Cat Callánach

An 14ú Samhain, 2023


Cat Callánach

Fuaimeanna féilíneacha


An bhfuil cat agat? Nó ar éist tú riamh le cat? Cad iad na fuaimeanna a dhéanann an cat, dar leat? Thiocfadh linn tosú le ‘meamhlach’, an fhuaim ‘míáú’ a dhéanann cat nuair atá rud éigin de dhíth air – bia, b’fhéidir, nó nuair is mian leis tú an doras a oscailt dó. Déanann an cat meamhlach chomh maith le go gcaithfidh muid am leis nó má mhothaíonn sé uaigneach leis féin.

Cat ag meamhlach

Ach an raibh a fhios agat nach ndéanann cait meamhlach lena chéile, de ghnáth? Seo ‘teanga’ nua a chruthaigh na cait nuair a thosaigh siad de bheith ina gcónaí linn. Agus i ngach cás, úsáideann siad é nuair a bhíonn siad ag iarraidh rud éigin uainne! Nach cliste iad, mar chait?

Nuair a fhaigheann cat an rud ba mhaith leis, nó nuair a bhíonn sé sásta, déanann sé ‘crónán’. 

Is minic a dhéanann cat crónán má dhéanann tú peataireacht leis. Agus tá cat i Sasana i ndiaidh curiarracht dhomhanda a shárú i Leabhar Curiarrachtaí Guinness as an chrónán is airde a dhéanamh. Tá Bella 14 bliana d’aois agus tá sí ina cónaí in Cambridgeshire in éineacht le Nicole Spink.

Ag déanamh peataireachta leis an chat

D’aithin Nicole go raibh crónán Bella iontach ard agus d’íoslódáil sí aip leis an fhuaim a thástáil. Chuir sí an fhuaim ar aghaidh chuig Leabhar Curiarrachtaí Guinness agus tháinig siad ar ais ag rá go raibh sé iontach ard ar fad. Thug siad cuairt ar Bella agus nuair a thosaigh Bella ag crónán, dúirt siad gur sháraigh sí an churiarracht. Bhí an crónán níos airde ná 54 deicibeil, sin chomh hard le citeal ag fiuchadh.

Ní i gcónaí a bhíonn fuaim dheas ag an chat. Má bhíonn cait ag troid lena chéile, ligeann siad uaill agus bíonn siad ag siosarnach chomh maith. Ó am go chéile, má bhíonn fearg nó eagla ar chat, déanann sé drantán a chuireann in iúl dúinn gan dul in aice leis nó bíonn sé réidh le troid.

Le plé:

‘Níl sé ceart peataí a choinneáil. Ba chóir do na hainmhithe bheith saor san fhiántas.’ An aontaíonn tú leis an ráiteas sin? Nó an mbaineann cait agus madraí sult as bheith ina gcónaí linn? Cad iad na fadhbanna a bhaineann le peataí nuair nach mbíonn go leor spáis sa teach dóibh? Fágann daoine áirithe a gcuid peataí istigh sa teach nuair a bhíonn siad ag obair. An rud maith é sin, dar leat?


Le déanamh:

Cé acu is fearr leat, cat nó madra? Abair trí chúis a bhfuil ceann acu níos fearr ná a chéile.


An bhfuil cat agat nó an bhfuil aithne agat ar chat? An ndéanann sé rud ar bith saoithiúil? Scríobh trácht lena chur in iúl dúinn. Má tá cat agat b’fhéidir go dtiocfadh leat na fuaimeanna éagsúla a dhéanann sé/sí a thaifeadadh le seinm do do rangsa. An aithníonn tú cén rud ba mhaith le do chat nuair a dhéanann sé/sí crónán, meamhlach, drantán, nó siosarnach? 


Tá ráiteas sa Ghaeilge, ‘Ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán’. Faigh amach cad is ciall leis an ráiteas seo.


Seachtain na hEolaíochta

In amanna, déanann bitheolaithe staidéar ar iompar ainmhithe – mar shampla, an dóigh ar fhorbair cait teanga speisialta do na daoine. An dtig leat smaoineamh ar ainmhithe eile a mbíonn iompar difriúil acu agus iad thart ar dhaoine? Cén fáth a dtarlaíonn sé seo i do bharúil? Ar mhaith leatsa staidéar a dhéanamh ar iompar ainmhí ar bith? Cén ceann agus cén fáth?




baruil