An Phalaistín agus Iosrael – teannas sa Phalaistín

Mí na Samhna, 2023


I ndiaidh an Chéad Chogaidh Dhomhanda

Nuair a tháinig deireadh leis an chogadh, shocraigh na tíortha a fuair an bua go mbeadh na Briotanaigh i gceannas ar an Phalaistín, ar feadh tamaill, go dtí go mbeadh na daoine sa Phalaistín ábalta an áit a reáchtáil dóibh féin.

Bonn airgid ón Phalaistín in 1927 (nuair a bhí na Briotanaigh i gceannas). Tá sé suimiúil go bhfuil an focal ‘Palastine’ ann san Araibis, i mBéarla agus san Eabhrais ach go bhfuil giorrúchán ann idir lúibíní, (א״י), a sheasann do ‘Eretz Yisrael’ nó ‘Talamh Iosrael’


Thosaigh na Briotanaigh ar Dhearbhú Balfour a chur i bhfeidhm, chóir a bheith láithreach. Lig siad do na mílte mílte Síónach, as gach cearn den Eoraip, teacht a chónaí sa Phalaistín, chun a ‘n-áit chónaithe’ féin a bheith acu. Cuid mhaith den am, caitheadh Palaistínigh amach as a dtithe agus as a dtalamh féin agus tugadh an talamh do na Giúdaigh.

Bhí Arm na Breataine iontach dian ar Phalaistínigh ar bith a rinne iarracht troid ar ais. Bliain i ndiaidh bliana, tháinig níos mó lonnaitheoirí nua chuig an Phalaistín.

Lonnaitheoirí nua Giúdacha ag iarraidh saol nua a dhéanamh dóibh féin sa Phalaistín


Frith-Sheimíteachas san Eoraip

Sna blianta 1930, nuair a tháinig Adolf Hitler agus na Naitsithe i gcumhacht sa Ghearmáin, d’éirigh an saol thar a bheith deacair do na Giúdaigh sa Ghearmáin agus sna tíortha thart timpeall uirthi. Ar an drochuair, tá a fhios againn an deireadh a tháinig ar an scéal sin. Chuir na Naitsithe na milliúin Giúdach isteach i sluachampaí géibhinn agus mharaigh siad 6 mhilliún Giúdach.

Thug na Naitsithe ar na Giúdaigh réalta bhuí a chaitheamh


Le linn na 1930idí, d’éirigh le cuid mhór Giúdach éalú ón Ghearmáin agus ó na tíortha eile a bhí faoi smacht ag na Naitsithe. Thug cuid mhór acu aghaidh ar an Phalaistín, áit, dar leo, a mbeadh siad sábháilte. Bhí líon na nGiúdach sa tír ag dul i méid go gasta, iad uilig ag iarraidh a n-áit chónaithe féin. 


Cúrsaí ag éirí teasaí sa Phalaistín

Bhí cúrsaí ag éirí iontach teasaí sa Phalaistín. Bhí níos mó lonnaitheoirí ag teacht isteach sa tír agus bhí na Palaistínigh ag éirí iontach feargach faoin talamh a bhí na Briotanaigh agus na Síónaigh ag tabhairt dóibh.

Roimhe seo, tharla troideanna go minic idir na lonnaitheoirí nua, a bhí ag iarraidh níos mó talaimh, agus na Palaistínigh, a bhí iontach míshásta faoin talamh a chaill siad.

Chuidigh na Briotanaigh leis na Síónaigh grúpaí paraimíleata a chur ar bun lena gcuid feirmeacha a chosaint. Go minic, rinne na grúpaí seo ionsaí ar Phalaistínigh, le níos mó talaimh a ghlacadh.Grúpa de throdaithe Palaistíneacha in 1937


Idir na blianta 1936 agus 1939, thosaigh na Palaistínigh éirí amach in éadan riail na Breataine agus in éadan na Síónaigh a bheith ag glacadh talaimh uathu. Chuir na Briotanaigh, agus na paraimíleataigh Shíónacha an t-éirí amach síos.

Bhí na Palaistínigh ag éirí níos feargaí. Bhí na Síónaigh ag éirí níos mífhoighní – bhí siad ag iarraidh go n-imeodh na Briotanaigh le go dtiocfadh leo a stát féin a bheith acu. Bhí na Briotanaigh ag iarraidh socrú éigin a aimsiú. Ach sa bhliain 1939, thosaigh an Dara Cogadh Domhanda agus bhí ar na Briotanaigh a n-aird a dhíriú ar an chogadh sin.


I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda 

Nuair a tháinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda in 1945, cuireadh grúpa nua ar bun – na Náisiúin Aontaithe. Tháinig siadsan aníos le plean don Phalaistín. Bheadh dhá stát ann. Stát amháin do na Giúdaigh agus stát eile do na Palaistínigh. Ní raibh na Palaistínigh sásta leis an phlean seo nó d’fhágfadh sé go rachadh 56% de thalamh na Palaistíne chuig na lonnaitheoirí Giúdacha. San áireamh anseo, bheadh cuid mhaith den talamh feirmeoireachta is fearr. Bheadh ar na mílte mílte Palaistíneach a dtithe a fhágáil agus a gcuid talaimh a thabhairt ar láimh do na daoine nua seo a bhí díreach tagtha isteach sa tír. Rud eile, an stát nua a bheadh acu, ní bheadh an talamh uilig ceangailte dá chéile go fiú.

Léaráid arna cur in oiriúint ó Al Jazeera


Mar a tharla sé, ní raibh na Síónaigh agus a gcuid grúpaí paraimíleata sásta fanacht leis na Náisiúin Aontaithe lena bplean a chur i bhfeidhm. Bhí plean dá gcuid féin acu. Thosaigh siad ar ionsaí a dhéanamh ar bhailte agus sráidbhailte na bPalaistíneach. Throid siad in éadan na mBriotanach, go fiú, a bhí ag cuidiú leo roimhe seo. Idir 1947 agus 1949, mharaigh siad 15,000 Palaistíneach agus chaill 750,000 Palaistíneach eile a dtithe agus cibé talamh a bhí acu.

Chuaigh dronganna de Shíónaigh tríd an tír, ag cur an ruaig ar na Palaistínigh amach as a dtithe


Tugann na Palaistínigh an Nakba air seo – focal Araibise a chiallaíonn an tubaiste. Taobh istigh de thamall iontach gairid, chaill na céadta míle duine a dteach agus a dtalamh agus fágadh gan faic iad. Ba theifigh iad ina dtír féin.

Bhí ar na Palaistínigh dul chuig campaí móra agus cónaí a dhéanamh i bpuball


Ghlac na paraimíleataigh Shíónacha 78% de thalamh na Palaistíne. Bhí an 22% nach bhfuair siad roinnte idir ceantar a dtugtar ‘An Bruach Thiar’ air agus ceantar eile thart ar chathair Gaza, a dtugtar ‘Stráice Gaza’ air.

Seo an sórt cuma a bhí ar Stát nua Iosrael in 1948


Ar an 15 Bealtaine, 1948 – d’fhógair na lonnaitheoirí go raibh stát nua curtha ar bun acu – Iosrael.

Gach bliain, cuimhníonn muintir na Palaistíne ar an Nakba. Iompraíonn a lán daoine eochair tí – is siombail é seo de na tithe a glacadh uathu






 
 

Creidiúintí

baruil