Fíricí faoin Chrosóg Mhara

An 7ú Samhain, 2023


 


𓇼 Is eicínideirmeach í an chrosóg mhara. Tagann an t-ainm seo ón tsean-Ghréigis ekhînosgráinneog, nó ‘spíonach’, agus an Laidin dermcraiceann. Mar sin, ainmhithe a bhfuil craiceann spíonach acu.

Eicínideirmeach eile ná an súmaire cladaigh (chun tosaigh)


Ainmhí eile sa ghrúpa seo ná an cuán mara – feicimid iad go minic ar na carraigeacha cois trá in Éirinn. Ainm eile atá orthu ná an ghráinneog thrá!

Cuáin mhara nó gráinneoga trá (feiceann tú áit a bhfuair siad a n-ainm!)


𓇼 Níl inchinn ag an chrosóg mhara ach tá súile aici! Bíonn súil amháin ag deireadh gach méire ag an chrosóg mhara. Níl an radharc rómhaith aici ach cuidíonn na súile léi bia a aimsiú agus a bealach a dhéanamh tríd an fharraige.

Tá súil amháin ag bun gach méire. Má leagann tú lámh ar chrosóg mhara, beidh tú ábalta an craiceann spíonach a mhothú.


𓇼 Níl fuil ag an chrosóg mhara, úsáideann sí uisce na farraige le cothaithigh a iompar thart ar a corp.


𓇼 Má chailleann crosóg mhara méar nó cuid dá méar, bíonn sí ábalta méar nua a fhás!

Ná bí buartha – fásfaidh méar eile!



𓇼 Tá na céadta cos beag bídeach ag an chrosóg mhara ar gach méar. Líonann sí na cosa seo le huisce le cuidiú léi bogadh.


𓇼 Tá béal beag bídeach ag an chrosóg mhara ar an taobh thíos dá ‘corp’ (nó dá cloigeann!). Más mian le crosóga mara rudaí níos mó a ithe, tá cleas iontach speisialta acu. Thig leo greamú dá gcuid bia agus an bia a bhriseadh síos ar an taobh amuigh dá gcorp. Ansin, súnn siad na píosaí níos lú isteach tríd an bhéal!

Crosóg mhara ag ithe a dinnéir! Amharc go géar agus feicfidh tú na cosa beaga




Obair Foclóra

Tá ainm iontach suimiúil ag an súmaire cladaigh (an t-eicínideirmeach eile thuas ag barr an leathanaigh). Úsáid an cnaipe ‘Ceangail leis an fhoclóir’ agus fiosraigh an t-ainm.


baruil