An Phalaistín agus Iosrael – ó bhunú Stát Iosrael go dtí an lá inniu

An 15ú Samhain, 2023


An Cogadh Iosraelach-Arabach

An lá i diaidh bhunú Stát Iosrael, thosaigh an Chéad Chogadh Arabach-Iosraelach. Ag deireadh an chogaidh sin, i mí Eanáir 1949, rialaigh an Iordáin an Bruach Thiar agus rialaigh an Éigipt stráice Gaza, ach bhí an chuid eile den Phalaistín faoi smacht ag stát nua Iosrael.

Tanc de chuid Iosrael in 1948


Dúirt na Náisiúin Aontaithe go raibh an méid a bhí déanta ag Iosrael agus an méid talaimh a ghlac siad mídhleathach, faoin dlí idirnáisiúnta. D’iarr siad ar Iosrael ligean do na Palaistínigh dul ar ais chuig a dtalamh, ach níor éist Iosrael.

In 1967, d’ionsaigh Iosrael an chuid eile den Phalaistín agus chuir siad an ruaig ar an Iordáin agus ar an Éigipt. Ghlac siad níos mó talaimh agus caitheadh níos mó Palaistíneach amach as a dtithe.

Tanc agus saighdiúirí de chuid Iosrael in Arda Golan in 1967. Tugann na Stáit Aontaithe a lán airgid d’Iosrael leis an trealamh cogaíochta is fearr a cheannach


D’úsáid na hIosraelaigh eitleáin mar seo le haerfhórsa na hÉigipte a scriosadh in 1967. Sin ceann de na fáthanna nár mhair an cogadh ach 6 lá


Na Críocha Faoi Fhorghabháil

Ó 1967 go dtí an lá inniu, tá an Bruach Thiar agus Stráice Gaza faoi dhiansmacht ag Iosrael. Thimpeallaigh a gcuid saighdiúirí an dá cheantar agus rialaíonn siad na rudaí agus na daoine atá ábalta dul isteach agus amach. Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil sé seo mídhleathach agus go bhfuil críocha na bPalaistíneach ‘faoi fhorghabháil’.

Cuir na léarscáileanna thuas i gcomparáid leis an phlean ‘dhá stát’ a bhí ag na Náisiúin Aontaithe

Léaráid arna cur in oiriúint ó Al Jazeera


Má bhíonn Palaistíneach ag iarraidh an ceantar a fhágáil, bíonn air nó uirthi fanacht i scuaine ar feadh uaireanta fada nó rialaíonn na hIosraelaigh gach rud.

Palaistínigh i mbaile Hebron, sa Bhruach Thiar, ag fanacht le saighdiúirí Iosrael ligean dóibh dul tríd an gheata slándála


Stráice Gaza – aontaíonn cuid mhór daoine ar fud an domhain go bhfuil Gaza mar a bheadh príosún ollmhór ann don 2,000,000 duine a chónaíonn ann. Tacaíonn an Bhreatain go láidir le hIosrael, ach go fiú iar-Phríomh-Aire Shasana, David Cameron, dúirt sé in 2010 go raibh Gaza mar a bheadh Campa Géibhinn ann

Léaráid arna cur in oiriúint ó Al Jazeera


Tógann na hIosraelaigh ballaí móra thart ar na ceantair Phalaistíneacha


De réir a chéile, píosa ar phíosa, ghlac Iosrael níos mó talaimh. Chuir siad Palaistínigh amach as a sráidbhailte agus a dtithe agus thug siad do lonnaitheoirí nua iad nó tá cead ag Giúdach ar bith, as áit ar bith sa Domhan, dul go hIosrael agus talamh a fháil.

Tithe nua á dtógáil do lonnaitheoirí ar thalamh Palaistíneach


Síónaigh óga ag spochadh as seanbhean Phalaistíneach atá i ndiaidh a teach a chailleadh


Ó am go chéile, déanann grúpaí armtha difriúla sa Phalaistín iarracht troid ar ais. Déanann siad ionsaí ar Arm Iosrael ach rinne siad ionsaí ar ghnáthdhaoine in Iosrael minic go leor freisin.

Scaoileann Hamas roicéid as Gaza le bailte agus cathracha in Iosrael. Seo roicéad á scaoileadh i mí na Bealtaine, 2023


Bhuail roicéad Palaistíneach an bus seo i mbaile Holon. Scaoil Hamas níos mó ná 100 roicéad an lá sin. Mharaigh siad bean amháin.


Úsáideann Hamas tolláin thíos faoi Gaza le fanacht i bhfolach. Deir Iosrael gur sceimhlitheoirí iad. Deir Iosrael go bhfuil na ballaí agus na sconsaí de dhíth thart ar cheantair Phalaistíneacha le hIosraelaigh a choinneáil sábháilte


Gach uair a tharlaíonn ionsaí mar seo, áfach, tagann Iosrael anuas go trom ar an phobal Phalaistíneach ar fad.

Má dhéanann grúpa as an Phalaistín ionsaí ar Iosrael, déanann Iosrael ionsaí le heitleáin chogaidh agus leagann siad buamaí. Go mion minic, maraíonn na hionsaithe buamála seo cuid mhór gnáthdhaoine agus fágann siad léirscrios ina ndiaidh.


Réiteach ar an fhadhb?

Rinneadh go leor iarrachtaí síocháin a dhéanamh idir an dá thaobh. Tá an chuid is mó de na hiarrachtaí síochána bunaithe ar rud a dtugtar ‘Réiteach Dhá Stát’ air – go mbeadh dhá stát ann taobh lena chéile, Stát Iosrael agus Stát na Palaistíne.

Dúirt na Palaistínigh sa Bhruach Thiar go mbeadh siad sásta le réiteach dhá stát. Ach deir Hamas, an grúpa atá i gceannas ar Ghaza, gur cuireadh stát Iosrael ar bun go mídhleathach. Ba mhaith leo deireadh a chur le Stát Iosrael.

I dtaca leis na hIosraelaigh féin, tá go leor polaiteoirí sa tír nach mbeadh sásta le réiteach dhá stát ach an oiread. Ba mhaith leo stát amháin, Stát Iosrael, a bheadh i gceannas ar an Phalaistín ar fad.

Páiste in Gaza


An Pobal Idirnáisiúnta

Deir go leor grúpaí ar domhan, na Náisiúin Aontaithe, go háirithe, go bhfuil Iosrael ag briseadh an dlí idirnáisiúnta sa dóigh a gcaitheann siad leis na Palaistínigh. Ach, thar thír ar bith eile, faigheann Iosrael cuid mhór tacaíochta agus cuid mhór airgid ó Stáit Aontaithe Mheiriceá. Deir roinnt daoine go n-úsáideann Meiriceá Iosrael leis na tíortha Arabacha a choinneáil faoi smacht. Cibé fírinne atá leis sin, fad is go seasann Meiriceá leo, tá gach cuma ar an scéal go dtig le hIosrael a rogha rud a dhéanamh.

Is féidir an balla a fheiceáil idir áit na nIosraelach agus áit na bPalaistíneach. An mbeidh tíortha móra an Domhain, Meiriceá, an Bhreatain agus an Eoraip, sásta brú a chur ar Iosrael a stát féin a thabhairt do na Palaistínigh?




 
 

Creidiúintí

baruil