Conspóid faoi Mhúsaem na Breataine

An 30ú Samhain, 2023

Bhí titim amach ann an tseachtain seo idir rialtas na Breataine agus rialtas na Gréige. Baineann an titim amach le dealbha stairiúla atá i seilbh Mhúsaem na Breataine i Londain. 

Músaem na Breataine i Londain


Tugann na Sasanaigh ‘The Elgin Marbles’ ar na dealbha seo; sa chás seo, ciallaíonn marble ‘marmar’, sin an cineál cloiche as a ndearnadh na dealbha. Thug na Sasanaigh The Elgin Marbles orthu in ómós don ‘Tiarna Elgin’ a ghlac na dealbha amach as an Ghréig agus a thug go Londain iad sna blianta 1800! 

Cuid de na dealbha marmair atá na Gréagaigh ag iarraidh a fháil ar ais


Tugann na Gréagaigh ‘Dealbha an Phartanóin’ ar na píosaí ealaíne seo. Rinneadh na dealbha chóir a bheith 2,500 bliain ó shin, idir na blianta 447 RCh agus 432 RCh. Rinneadh iad le seanteampall sa Ghréig darb ainm an Partanón a mhaisiú. D’fhan na dealbha sa Phartanón ón am sin go dtí na blianta 1800, nuair a d’iompair Elgin ar ais go Londain iad.

An Partanón (sa bhliain 1978) – tá na Gréagaigh á athchóiriú anois agus ba mhaith leo na dealbha a chur isteach ann arís


Bhí an Ghréig faoi smacht ag Impireacht na nOtamánach ag an am agus dúirt Elgin gur thug siadsan cead dó na dealbha a ghlacadh. Dúirt na Sasanaigh go raibh siad buartha go dtarlódh rud éigin do na dealbha sa Ghréig agus gur thug siad ar ais go Sasana iad le hiad a choinneáil sábháilte. An t-aon rud…níl siad sásta iad a thabhairt ar ais!

‘An tiarna Elgin’ – Bruce an fíorshloinne a bhí air, bhí sé gaolta le sean-rithe de chuid na hAlban


Deir na Gréagaigh nach raibh cead ag na Turcaigh cead a thabhairt d’Elgin na dealbha a ghlacadh agus gur mhaith leo iad a fháil ar ais. 

Bhí Príomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak le cruinniú a bheith aige le Príomh-Aire na Gréige, Kyriakos Mitsotakis, ag tús na seachtaine seo ach chuir na Sasanaigh an cruinniú ar ceal. Bhí siad buartha go ndéarfadh an tUasal Mitsotakis rud éigin go poiblí faoi na dealbha, agus go gcuirfeadh sé seo náire ar Rishi Sunak.

Príomh-Aire na Gréige


Deir na Sasanaigh nach bhfuil seans na ngrást ann go dtabharfaidh siad na dealbha ar ais go buan don Ghréig, ach go mb’fhéidir go dtabharfadh siad ar iasacht dóibh iad, ar feadh tamaill! Rith Parlaimint na Breataine dlí in 1963 a chuireann cosc ar Mhúsaem na Breataine aon rud a thabhairt ar ais do na tíortha as ar tháinig siad.

Rudaí conspóideacha eile atá ag Músaem na Breataine…

Bhí am ann agus bhí cuid mhaith den domhan faoi smacht ag Impireacht na Breataine. Thóg na Sasanaigh cuid mhór rudaí difriúla a bhain le stair agus cultúr na dtíortha a bhí faoina smacht agus ghlac ar ais go Sasana iad. An chuid is mó den am, níor iarr siad cead ar dhuine ar bith.

Sa lá atá inniu ann, deir cuid mhór daoine gur cheart do na Sasanaigh na rudaí seo a thabhairt ar ais.

Tá ornáidí tí déanta as cré – an vása seo, mar shampla

Má thagann tú sa tríú háit, faigheann tú bonn cré-umha

Tá trumpa déanta as miotal darb ainm prás


Ar chuid de na rudaí is conspóidí nár mhaith leis na Sasanaigh iad a thabhairt ar ais, tá…

😇 23,000 iarsma a tugadh amach as an tSín (ó shean-phéintéireachtaí go hornáidí cré agus práis) – cuid acu na mílte bliain d’aois.

Dealbh a thug na Sasanaigh leo as an tSín


😇 Leac Rosettaleac thar a bheith tábhachtach a chuidigh le daoine tuiscint níos fearr a fháil ar shean-scríbhneoireacht na hÉigipte. Tá na mílte rud ag Músaem na Breataine a thug Sasanaigh abhaile leo as an Éigipt ach dar leis na hÉigiptigh gurb í Leac Rosetta an t-aon rud a d’iarr siad ar ais, mar go bhfuil sí chomh tábhachtach sin.

Leac Rosetta



😇 Dealbha Cré-Umha Bheinin – 900 dealbh cré-umha agus práis a thug na Sasanaigh abhaile leo as iarthar na hAfraice

Cuid de na dealbha a sciobadh as an Afraic


😇 An dá ‘Moai’ – dealbha 1000 bliain d’aois as na hoileáin i ndeisceart an Aigéin Chiúin

Ceann de na Moai – dealbh mhór chloiche

😇 Iarsmaí de chorp daoine – tá níos mó ná 6,000 iarsma de chorp daoine ag Músaem na Breataine. Baineann cuid mhór acu le pobail de dhaoine bundúchasacha in áiteanna difriúla ar domhan. Ba mhaith le muintir na ndaoine seo iarsmaí a sinsear a fháil ar ais

Mumaí as an Éigipt atá sa phictiúr seo ach tá corp gnáthdhaoine as tíortha difriúla ar domhan sa Mhúsaem fosta. Ghlac siad iarsmaí de chuid pobail bhundúchasacha i roinnt mhaith tíortha


😇 Go leor rudaí as Éirinn, ina measc cailísí agus rudaí naofa eile déanta d’ór agus airgead, lámhscríbhinní ársa, seodra agus cuid mhór cineálacha eile rudaí. 

Clog Naomh Cualán a thóg na Sasanaigh leo as Tiobraid Árann



Le plé agus le déanamh

🏛 Focal eile ar mhúsaemiarsmalannáit lán iarsmaí. An raibh tusa in iarsmalann riamh? Cén sórt iarsmalainne a bhí ann agus cad é a shíl tú di?

🏛 Bhí Músaem na Breataine thar a bheith cúramach thar na blianta leis na rudaí uilig atá acu. Gach seans, dá bhfanadh na rudaí sna tíortha as ar tháinig siad, nach mbeadh siad go fóill ann sa lá atá inniu ann agus nach mbeadh staraithe ábalta staidéar a dhéanamh orthu anois. Mar sin, ar cheart go mbeadh cead ag Músaem na Breataine gach rud a choinneáil? Mínigh do fhreagra.


Creidiúintí

baruil