Origami

An 10ú Samhain, 2023


An bhfuil mórán ar eolas agaibh faoin Origami? Is é atá i gceist leis ná seanstíl cheardaíochta a bhfuil dlúthbhaint aige le cultúr na Seapáine. Bíonn ceiliúradh á dhéanamh ar an stíl cheardaíochta seo fud fad an domhain ar an 11ú lá de mhí na Samhna. Tagann an t-ainm ó na focail Seapáinise ‘oru’ (filleadh) agus ‘kami’ (páipéar).

Seo an cruth atá ar thír na Seapáine - an féidir leat í a aimsiú ar léarscáil an domhain?


Fadó, nuair a rinne muintir na Seapáine rudaí a chruthú le Origami, níor úsáid siad ach aon phíosa amháin de pháipéar cearnógach. Ach, sa lá atá inniu ann, tá stíl eile ann darb ainm ‘origami modúlach’, ina mbaintear úsáid as a lán píosaí beaga páipéir den mhéid chéanna chun aon struchtúr mór a chruthú. (Caithfidh tú na píosaí a ghreamú dá chéile tríd an fhilleadh - níl cead agat glae a úsáid!)  

Seo sampla de shaothar ealaíne déanta as Origami modúlach


Is féidir an iliomad cruthanna a dhéanamh tríd an Origami - cruthanna tríthoiseacha Matamaiticiúla, nó éin, nó eitleáin, srl. 

 Seo é an grús déanta le horigami


D’ainneoin go bhfuil an clú ar mhuintir na Seapáine as Origami a chruthú, ní fíor gur cuireadh tús leis sa tír sin, áfach. Déanta na fírinne, is ón tSín a tháinig sé i dtús báire mar gur ansin a céadchruthaíodh páipéar, thart ar chéad bliain sular rugadh Críost. Tháinig trádálaithe ón tSeapáin chun na Síne agus bhí an-dúil acu sa rud nua sin, páipéar.

Is sa tSín a céadchruthaíodh páipéar


Ghlac na trádálaithe seo cuid de ar ais chun na Seapáine, chomh maith leis na chéad smaointe faoi pháipéar a fhilleadh. Ach, ag an am sin, bhí páipéar iontach costasach ar fad agus ní raibh sé ar fáil ach amháin ag na daoine is saibhre nó ag na huaisle reiligiúnacha.  

D'úsáid na manaigh Bhúdaíocha páipéar mar thabhartais i rith na searmanas s'acu


Is dócha gurb iad manaigh Bhúdaíocha a rinne na chéad iarrachtaí le hOrigami sa tSeapáin. D’úsáid siadsan iad mar shiombailí agus mar thabhartais ina gcuid searmanas creidimh. Ar feadh na gcéadta bliain, bhí an Origami coitianta i measc na mban is saibhre sa tSeapáin. Shíl siad gur caitheamh aimsire maorga a bhí ann, agus bhí an páipéar go fóill ródhaor don ghnáthdhuine.  

Chleacht na mná uaisle sa tSeapáin origami fadó 


Is é an grús ceann de na cruthanna is minice a dhéantar san Origami sa tSeapáin. I gcultúr na tíre sin, is éan mistéireach é an grús agus creideadh go maireann sé ar feadh míle bliain! Mar sin de, is siombail é den ádh agus den fhadsaol. Creidtear fosta i dtraidisiúin na Seapáine gur féidir leat mian a dhéanamh a fhíorófar má dhéanann tú aon mhíle grús páipéir agus iad uilig a chomhcheangal le chéile ar aon sreangán!

Ádh mór oraibh leis sin! 

(B'fheidir gur léigh tú an leabhar seo faoin ghrús gorm?) 


Le déanamh:  

Bain triail as roinnt chruthanna nó figiúirí origami a dhéanamh agus seol pictiúr isteach chugainn (eolas@leighanois.com).  

Aimsigh an tSeapáin agus an tSín ar léarscáil an domhain.  

Bailigh eolas ar an ghrús agus cruthaigh tuairisc faoi. (Faigh amach cá fhad a mhaireann siad, chomh maith le fíricí eile agus tarraing pictiúr de cheann).


baruil