An Phalaistín agus Iosrael – Cúlra

Mí na Samhna, 2023


Is tír iontach nua é Iosrael. Cruthaíodh an stát sa bhliain 1948. Roimhe sin, an Phalaistín an t-ainm a bhí ar an cheantar ar fad.

Suaitheantas Iosrael

Bratach Iosrael


Cuid mhaith de na daoine a chónaíonn in Iosrael anois, tháinig siad féin, nó a dtuismitheoirí nó seantuismitheoirí, b’fhéidir, isteach chuig an cheantar ó thíortha difriúla. Ach deir na hIosraelaigh, go bhfuil baint acu leis an cheantar a théann siar dhá mhíle bliain, go dtí aimsir an Bhíobla.

Sa Sean-Tiomna den Bhíobla, tá caint ann ar na hIosraeilítigh. Seo grúpa daoine a bhí ina gcónaí sa cheantar. Ba Ghiúdaigh iad na daoine seo. Tugaimid Giúdachas ar an chreideamh a bhí acu. Is mar gheall ar an stair seo a mhothaíonn cuid mhór Giúdach, in áiteanna difriúla ar domhan, go bhfuil baint speisialta acu le ceantar na Palaistíne, áit a bhfuil stát Iosrael, sa lá atá inniu ann.

Sa Bhíobla, gheall Dia ‘tír an bhainne agus na meala’ do na hIosraeilítigh agus threoraigh Maois ann iad (seo Maois ag scaradh uisce na Mara Rua le go dtiocfadh leis na hIosraeilítigh siúl trasna)


Grúpa eile atá luaite sa Bhíobla ná ‘na Filistínigh’. Is ó ainm an ghrúpa seo a fuair muid an t-ainm nua-aimseartha ar an cheantar – an Phalaistín.

Faoi thús an 20ú haois, bhí Giúdaigh spréite amach fud fad na hEorpa. Ar chúis éigin, chaith roinnt daoine i dtíortha difriúla de chuid na hEorpa go holc leis na Giúdaigh. Chum siad scéalta fúthu agus, i gcásanna áirithe, rinne siad ionsaí orthu. Tugtar frith-Sheimíteachas air seo agus tá samplaí de le feiceáil síos tríd an stair.

Pictiúr ón Ghearmáin sa 17ú haois – bhí ar na Giúdaigh seo comhartha a chaitheamh le go mbeadh a fhios ag daoine gur Ghiúdaigh iad


Na Siónaigh

Sa bhliain 1897, tháinig grúpa le chéile darbh ainm na Síónaigh. Ghlac siad a n-ainm ó Shíón, sliabh in aice le cathair Iarúsailéim a bhí iontach tábhachtach do na Giúdaigh.

Mhothaigh na Síónaigh go raibh baint stairiúil ag na Giúdaigh le ceantar na Palaistíne. Shíl siad gur cheart agus go raibh sé de cheart ag na Giúdaigh uilig filleadh ar an Phalaistín, agus stát nua dá gcuid féin a chruthú ansin, áit a mbeadh gach Giúdach ar domhan slán sábháilte.

Bhí na Síónaigh ag iarraidh áit chónaithe a dhéanamh do Ghiúdaigh sa Phalaistín

 

An t-aon fhadhb ná go raibh daoine ina gcónaí sa Phalaistín cheana féin. Bhí pobal beag Giúdach ann, bhí pobal beag Críostaí ann agus bhí pobal mór Arabach ann. 90% de na daoine a chónaigh sa Phalaistín ag an am seo, b’Arabaigh iad agus bhí a gcultúr agus a dteanga féin acu.

Fear darbh ainm Theodor Herzl a bhunaigh gluaiseacht na Síónach


An Chéad Chogadh Domhanda

Sa bhliain 1914, thosaigh an Cogadh Mór. Bhí cuid mhór tíortha páirteach ann. Ceann de na tíortha a bhí páirteach ná ‘Impireacht na nOtamánach’ – seo Impireacht ollmhór, a raibh an Tuirc i gceannas air. Bhí an Bhreatain ag troid ina n-éadan. Ag an am seo, bhí an Phalaistín faoi smacht ag Impireacht na nOtamánach.

Nuair a thosaigh an cogadh, rinne na Briotanaigh margadh leis na Palaistínigh – ‘tacaigh linne sa troid in éadan Impireacht na nOtamánach, agus tacóidh muidne libhse bhur stát féin a bheith agaibh i ndiaidh an chogaidh’.

Rud nach raibh a fhios ag na Palaistínigh, áfach, go ndearna na Briotanaigh margadh rúnda leis na Síónaigh fosta. In 1917 scríobh Aire Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Arthur Balfour, litir chuig Síónach mór le rá i Sasana, ag geallstan dó go gcuirfeadh siad ‘áit chónaithe dá gcuid féin ar bun do Ghiúdaigh’…sa Phalaistín – cé gur Palaistínigh iad níos mó ná 90% de na daoine a bhí ina gcónaí sa cheantar cheana féin. Tugtar ‘Dearbhú Balfour’ air seo, mar gur dhearbhaigh Balfour do na Síónaigh go dtiocfadh leo a stát féin a bheith acu sa Phalaistín.

Dearbhú Balfour – an litir a scríobh Arthur Balfour agus a d’athraigh saol na mílte Palaistíneach





 
 

Creidiúintí

baruil