Seó na mBréagán

An 23ú Samhain, 2023



Bhí lúcháir ar Nuacht Anois nuair a scríobh na daltaí ó Rang 5 agus 6 i Scoil Náisiúnta Naomh Bríd chugainn le hinsint dúinn faoi imeacht tábhachtach atá ag titim amach anocht. Léigí libh le níos mó eolais a fháil amach ó na daltaí féin…


Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís... Níl traidisiún ar bith níos láidre in Éirinn ná oíche Aoine agus 'Seó na mBréagán' ag craoladh beo ar na scáileáin go léir ar fud na tíre! Oíche atá ann nuair a chruinníonn na mílte teaghlach thart ar an tolg, iad uilig ag déanamh a ngoradh agus ag caitheamh pitseámaí teolaí na Nollag, seacláid the le hól, tréan milseán le hithe acu agus soilse ildaite an chrainn Nollag ag lonrú go geal i gcoirnéal an tseomra suí.


Beidh súile an náisiúin ar Patrick Kielty anocht agus é ag cur i láthair a chéad Seó na mBréagán riamh. Dúirt Patrick gur 'brionglóid' agus 'pribhléid' atá ann 'Seó na mBréagán' a chur i láthair mar go bhfuil cuimhní galánta aige ag amharc ar an Late Late Toy Show mar bhuachaill óg agus Gay Byrne mar láithreoir ar an seó ag an am sin.

(Patrick Kielty - grianghraf le Feature flash Photo Agency/Shutterstock.com)


I rang a 5 agus 6, tá páistí Naomh Bríd sna Dúnaibh ag tnúth go mór le Seó na mBréagán agus iad ag ullmhú don oíche speisialta bhliantúil seo.


Ní hamháin go bhfuil sceitimíní ar pháistí na scoile ach bíonn múinteoirí na scoile ag fanacht go géar leis an oíche mhór stairiúil seo chomh maith. Gach bliain, déanann múinteoirí Scoil Naomh Bríd an téama 'Bréagáin' a nascadh tríd na ceachtanna chun cur leis an tsiamsaíocht ar fud na scoile, leis an atmaisféar spleodrach draíochtúil a mhéadú fud fad na scoile.


👦 Shane (Rang a 6): Tá bróga móra le líonadh ag Patrick Kielty i mbliana. Bhí Ryan Tubridy go hiontach ag an phost sin, ach tá mé cinnte go ndéanfaidh Kielty jab ar dóigh fosta. Caithfidh muid seans a thabhairt dó.

👧 Hannah (Rang a 6): Níl a fhios agam cén téama a bheas ann i mbliana ach tá mé ag súil go mór leis ar aon nós, agus le go leor milseán a cheannach!

👧 Cora (Rang 6): Ciallaíonn Seó na mBréagán rud amháin domsa – Tá an Nollaig ag teacht agus seo am fíor-speisialta do mo theaghlach uilig.

👦 Oscar (Rang a 5): Tá mé ag súil go mór leis na daoine cáiliúla a bhíonn ar an seó. Cé a bheas ann i mbliana? Beidh orainn fanacht.



*Gabhann Nuacht Anois buíochas mór le daltaí Scoil Naomh Bríd sna Dúnaibh as a nuacht agus a ngrianghraif a roinnt linn. Maith sibh, a pháistí!


Le plé nó le déanamh

An mbíonn tú féin ag amharc ar Sheó na mBréagán? Cad é an rud is fearr leatsa faoi?


An maith leat an t-am seo bliana? Cad é is maith leat faoi? An bhfuil rud ar bith nach maith leat faoi?


An bhfuil traidisiún ar bith, nó nósanna na Nollag, i do theaghlach? Cad iad?


Cad iad nósanna na Nollag i do scoil? Gach seans go mbíonn cuma iomlán dhifriúil ar an scoil agus ar an chlár ama ag an am seo bliana. Déan liosta de na rudaí a athraíonn. Dear bileog bheag eolais leis na hathruithe a chur in iúl do chuairteoir nó dalta nua a bheadh ag teacht isteach i do scoilse. Inis dóibh cad é uilig a bheidh ag tarlú agus cad iad na hathruithe a bhíonn le feiceáil.



baruil