Ealaín ón Dúlra

An 1ú Nollaig, 2023


An maith leat pictiúir a dhéanamh? An ndearna tú iarracht riamh pictiúr a chruthú as ábhar nádúrtha? Is é atá i gceist le hábhair nádúrtha ná na rudaí a bhíonn le fáil sa nádúr (nó sa dúlra) atá thart ort - codanna de phlandaí agus bláthanna, mar shampla.


Ag an am seo den bhliain, tá deireadh leis an fhómhar agus tús curtha leis an gheimhreadh. Is am iontach maith é le healaín ón dúlra a dhéanamh.


Má théann tú ar shiúlóid sa dúlra, ag an am seo bliana, feicfidh tú cuid mhór rudaí ina luí ar an talamh, mar shampla, duilleoga, torthaí, síolta agus cipíní a thit ó na crainn.


B’fhéidir go dtiocfadh leat iad a úsáid chun píosa ealaíne a chruthú? Thiocfadh leat duilleoga a phéinteáil agus iad a úsáid chun patrúin a phriontáil ar leathanach bán.


Nó, thiocfadh leat carachtair bheaga a chruthú as na síolta agus as na hábhair eile a bhailíonn tú.


Cad chuige nach dtéann tú amach ar shiúlóid dúlra le hábhair nádúrtha a bhailiú? Ansin, beidh tú in ann do phictiúr féin a chruthú leo. Cad é a dhéanfaidh tú leo? Cad é an chuma a bheidh ar do phictiúr?


Agus má bhíonn an aimsir go holc agus ní féidir leat dul amach a shiúl, amharc thart sa chistin - b’fhéidir go mbeifeá in ann píosa ealaíne a chruthú as ábhair atá ar fáil ansin.


Le plé nó le déanamh

Amharc ar an phictiúr ag barr an ailt. Cá mhéad de na torthaí, glasraí, luibheanna, srl. atá in úsáid sa phictiúr a aithníonn tú?


Cén pictiúr is fearr leat san alt seo? Cad chuige ar fearr leat é?


Amharc ar na focail seo thíos. An féidir leat gach focal a mheaitseáil leis an rud sin i gceann de na pictiúir san alt?

Buaircín, dearcán, cairéad, fíonchaora, práta, gairleog, muisiriún, pónairí, brocailí, cóilis.


Cruthaigh do phictiúr féin le hábhair nádúrtha agus inis do do chairde faoi.



baruil