Seachtain na hEolaíochta

An 13ú Samhain, 2023


Cuidíonn an eolaíocht linn ar chuid mhór bealaí difriúla


Seo seachtain na heolaíochta. Is seachtain é seo nuair a dhírímid aird ar an eolaíocht agus ar na bealaí difriúla a bhfeabhsaíonn an eolaíocht ár saol.

Baineann dochtúirí úsáid as an eolaíocht le cuidiú le daoine


Tá baint idir na focail eolaíocht agus eolaí agus an focal eolas. Bíonn eolaithe ag iarraidh eolas a fháil ar an dóigh a n-oibríonn an chruinne, agus an domhan agus gach rud ann. Tá a lán cineálacha difriúla eolaíochta ann agus déantar ceiliúradh ar gach sórt eolaíochta le linn sheachtain na heolaíochta.

Cuidíonn an fhisic linn eolas a chur ar an Ghrianchóras*

Léaráid idirghníomhach © 2012 Julian Garnier


De ghnáth, nuair a smaoinímid ar an eolaíocht, is iad ‘na heolaíochtaí nádúrtha’ a thagann chun cinn. Seo an staidéar ar na rudaí a tharlaíonn go nádúrtha sa domhan thart timpeall orainn agus taobh istigh dár gcorp féin.

🔭 Baineann an fhisic leis an staidéar ar fhórsaí. Mar shampla, cad chuige a dtiteann rudaí go talamh. Cén fáth a snámhann rudaí áirithe ar uisce? Cad iad na fórsaí a chruthaigh na pláinéid agus na réaltaí?

Baineann an fhisic le fórsaí  – an maighnéadas, mar shampla


🧪 Baineann an cheimic leis na ceimiceáin uilig sa saol agus an dóigh a mbíonn siad ag idirghníomhú le chéile. Mar shampla, má fhágann tú do rothar amuigh faoin aer, an dóigh a n-oibríonn an ocsaigin, atá in uisce na fearthainne, agus an miotal le chéile le meirg a dhéanamh.

Míníonn an cheimic an mheirg a thagann ar do rothar má fhágann tú amuigh faoin aimsir é



🧬 Baineann an bhitheolaíocht le gach rud beo, ó na frídíní beaga aníos go dtí plandaí agus crainn agus ansin na hainmhithe uilig – muid féin san áireamh!

Sa bhitheolaíocht, déanann tú staidéar ar rudaí beo



Tá cineálacha eile eolaíochta ann fosta, ar ndóigh. Is cineál eolaíochta í an mhatamaitic, mar shampla. Tugtar síceolaíocht ar an eolas a bhaineann leis an dóigh a n-oibríonn ár n-inchinn agus an dóigh a mbímid ag smaoineamh. Pléann an ríomheolaíocht le ríomhairí, rud atá iontach tábhachtach sa lá atá inniu ann. 

Baineann an tsíceolaíocht leis an dóigh a n-oibríonn an inchinn


Is rud maith é eolas a bheith againn faoin saol, nó nuair a thuigimid an dóigh a n-oibríonn rudaí, bíonn seans níos fearr againn fadhbanna a réiteach nuair nach n-oibríonn rudaí i gceart. Mar sin, an tseachtain seo, agus tú ag amharc thart timpeall ort féin – smaoinigh mar a bheadh eolaí ann. Fiosraigh, agus foghlaim!


Le déanamh agus le plé

🧪 Amharc ar an fhíseán seo a rinne scoláirí as Gaelscoil Riabhach i gContae na Gaillimhe. Rinne siad an físeán lena chur isteach ar an chomórtas ‘Reel Life Science’ in 2021 – agus bhain siad an chéad duais! Breathnaígí ar an fhíseán agus feicfidh sibh cén fáth!



🧪 Gheobhaidh sibh níos mó eolais ar Reel Life Science anseo: ReelLifeScience 

B’fhéidir go dtiocfadh libh féin cur isteach ar an chomórtas i mbliana? Cén topaic a bheadh agaibh? (D’fhéadfadh sibh €1000 a bhaint!)


🧪 Cén eolaíocht is mó a bhfuil spéis agatsa inti agus cén fáth? 



baruil