Tá an Nollaig buailte linn!

An 24ú Samhain, 2023


Tá ceiliúradh na Nollag tosaithe go hoifigiúil ag NuachtAnois! Agus…tá nuacht mhaith Nollagiúil againn daoibh fosta – tá comórtas againn daoibh – Comórtas na gCártaí Nollag!

Tosaíonn roinnt daoine ar cheiliúradh na Nollag ag an tSamhain!


Tosaíonn daoine ar cheiliúradh na Nollag ag amanna difriúla. Is maith le roinnt daoine maisiúcháin na Nollag a bhaint anuas as an áiléar chomh luath is a bhíonn Oíche Shamhna thart. Tá daoine eile ann agus bheadh an crann Nollag maisithe acu an bhliain ar fad…ach cead a bheith acu!

Ba bhreá le roinnt daoine an Nollaig a bheith ann an bhliain ar fad!


Bunús na ndaoine in Éirinn, áfach, fanann siad go tús mhí na Nollag nó go tús na hAidbhinte sula ngléasann siad an teach leis an Nollaig a cheiliúradh. Beidh an Aidbhint ag tosú an Domhnach beag seo, an 3ú Nollaig. Cad chuige a bhfuil muidne chóir a bheith seachtain luath leis an cheiliúradh s’againne, mar sin?

Beidh an Aidbhint ag tosú ag deireadh na seachtaine seo


Bhuel, tá dhá leithscéal againn – druidimid seachtain roimh an Nollaig, mar sin, tá an tseachtain bhreise de dhíth orainn. Níos tábhachtaí ná sin, áfach – caithfidh muid Comórtas na gCártaí Nollag a fhógairt!

Beidh seans agaibh bhur gCárta Nollag féin a dhearadh agus a sheoladh isteach chugainn!


Táimid ag iarraidh oraibhse bhur gcártaí Nollag féin a dhearadh agus a chur isteach chugainn. Beidh muid ag dúil go mór leis an ealaín ghalánta agus leis na teachtaireachtaí deasa Gaeilge a scríobhfaidh sibh.

Téann nós na gcártaí Nollag siar na céadta bliain. Síleann staraithe gur dochtúir Gearmánach darbh ainm Michael Mair a chuir an chéad chárta Nollag riamh – chuir sé é chuig an rí Séamas (rí Shasana agus rí na hAlban ag an am céanna) sa bhliain 1611.

Cárta Nollag ón bhliain 1912


Díoladh na chéad chártaí Nollag riamh sna siopaí sa bhliain 1843, i Londain Shasana. Scaip nós na gCártaí Nollag go Meiriceá agus fud fad na hEorpa go gasta ina dhiaidh sin. Ag an tús, bhain an ealaín uilig ar na cártaí Nollag le breith Íosa i mBeithil nó le pictiúir den gheimhreadh. Sa lá atá inniu ann, bíonn scéal Íosa agus pictiúir de spideoga agus den gheimhreadh le feiceáil go fóill ach bíonn a lán cineálacha difriúla pictiúr ann fosta, agus Daidí na Nollag le feiceáil i gcuid mhaith acu.

Bíonn a lán smaointe difriúla ann ar chártaí Nollag sa lá atá inniu ann!


Mar sin, más mian leatsa do Chárta Nollag féin a chruthú agus a sheoladh isteach chugainn – gheobhaidh tú na sonraí ar fad faoin chomórtas ar an leathanach seo – go n-éirí go geal libh!


Le plé / le déanamh

An bhfuil maisiúcháin na Nollag amuigh agaibhse go fóill? Cá huair a chuir, nó a chuirfidh sibh an crann suas?

Cá huair ba cheart dúinn na maisiúcháin a chur suas, i do bharúil? Cén fáth?


baruil