Míle Órga na Nollag

An 1ú Nollaig, 2023


An ndéanann tú an “Míle Órga” i do scoil? Is é atá i gceist leis sin ná 15 bhomaite a chaitheamh taobh amuigh gach lá ag rith, ag sodar, ag siúl, nó ag bogadh ar rothaí mura mbíonn tú ábalta siúl.


Níl trealamh spóirt speisialta de dhíth ort, go díreach bróga atá compordach. Ní chaithfidh tú bheith iontach aclaí ach oiread. Is féidir leat rith ar feadh tamaill agus ansin siúl ar feadh tamaill, a fhad is go gcoinníonn tú ag dul. De réir cosúlachta, tá chóir a bheith gach duine ábalta aon mhíle a dhéanamh má leanann sé/ sí de bheith ag bogadh go measartha gasta ar feadh 15 bhomaite.

(daltaí ag rith thart ar an chlós i mBunscoil Bheanna Boirche agus iad ag glacadh páirt i Míle Órga na Nollag.)

Deir na saineolaithe go mbíonn a lán dea-thorthaí leis an Mhíle Órga. Mar shampla,

🏃 Bíonn an t-aer úr maith duit.


🏃 Is féidir leat craic a bheith agat le do chairde agus sibh ag déanamh an Mhíle Órga.


🏃 Ní comórtas é. Tá tú ag obair ar do shláinte féin a fheabhsú.


🏃 Cuidíonn sé leat bheith níos aclaí agus níos eolaí ar chúrsaí sláinte.


🏃 Músclaíonn sé thú agus déanann sé d’inchinn réidh don fhoghlaim nuair a fhilleann tú ar an rang.


🏃 Is féidir le duine ar bith páirt a ghlacadh ann!

(B'fhearr a bheith ag rith san fhuacht sin! BRRR! 🥶🎅🎄)


Cuireadh tús leis an Mhíle Órga thiar in 2012. Bhí príomhoide in Albain buartha nach raibh na daltaí ina scoil aclaí go leor. Chuir sí tús leis an smaoineamh seo leis na daltaí a spreagadh le bheith níos sláintiúla. Ach, i ndiaidh míosa, d’aithin múinteoirí na scoile go raibh na daltaí ábalta foghlaim níos fearr sna ranganna. D’aithin na tuismitheoirí fosta go raibh na páistí in ann codladh níos fearr san oíche.

(Shíl na múinteoirí in Albain gur chuidigh an Míle Órga leis na daltaí chun a n-aird a dhíriú sa rang.)


Ó shin i leith, tá an smaoineamh faoin Mhíle Órga i ndiaidh spré amach ar fud na cruinne. Glacann na mílte páiste páirt ann gach lá i gcuid mhór tíortha éagsúla ó Éirinn go dtí an Nua-Shéalainn.

(An féidir leat Éire agus an Nua-Shéalainn a aimsiú ar léarscáil na cruinne seo?)


An mhí seo, beidh páistí i scoileanna ar fud na tíre ag glacadh páirt sa Mhíle Órga agus iad gléasta in éadaí na Nollag! B’fhéidir go mbeadh siad ag ceol “Bualadh Bos” agus iad ag greadadh na gcos!

(Rás na Nollag in Auckland, NZ, 2015. Grianghraf le ChameleonsEye /Shutterstock.com


(Gabhann Nuacht Anois buíochas le daltaí Rang 6 agus 7 ó Bhunscoil Bheanna Boirche as a ngrianghraif a roinnt linn ó Mhíle na Nollag ar an Aoine seo caite. Maith sibh, a pháistí!)


Le plé nó le déanamh

An nglacann tú féin agus do rang páirt sa Mhíle Órga? Cad é is / nach maith leat faoi?


Mura bhfuil an nós seo ann i do scoil, cad é do bharúil air? An síleann tú gur cheart don scoil, nó don rang s’agat, an Míle Órga a dhéanamh (fiú cúpla uair sa tseachtain)? D'fhéadfá litir a scríobh chuig an phríomhoide lena mholadh dó / di an nós seo a thosú i do scoil.


Tá liosta de bhuntáistí luaite san alt thuas, ach, an síleann tú go bhfuil míbhuntáistí ar bith ag baint leis an chleachtas seo? An mbeadh sé furasta go leor ag gach scoil seo a dhéanamh? Mínigh do fhreagra.


Tá níos mó eolais faoin Mhíle Órga san alt seo. Léigh an t-alt sin agus an t-alt seo arís. Anois, an bhféadfá bileog nó póstaer eolais faoin Mhíle Órga a chruthú lena chur in iúl do thuismitheoirí, nó do chuairteoirí ar an scoil, cad é atá ann? (D'fhéadfá oibriú i ngrúpa le do chairde.)



baruil