Slán leis an ghealra

(Foilsíodh an t-alt seo ar dtús ar an 5ú Samhain, 2020)


Gealra an t-ainm atá ar an stuif seo…


Bíonn sé ar fáil ar a lán rudaí difriúla, cártaí beannachtaí, mar shampla…


Agus sa smideadh…


Ach bíonn an gealra ar chóir a bheith gach uile rud ag an Nollaig!


Tá dhá cheann de na hollmhargaí móra i Sasana i ndiaidh a rá nach mbeidh siad ag úsáid gealra ar chor ar bith ina gcuid táirgí Nollag féinbhranda i mbliana. Bhí eolaithe agus lucht timpeallachta sásta leis an chinneadh a rinne Waitrose agus Morrisons, ach dúirt siad nach ndeachaigh siad fada go leor.

Táirgí féinbhranda – rudaí a dhíolann siopaí a mbíonn a n-ainm féin orthu


Ní bheidh gealra ar a gcuid táirgí féinbhranda, ach ní hionann sin agus a rá go mbeidh gach táirge sna siopaí s’acu saor ó ghealra an Nollaig seo agus sin an fáth a bhfuil lucht na timpeallachta go fóill míshásta.

Dúirt Sainsbury’s nach mbeadh gealra ar a gcuid cártaí, ach níor luaigh siad na maisiúcháin


Rinne Tesco iarracht níos lú gealra a úsáid anuraidh agus, dar leis an BBC, ní bheidh acu ach gealra in-ite amháin ar a gcuid táirgí i mbliana. Deir Sainsburys nach mbeidh gealra ar bith ar na cártaí Nollag s’acu ná ar a gcuid páipéar agus málaí bronntanais ach níor luaigh siad maisiúcháin ná crainn Nollag.

Ach cén fáth a bhfuil na comhlachtaí móra seo uilig ag iarraidh droim láimhe a thabhairt don ghealra? Cén fáth nach maith le lucht na timpeallachta gealra? An é go bhfuil siad ar aon intinn le Madame Gazelle, Mamaí Pig agus Daidí Pig – agus nach maith leo an prácás a fhágann an gealra ina dhiaidh? 

Ní maith le Madame Gazelle an gealra!


Bhuel, ar bhealach, tá. Sa tsraith theilifíse do pháistí, Peppa Pig, bíonn na daoine na hainmhithe fásta i gcónaí ag gearán go dtéann an gealra gach áit, agus, aontaíonn na heolaithe leo. An fhadhb atá ann, tá an gealra déanta d’alúmanam agus de phlaisteach, nó, le bheith cruinn faoi dtaobh de, tá sé déanta de mhicreaphlaisteach. Seo píosaí beaga bídeacha de phlaisteach atá níos lú ná 5mm ar fad. 

Is fíor go dtéann an micreaphlaisteach atá istigh sa ghealra GACH ÁIT!


Gach bliain, measann eolaithe go ndéanann thart ar 8 milliún tonna de bhruscar plaisteach a bhealach isteach in aigéin agus i bhfarraigí an domhain.

Déanann an plaisteach a thig linn a fheiceáil dochar mór, cinnte…


…ach briseann solas na gréine agus tonnta an plaisteach sin síos ina mhicreaphlaisteach agus déanann an micreaphlaisteach dochar mór, d’ainmhithe agus dúinn féin

(Éisc sa phictiúr seo le Fritz Ahlefeldt


Bristear an plaisteach sin síos ina phíosaí beaga níos lú a dtugaimid micreaphlaistigh orthu. Itheann éisc agus ainmhithe eile a chónaíonn san uisce na micreaphlaistigh seo agus éiríonn cuid mhór acu tinn. Tá na micreaphlaistigh seo tocsaineach agus nimhiúil d’ainmhithe. Ar a bharr sin, nuair a itheann ainmhithe eile na héisc (muid féin san áireamh), bíonn siad féin ag ithe na micreaphlaisteach tocsaineach seo!

Cionn is go bhfuil an gealra ina mhicreaphlaisteach cheana féin, tá sé thar a bheith furasta aige a bhealach a dhéanamh isteach san fharraige. Níos measa arís, tá an gealra déanta de phlaisteach darb ainm PET. Nuair a bhristear síos an PET, cuireann sé ceimiceáin amach a dhéanann dochar mór do chorp na n-ainmhithe a itheann é.



Mar sin, is céim chun tosaigh é an cinneadh seo a rinne na hollmhargaí ach beidh le feiceáil an ndéanfaidh siad níos mó faoi fhadhb an ghealra san am atá le teacht.


Le plé/le déanamh

Tá an gealra le fáil i gcuid mhaith táirgí a úsáideann daoine go minic. An féidir leat liosta a dhéanamh de rudaí a bhfuil gealra iontu?


Deir an t-alt go mbeidh Tesco ag úsáid gealra in-ite ar a gcuid táirgí i mbliana. Mínigh an fáth a bhfuil sé seo níos fearr ná an gnáth-ghealra.


Creidiúintí

baruil