Cad a dhéanfaidh muid feasta gan ghealra?

An 28ú Samhain, 2023


An raibh a fhios agaibh gur chuir an tAontas Eorpach cosc ar ghealra plaisteach an mhí seo caite? Bhuel, le fírinne, ní go díreach ar ghealra plaisteach. Chuir siad riail nua i bhfeidhm le bruscar micreaphlaisteach a laghdú.

(Is grúpa de thíortha é an tAontas Eorpach a aontaíonn le bheith ag comhoibriú lena chéile agus leis na rialacha céanna a leanúint.)


Tá a fhios againn go ndéanann an cineál bruscair sin damáiste mór do na hainmhithe agus do na héin, nuair a théann sé isteach san fharraige. Mar sin, ní droch-scéal é go hiomlán, go bhfuil siad ag cur an cosc seo i bhfeidhm.

(Truaillíonn an micreaphlaisteach na farraigí.)

Ach cad é a dhéanfaidh muid anois gan ghealra agus muid i mbéal na Nollag?! Bíonn dlúth-bhaint ag an ghealra leis an am seo den bhliain go háirithe! Sna siopaí, feicimid gealra ar chártaí agus ar pháipéar na Nollag agus fiú ar éadaí na Nollag. Tá mé cinnte de gur úsáid sibh féin gealra roimhe le bhur gcártaí agus bhur bpictiúir Nollag féin a mhaisiú!
(Ar úsáid tú gealra riamh roimhe agus tú ag gabháil don ealaín?)

Ná bíodh eagla oraibh! Thig libh gealra nádúrtha a fháil go fóill. Bíonn an gealra nádúrtha déanta as páipéar nó cairtpháipéar. Mar sin, lobhann sé nó briseann sé anuas gan dochar ar bith a dhéanamh don timpeallacht.
(Coinnigh súil amach don ghealra nádúrtha i mbliana.)

Níl an riail seo i bhfeidhm sna Sé Chontae, ach ghlac na hollmhargaí is mó i Sasana an cinneadh leis an mhéid gealra plaisteach a úsáideann siad a laghdú cheana fein. (Léigh níos mó faoi sin san alt seo.) 
(Ag an am seo bliana, de ghnáth, bíonn gealra ar chuid mhór rudaí sna siopaí.)

Sa lá inniu, tuigimid ar fad an tábhacht a bhaineann le haire mhaith a thabhairt don timpeallacht. Mar sin, is maith an rud go bhfuil an riail nua seo i bhfeidhm. Déanfaidh sé maitheas do na hainmhithe agus do na farraigí amach anseo.



Le plé nó le déanamh
An maith leat gealra? Ar úsáid tú riamh é san ealaín? Cad é a rinne tú leis?

Ní maith le glantóirí na scoileanna gealra! Cén fáth nach maith leo é, dar leat?

Deir cuid daoine go mbíonn barraíocht rialacha ag an Aontas Eorpach agus nár cheart dóibh a insint do dhaoine cad é is féidir leo a dhéanamh, nó cad é nach féidir leo a dhéanamh, go háirithe le mionrudaí mar seo. Cad é do bharúil féin ar an riail nua seo? An mionrud nó mór-rud é?

Má bhíonn seanphota gealra sa scoil nó sa teach agaibh ó anuraidh, cuir i gcomparáid é le pota nua de ghealra nádúrtha. An bhfuil mórán difríochtaí eatarthu?

Dear póstaer eolais (leat féin nó i ngrúpa) chun cur ina luí ar dhaoine eile an fáth ar chum an tAontas Eorpach an riail úr seo.

Tá teideal an ailt bunaithe ar líne ó amhrán (Caoineadh Chill Chais) “Cad a dhéanfaidh muid feasta gan adhmad?” Má tá an t-amhrán ar eolas ag do rang, b’fhéidir gur mhaith libh triail a bhaint as véarsa úr a chumadh ina ndéanann sibh mairgneach faoin chosc ar an ghealra phlaisteach? Thiocfadh libh véarsa greannmhar a chumadh.


baruil