Fáilte roimh an bhabaí úr

An 25ú Deireadh Fómhair, 2023


Rugadh ainmhí iontach speisialta ar na mallaibh. Níl mórán meacaicí Barbaracha fágtha ar domhan. Is speiceas é seo atá go mór i mbaol agus bíonn daoine ag déanamh a ndícheall an speiceas a choinneáil beo. Dea-scéal atá ann, mar sin, gur rugadh babaí den speiceas seo atá i mbaol i nDún na nGall an tseachtain seo a chuaigh thart.

Meacaic Bharbarach i nGiobráltar

Níl a fhios ag lucht Éire Fhiáin/Wild Ireland, an áit ar rugadh an babaí, cé acu meacaic bhaineann nó meacaic fhireann atá ann. Ach tá áthas an domhain orthu gur rugadh an babaí meacaice. Tá na meacaicí Barbaracha in oiriúint don fhuacht agus mothaíonn siad compordach i nDún na nGall. Tá cúig mheacaic Bharbaracha ina gcónaí i bPáirc Éire Fhiáin anois.


Tugtar ‘Príomhaigh’ ar ainmhithe mar mhoncaithe, ápaí, léamair, meacaicí agus daoine. Taobh amuigh de na daoine, is í an mheacaic Bharbarach an t-aon phríomhach atá ar fáil go nádúrtha san Eoraip. Choinnigh na taoisigh a bhí ina gcónaí in Eamhain Mhacha meacaicí Barbaracha mar pheataí 2,500 bliain ó shin!

Cineálacha éagsúla de phríomhaigh. Cá mhéad acu a thig leat a ainmniú?

Deir an pháirc nár chóir meacaicí Barbaracha a choinneáil mar pheataí sa lá inniu. Na meacaicí atá sa pháirc, is meacaicí iad a shábháil daoine ó shorcais nó ó dhaoine a choinnigh iad mar pheataí. Ar an drochuair, tá an áit a mbíonn meacaicí Barbaracha ina gcónaí faoi bhrú le scrios na foraoise. Chomh maith leis sin, tá siad faoi bhagairt ó phóitseálaithe – daoine a dhéanann seilg orthu leis na meacaicí óga a dhíol. Síleann eolaithe go bhfuil níos lú ná 10,000 meacaic Bharbarach fágtha san fhiántas.


Le plé:

Amharc ar an phictiúr den mheacaic Bharbarach san alt seo. Cén dóigh, dar leat, a bhfuil sí in oiriúint don fhuacht? Pléigh do fhreagra i ngrúpa. An raibh an freagra céanna ag gach duine?


Cuir grúpa le chéile le líon na meacaicí Barbaracha a phlé. Scríobh plean gnímh le cuidiú leo. Cén dóigh ar féidir deireadh a chur leis an phóitseáil agus scrios na gnáthóige s’acu.


Ní féidir leis na hainmhithe a shábháil Éire Fhiáin/Wild Ireland maireachtáil san fhiántas anois nó níl siad cleachta leis. Cad iad na rudaí atá de dhíth ar ainmhithe san fhiántas? Cuir sin i gcomparáid leis na rudaí atá ar fáil i zú. Cad iad na rudaí nach mbeadh ar fáil sa zú? Cad is féidir leis na coimeádaithe zú a dhéanamh le gnáthóg níos oiriúnaí a dhéanamh do na hainmhithe. Pioc ainmhí amháin.




baruil