásta faoin bhruscar a d’fhág daoine ina ndiaidh


Bhí dhá cheist aige.

‘Féach an bruscar seo go léir,’ ar seisean, ‘an bhfuil sé de fhreagracht ar fhoireann na hamharclainne é a ghlanadh nó an lucht féachana?’

…Agus an dara ceist…‘An bhfágfadh daoine bruscar mar seo ina dteach féin?’

Grán rósta, cupaí folmha agus páipéir – fágann a lán daoine ina ndiaidh iad ar urlár na hamharclainne nó urlár na pictiúrlainne


Tá cuid mhór daoine i Sasana ag caint ar an cheist seo agus go leor acu ag rá gur cheart dúinn ár gcuid bruscair féin a ghlacadh amach linn agus muid san amharclann, nó sa phictiúrlann, go deimhin. Deir siad gur cheart dúinn bheith níos cúramaí agus gan bruscar a fhágáil inár ndiaidh agus gan grán rósta agus a leitheid a dhoirteadh ar an urlár. Mar a deir Jason, an ndéanfadh muid é inár dteach féin?

Grán rósta chuile áit – an ndéanfá i do theach féin é?


Tá cuid mhór geamaireachtaí agus seónna iontacha sa siúl fud fad na tíre an Nollaig seo agus go leor acu i nGaeilge. Beidh Gilín Sneachta agus an Seachtar Ealaí ar siúl in Amharclann na nEalaíon i gCorcaigh, mar shampla. Beidh Fionn agus Clochán an Aifir ar siúl sa Taibhdhearc i nGaillimh agus beidh Bábóg na Nollag le feiceáil sa Chultúrlann i mBéal Feirste. 

Fionn agus Clochán an Aifir, Gilín Sneachta agus an Seachtar Ealaí agus Bábóg na Nollag – an mbeidh geamaireacht Ghaeilge ann in aice leatsa – abair linn fúithi!

Má fhaigheann tú féin seans freastal ar gheamaireacht an Nollaig seo, nó go fiú an chéad uair eile a thabharfaidh tú cuairt ar an phictiúrlann – smaoinigh ar na daoine a oibríonn ansin. Ar cheart go mbeadh orthusan an bruscar s’agatsa a thógáil nó an mbeadh sé lán chomh furasta céanna, agat féin, a bheith níos cúramaí agus níos néata? 

Agus…bain sult as an seó! 


Le plé/le déanamh

An bhfaca tú féin geamaireacht na Nollag riamh? Cad é a bhí ann agus ar thaitin sé leat?

An dtig libh smaoineamh ar bhealaí le cuidiú le daoine bheith níos néata agus iad sa phictiúrlann nó san amharclann?

An síleann tú go ndeachaigh Jason Manford thar fóir? Téann daoine chuig geamaireacht le ham maith a bheith acu, ní le héisteacht le duine éigin agus é ag tabhairt amach faoi bhruscar! Cén teachtaireacht a bheadh agat dó?


baruil