An bhfuil Makaton agat?

An 30ú Deireadh Fómhair, 2023


An cuimhin libh an t-alt a bhí againn faoi Theanga Chomharthaíochta na hÉireann? Bhuel, is cineál de theanga chomharthaíochta eile é Makaton. Tá an Makaton iontach oiriúnach do pháistí óga. Tá sé cosúil le teanga chomharthaíochta eile atá againn anseo darb ainm Lámh.

Tá na comharthaí in Makaton agus Lámh níos simplí ná na comharthaí sa ghnáth-Theanga Chomharthaíochta


Is teangacha iad seo atá níos éasca a fhoghlaim do pháistí níos óige. Bíonn níos lú comharthaí sna teangacha comharthaíochta seo agus bíonn sé níos éasca na lámha agus na méara a bhogadh leis na comharthaí a dhéanamh.

Tá na páistí i Naíscoil Bheanna Boirche i gCaisleán Uidhilín i gContae an Dúin iontach maith ag an Makaton. D’fhoghlaim siad amhrán Makaton/Gaeilge go fiú!


D’fhoghlaim siad a lán focal Makaton freisin – an féidir leatsa aon cheann acu a dhéanamh leis na lámha?


An mbíonn sibhse ag foghlaim MakatonLámh ar scoil – ba bhreá linn bhur gcuid físeán a fheiceáil!

Seol isteach chugainn iad: eolas@nuachtanois.com!


baruil